RTÉ: Obair na Bliana 2022

An Chóir a Chúiteamh

RTÉ Toy Show Appeal – D’athraigh sé saol leanaí ar fud oileán na hÉireann

Is féidir Tuarascáil Tionchair an RTÉ Toy Show Appeal a fheiceáil anseo

www.communityfoundation.ie/images/uploads/pdfs/Toy-Show-Appeal-Report-Screen.pdf

Ag tacú le leanaí ar RTÉ 2FM

Chuaigh RTÉ 2FM i gcomhpháirtíocht le Keary’s Motor Group i mí na Samhna chun comórtas a reáchtáil ar mhaithe leis an gcarthanas náisiúnta, Childline, a d’fhreagair do bhreis is 100,000 leanbh i ngátar anuraidh. Agus an comórtas á chur chun cinn ar fud na gcláracha ar fad, bailíodh €47,000 ar an iomlán leis an bhfeachtas.

Dúirt Dan Healy, Ceannasaí RTÉ 2FM agus Straitéise Raidió:Tá 2FM ag tacú go mór le Childline agus leis an obair iontach a dhéanann siad le roinnt blianta anuas, agus tá ríméad orainn a bheith in ann an oiread sin airgid a bhailiú chun tacú le leanaí na hÉireann sa tréimhse roimh an Nollaig. Gabhaimid buíochas mór lenár n-éisteoirí ar fad a chuir isteach ar an gcomórtas agus a thug airgead chun tacú le cúis thar a bheith fiúntach.”

Ag Tacú le Seachtain Feasachta Seas an Fód ar fud RTÉ 2FM

Thacaigh RTÉ 2FM arís le Seachtain Feasachta Seas an Fód don cheathrú Bliain as a chéile a bhí ar siúl ón 14ú-18ú Samhain. Eagraíonn Seirbhísí Óige BeLonG To Seachtain Feasachta Seas an Fód agus spreagann siad scoileanna dara leibhéal, seirbhísí óige agus Ionaid Ógtheagmhála in Éirinn chun seasamh a ghlacadh i gcoinne na bulaíochta atá homafóbach, défhóbach agus trasfhóbach.

Is eagraíocht náisiúnta é Seirbhísí Óige BeLonG To a thacaíonn le daoine óga leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha agus idirghnéasacha (LADTA+) in Éirinn. I rith na seachtaine, bhí agallaimh agus scéalta ó úsáideoirí seirbhísí BeLonG To le cloisteáil ar 2FM.

Climb with Charlie

Mar thacaíocht dár gcara agus dár gcomhghleacaí, Charlie Bird, ina chuid iarrachtaí iontacha chun airgead a bhailiú agus feasacht a mhéadú ar an nGalar Néarón Luadrach trína fheachtas bailithe airgid Climb with Charlie ar Chruach Phádraig. Roimh an ócáid, d’eisigh Michael English agus Ceolfhoireann Coirme RTÉ singil charthanachta an-speisialta, ‘Climb with Charlie’ ina raibh go leor de chairde agus de chomhghleacaithe Charlie in RTÉ. Ghlac comhghleacaithe ar fud na heagraíochta páirt san imeacht Climb with Charlie a bhailigh os cionn €2 mhilliún do Pieta House agus do Chumann Galar Néarón Luadrach na hÉireann.

Tacú le Feachtas Chorn na hAfraice de chuid an Irish Emergency Alliance

Tá breis is 20 milliún leanbh, bean agus fear – beagnach trí oiread dhaonra oileán na hÉireann – ag fáil bháis leis an ocras san Aetóip, sa Chéinia agus sa tSomáil. Tar éis ceithre shéasúr d’easpa báistí le dhá bhliain anuas, tá páirteanna den Aetóip, den Chéinia agus den tSomáil ag tabhairt aghaidh ar an triomach is measa le 40 bliain. Mar fhreagra ar an ngéarchéim, thacaigh RTÉ le hAchainí Speisialta an Irish Emergency Alliance trí fhógra speisialta seirbhíse poiblí a chur ar fáil agus a craoladh le linn an chéad bhriseadh fógraíochta sa Six-One News ar RTÉ One ar an 14ú Meán Fómhair.

Litearthacht sna Meáin & Cibearshlándáil Leanaí

Chun tacú leis an Lá le haghaidh Idirlíon níos Sábháilte, thaispeáin RTÉ sraith nua de Alva’s World ar RTÉjr. Léirithe ag an gcuideachta Éireannach Kavaleer, is seó beochana spraíúil, magúil é Alva’s World, an chéad cheann dá leithéid, do pháistí réamhscoile a bhfuil sé mar aidhm aige canóin nua finscéalta a chruthú don ré dhigiteach, ag cur sábháilteacht idirlín, comhbhá agus litearthacht sna meáin i gcroílár a scéalaíochta atá cruthaitheach agus meidhreach.

Tráth a bhfuil go leor leanaí níos óige ar líne níos mó ná riamh, déanann Alva’s World iniúchadh ar théamaí a forbraíodh i gcomhar le CyberSafe Kids agus Crandall Consulting i bhfoirm scéalta draíochta chun iompar cuí ar líne a mhúineadh do pháistí, idirghníomhaíocht ina measc, chomh maith lena réiteach d'fhadhbanna coitianta óige a d’fhéadfaidís teacht orthu ar na meáin shóisialta.

Ó seoladh é ar RTÉjr i mí Mheán Fómhair 2021, tá Alva’s World ar taispeáint ar SkyKids (an Ríocht Aontaithe), MBC Shahid (an Araib Shádach), Kids Network Television (na tíortha Baltacha, an Rúis), YLE (an Fhionlainn) agus ABC (an Astráil) i measc críocha eile.

RTÉ Ag Tacú leis na hEalaíona

Thacaigh RTÉ le níos mó ná 150 imeacht ealaíon, cultúrtha agus pobail in 2022 trí scéim RTÉ Ag Tacú leis na hEalaíona. Is ionann é seo agus an figiúr bliantúil is airde riamh i stair na scéime – léiriú ar éagsúlacht agus ar bheocht earnáil na n-ealaíon agus an chultúir ar fud na hÉireann agus imeachtaí ar ais mar a bhí ar feadh na bliana agus an lucht féachana ag filleadh arís. Trína thionscnamh uathúil Ag Tacú leis na hEalaíona, tá RTÉ i gcomhpháirtíocht arís leis an iliomad imeachtaí áitiúla agus náisiúnta, idir thaispeántais agus léiriúcháin damhsa agus imeachtaí agus féilte amharclannaíochta agus ceoil áitiúla, agus go leor eile.