RTÉ: Obair na Bliana 2022

Cúnamh Taca don Phobal

Tá RTÉ tugtha do chúnamh a thabhairt do phobail áitiúla a gcuid scéalta a chur in iúl, a gcuid cruthaitheachta a thabhairt chun cinn agus a gcuid tuairimí féin a chur i láthair.

Cruinniú na nÓg

Bhí RTÉ ina chomhpháirtí bródúil do Chruinniú na nÓg 2022. Bhí níos mó ná 450 imeacht cruthaitheach saor in aisce ann do dhaoine óga ar fud na tíre mar chuid den ócáid, le hocht n-ardán de cheol beo, 12 thob-thaibhiú damhsa, agus ceardlanna tosaigh amharclannaíochta ar fud na tíre. Scaipeadh 5,000 liathróid lámhchleasaíochta do thosaitheoirí ar fud na tíre, le ceithre cheardlann sorcais i dTiobraid Árann, i gCorcaigh, i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh.

Éire don Úcráin

Tháinig grúpa de phríomh–eagraíochtaí meán na hÉireann – RTÉ san áireamh – le chéile in 2022 chun comhpháirtíocht gan fasach a bhunú, ag seoladh feachtas tiomsaithe airgid poiblí, ‘Éire don Úcráin’. Bhí sé mar aidhm ag an bhfeachtas ciste ríthábhachtach a bhailiú dóibh sin a raibh tionchar ag an gcoimhlint orthu, chomh maith leo sin a cuireadh as seilbh. Bhí an tionscnamh le feiceáil ar fud na meán raidió, teilifíse, clóite agus ar líne áitiúil agus náisiúnta, agus ghlac an carthanas cláraithe The Community Foundation for Ireland leis an airgead uile a bailíodh.

Ag tacú go fíorúil le Eolaí Óg BT 2022

I mí Eanáir 2022, mar a bhí fíor le go leor tionscnaimh eile, d’óstáil Taispeántas Eolaí Óg agus Teicneolaíochta BT imeacht fíorúil ar btyoungscientist.com agus bhí RTÉ ann arís chun tacú le scoileanna na hÉireann le seastán fíorúil a thug ardán d’ábhar teilifíse, raidió, ar líne agus podchraolta.

Las na Soilse

D’fhill Féile Drámaíochta Uile-Éireann RTÉ mar chomórtas ar an láthair in am dá cheiliúradh 70ú bliain ar an bhfód. Bhí 33 féile drámaíochta ar fud oileán na hÉireann sa chamchuairt cháilitheach, agus grúpaí ag iarraidh áit a bhaint amach sa bhabhta cinniúnach Uile-Éireann. Bhí na hiomaitheoirí ar an stáitse i mBaile Átha Luain, nuair a tháinig grúpaí drámaíochta as Corcaigh, Baile Átha Cliath, Port Láirge, Loch Garman, Dún na nGall agus Cill Dara le chéile os comhair bhruachshoilse Amharclann Dean Crowe.

Seaimpíní Digiteacha na Scoileanna

Bhí mórtas ar RTÉ leanúint lena thacaíocht do Chlár Seaimpíní Digiteacha na Scoileanna, arna mhaoiniú agus arna reáchtáil ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide i gcomhar leis an Roinn Oideachais le seacht mbliana anois. In ainneoin bliain dhúshlánach eile, ghlac thart ar 200 scoláire ó scoileanna dara leibhéal ar fud na hÉireann páirt, trí Zoom, in Ócáid Taispeántais Chlár Sheaimpíní Digiteacha na Scoileanna, a chuir Laura Fox ó RTÉ 2FM i láthair, agus roinn siad cuid de na tionscadail a bhí déanta acu mar chuid de chlár 2022.