RTÉ: Obair na Bliana 2022

Ár gCuid Oibríochtaí a Ghlasú
Ag obair i dtreo RTÉ níos inbhuanaithe
Léiriúcháin níos inbhuanaithe
Mar chuid dá iarrachtaí a oibríochtaí foriomlána a dhéanamh níos inbhuanaithe, lean RTÉ de Thionscadal Albert a fheidhmiú, clár atá á bhainistiú ag BAFTA agus atá leagtha amach chun tacú le déanamh cláracha níos inbhuanaithe. Bunaithe in 2011, tacaíonn albert leis an tionscal Scannán agus Teilifíse domhanda chun tionchair timpeallachta an léiriúcháin a laghdú agus chun ábhar a chruthú a thacaíonn le fís do thodhchaí inbhuanaithe.
Bhain 111 clár san iomlán de chuid RTÉ deimhniúchán albert amach in 2022, lena n-áirítear na sraitheanna seo a leanas:
- The Late Late Show (sraith 2022 / 2023)
- The Today Show (leanúnach)
- Prime Time (sraith 2022 / 2023)
- 3 x Prime Time Climate Specials
- Ask Me Anything (sraith 2022)
- The Main Stage (sraith 2022)
- Cloch Le Carn, Scannal agus Gafa (2022)
Bainistiú fuinnimh
Tá RTÉ tar éis é féin a bhunú mar cheannródaí laistigh den earnáil phoiblí trí na spriocanna atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Éifeachtúlacht Fuinnimh (NEEAP) a shárú agus trí bheith ar an gcéad chraoltóir in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe a bhain an caighdeán idirnáisiúnta bainistithe fuinnimh ISO50001 amach i mí Feabhra 2021.
Mar chuid den phróiseas ISO 50001, coinníonn RTÉ Clár Deiseanna faoi athbhreithniú go leanúnach ina n-aithnítear agus ina ndéantar measúnú ar dheiseanna éifeachtúlachta fuinnimh spriocdhírithe.
I mí Feabhra 2022, chuir Maoin & Seirbhísí RTÉ tionscadal i gcrích chun an soilsiú a uasghrádú in Ionad Raidió RTÉ ar ár gcampas i nDomhnach Broc. Bhain an tionscadal le 681 daingneán solais a bhaint agus soilse LED atá níos tíosaí ar fhuinneamh a chur ina n-áit, ach freisin líon iomlán na bhfeistiú solais a laghdú faoi 308. Laghdóidh an t-uasghrádú agus an laghdú seo ar shoilseáin ár n-úsáid leictreachais faoi níos mó ná 290,000kWh, arb ionann é agus 552,800kg Carbóin (CO2e) in aghaidh na bliana.
In 2022, dhírigh an Fhoireann Fuinnimh ar uasghrádú a dhéanamh ar sheanchórais aerchóirithe san Fhoirgneamh Teilifíse ar ár gcampas i nDomhnach Broc go gaothráin leanúna agus rialaitheoirí nua-aimseartha CL. Mar thoradh air sin, sábháladh thart ar 70% d’fhuinneamh don chóras áirithe sin.
Cé gur príomhghné dár gcóras bainistithe fuinnimh é ár n-úsáid fuinnimh a laghdú, tá 50kw de ghiniúint fótavoltach (PV) suiteáilte againn freisin ar dhíon Stáitse 7 ar ár gcampas i nDomhnach Broc. D'fhéadfadh an córas seo an méid leictreachais ar fad a úsáidimid i bhfoirgneamh Stáitse 7 a chúiteamh suas le 10-12%.
Bainistiú dramhaíola
Níor cuireadh aon dramhaíl de chuid RTÉ i líonadh talún ó 2017 agus tá próisis éifeachtacha bainistithe agus coiscthe dramhaíola fós ag cur le laghdú foriomlán ar dhramhaíl. Cuirtear an tábhacht a bhaineann le dramhaíl a chosc agus a dheighilt chun cinn go gníomhach le polasaí ‘athchúrsáil ag an bhfoinse’. Ba 297 tona a bhí i dtonnáiste iomlán dramhaíola RTÉ in 2022, laghdú 40% i gcomparáid le 2019.
Bithéagsúlacht
Cruthaíodh limistéir nua a thacaíonn le pailniú ar fud champas RTÉ i nDomhnach Broc agus tá RTÉ ina rannpháirtí deimhnithe i bplean Phailneoirí Uile-Éireann.
Uisce
Tá sé mar aidhm ag RTÉ tacú le huaillmhianta náisiúnta caomhnaithe agus cosanta uisce. Tá méadar anois ar níos mó ná 95% de na príomhfhoirgnimh áiseanna chun cur amú uisce a laghdú.
Ba ionann an t-uisce nach raibh cuntas air (neamh-mhéadraithe/sceitheadh) in 2022 ar shuíomh Dhomhnach Broc agus 20% den uisce iomlán a úsáideadh mar gheall ar mheascán de mhéadrú breise agus deireadh curtha le sceitheadh laistigh den líonra trí fheabhsúcháin ar an bpíobán uisce príomhlíonra. Tá laghdú 10% tagtha ar úsáid uisce an phríomhlíonra le ceithre bliana anuas.
Ag obair i gcomhar le chéile chun difríocht a dhéanamh
- Tá RTÉ ina shínitheoir leis an nGealltanas Ísealcharbóin, atá á reáchtáil ag Business in the Community Ireland.
- Tá RTÉ ina shínitheoir le Marc Gnó Business in the Community Ireland agus tá sé deimhnithe don mharc seo mar gheall ar inbhuanaitheacht (bunaithe ar chaighdeáin ISO 26000 ar dtús agus fíoraithe ag an Údarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann).
- Tá RTÉ ina shínitheoir ar Chairt Treochlár Inbhuanaitheachta Údarás Craolacháin na hÉireann agus tá sé tugtha do bheith ag obair go comhoibríoch laistigh d’earnáil náisiúnta meán agus scáileáin na hÉireann chun bealaí a aimsiú inar féidir dlús a chur leis an aistriú chuig táirgeadh astaíochtaí níos ísle.
- Tá RTÉ ina bhall den Chomhghuaillíocht Screen Greening.
- Tá RTÉ ina bhall de Chomhghuaillíocht Inbhuanaitheachta Aontas Craolacháin na hEorpa, ag obair le piar-eagraíochtaí sna meáin ar fud na hEorpa chun bealaí a iniúchadh inar féidir le craoltóirí ról ceannaireachta a imirt in athchóiriú léirithe craolacháin, agus tuiscint ar an aeráid agus gníomhaíocht aeráide a chur chun cinn don lucht féachana