RTÉ: Obair na Bliana 2022

An Chruth-aitheacht a Chothú in Éirnn
An chruthaitheacht a spreagadh agus tacú léi ar fud na hÉireann.
Comórtas Gearrscéalta RTÉ
Ba é Big Why, Little Why le Brendan Killeen an scéal a bhuaigh Comórtas Gearrscéalta RTÉ i mbliana in ómós do Francis MacManus. Ba í an moltóir Lisa McInerney a rinne an fógra ag ócáid speisialta bheo de chuid RTÉ Radio 1 Arena do Ghearrscéalta RTÉ a chuir Sean Rocks i láthair in Amharclann an Pavillion i nDún Laoghaire agus a craoladh beo ar RTÉ Radio 1 mar chuid de chlár speisialta Arena.
Junk Kouture: Á Thacú ag RTÉ
Chuaigh Junk Kouture, an t-ardán Éireannach mór le rá um léiriú, cruthaitheacht agus inbhuanaitheacht na n-óg, i gcomhar le RTÉ arís. Vótáil an pobal dearadh Zuzanna Cieslewicz, ‘Ex Static’, mar Chuireadh Speisialta RTÉ agus chuaigh sí ar aghaidh chun an áit dheireanach a thabhairt léi i mBabhta Ceannais Junk Kouture an Domhain in Abú Daibí. Ní faoi inbhuanaitheacht agus dearadh den scoth amháin é Junk Kouture Arna Thacú ag RTÉ, is faoi na daoine a ghlacann páirt ann, an inspioráid is bunús leis na dearaí, agus a bheith cumasaithe tríd an gcruthaitheacht freisin é.
This is Art!
D’fhógair Clár Éire Ildánach agus RTÉ buaiteoirí an dara comórtas náisiúnta This is Art! a dhéanann ceiliúradh ar ealaíontóirí óga de gach cumas. Ba as Co. Chorcaí, Co. Chill Mhantáin, Co. Loch Garman agus Co. Mhaigh Eo na buaiteoirí agus de réir phainéal neamhspleách na moltóirí, bhí caighdeán na n-iontrálacha thar a bheith ard arís, ar fud na gcatagóirí aoise.
RTÉ Eye on Nature
Fógraíodh gurbh é an íomhá álainn d’Iora Rua a thóg Jimmy Mc Donnell as an gCaisleán Nua i gCo. Chill Mhantáin an buaiteoir foriomlán i gcomórtas grianghrafadóireachta fiadhúlra Eye On Nature RTÉ. Sheol RTÉ agus Garraithe Náisiúnta na Lus le hOifig na nOibreacha Poiblí comórtas 2022 ar Mooney Goes Wild ar RTÉ Radio 1 agus The Today Show ar RTÉ One. Ag ceiliúradh fhlóra agus fhána ár n-oileáin, bhí an-tóir go deo ar an gcomórtas, agus seoladh níos mó ná 3,000 grianghraf ar aghaidh chugainn.
RTÉ Ag Tacú leis na hEalaíona
Tháinig na healaíona ar ais faoi lán seoil in 2022, agus bhí RTÉ Ag Tacú leis na hEalaíona ar fáil chun tacú le 150 imeacht ealaíon agus cultúir áitiúil, réigiúnach, pobail agus náisiúnta ar fud an oileáin in 2022. Cuireann an scéim meascán de thacaíochtaí fógraíochta ag am craolta ar fáil, ar an teilifís, ar an raidió, ar an ardán digiteach agus ar na meáin shóisialta.
RTÉ Choice Music Prize 2022
Rinneadh ceiliúradh ar an gcuid is fearr de cheol taifeadta na hÉireann arís leis an 17ú bliain den RTÉ Choice Music Prize. Bhuaigh Dermot Kennedy Amhrán Éireannach na Bliana de chuid an RTÉ Choice Music Prize, agus bronnadh an duais d’Albam Éireannach na Bliana 2021 de chuid an RTÉ Choice Music Prized ar For Those I Love as an albam For Those I Love (September Recordings).