RTÉ: Obair na Bliana 2022

Breis Rochtana, Breis Foghlama
Tá RTÉ tugtha d’fheabhas a chur ar sheirbhísí rochtana agus do dheiseanna tairbheacha oideachais a chur ar fáil do shaoránaigh.
Seachtain Feasachta ar Theanga Chomharthaíochta na hÉireann (ISL) (Dé Luain - Dé Domhnaigh 19 - 25 Meán Fómhair)
Rinne RTÉ Seachtain Feasachta ar Theanga Chomharthaíochta na hÉireann a chomóradh in 2022 le roinnt cláracha agus ábhar ISL speisialta ar fud ár seirbhísí i rith na seachtaine. Idir Nationwide ar an Luan, an 19 Meán Fómhair, a chuimsigh ISL ar RTÉ One agus an RTÉ Player agus rannpháirtithe Bodhra agus Lagéisteachta ar News2Day agus an RTÉ Player i rith na seachtaine agus cláracha do leanaí ina raibh ISL ar RTÉjr agus RTÉ2 agus catalóg de chláracha ISL ar an RTÉ Player, leag RTÉ béim ar a thiomantas don phobal Bodhar agus Lagéisteachta in Éirinn.
Seisiúin aiseolais ar líne
Mar chuid de Sheachtain Feasachta ISL, agus mar chuid de rannpháirtíocht RTÉ leis an bpobal Bodhar, Lagéisteachta, Dall agus Lagamhairc in Éirinn, reáchtáil RTÉ ‘Seisiún Aiseolais ar Líne’ dhá uair an chloig ar an Aoine an 23 Meán Fómhair. Ba ghné thábhachtach é sin de spéis leanúnach RTÉ níos mó a fhoghlaim faoi eispéiris na ndaoine a úsáideann ár n-ábhar ISL agus fotheidealaithe. Chlúdaigh an seisiún seo raon leathan ábhar agus dhírigh sé ar eispéireas an úsáideora.
D’óstálamar seisiúin ar leith Léargais an Lucht Féachana agus Éisteachta freisin a dhírigh ar ár seirbhísí craolacháin agus ar a n-inrochtaineacht. Chuireamar na seisiúin chun cinn go forleathan trínár gcainéil shóisialta agus trí chumarsáid dhíreach a dhéanamh le grúpaí ionadaíocha agus lena mbaill. I mí na Nollag tionóladh Cruinniú Rochtana Bliantúil RTÉ agus den chéad uair bhí fáilte roimh chách a bheith páirteach ann agus fógraíodh go forleathan é. Cuireadh an Cruinniú Rochtana Bliantúil, cosúil le gach imeacht rochtana de chuid RTÉ, ar fáil trí ateangairí ISL agus Teanga go Téacs agus bhí seisiún cuimsitheach ceisteanna agus freagraí ann faoi fhotheidealú agus ISL ina raibh foireann RTÉ a bhí freagrach as príomhréimsí ar fáil chun ceisteanna a fhreagairt agus aiseolas luachmhar a fháil.
Tá fáilte curtha ag úsáideoirí atá Dall agus a bhfuil Lagamharc acu roimh an bhfeabhas atá curtha ag RTÉ ar a Thráchtaireacht Fuaime le bliain anuas. Táimid tar éis oiliúint ar chaighdeán idirnáisiúnta a chur ar chohórt nua guthanna Tráchtaireachta Fuaime Éireannacha chun ní hamháin an méid fuaime a mhéadú, ach chun caighdeán agus raon na seánraí a chuirimid ar fáil a mhéadú freisin.
ISL ar The Late Late Toy Show
In 2022 d’fhostaigh RTÉ Amanda Coogan, Jason Maguire agus Ciara Grant chun The Late Late Toy Show a chur i láthair beo le ISL ar an RTÉ Player agus ar RTÉ News don dara bliain. Bhí an seó ar fáil le sruthú go gairid tar éis an chraolacháin bheo. Bhí Tráchtaireacht Fuaime (AD) ar fáil don athchraoladh Dé Domhnaigh ag 3.15pm agus oíche Dé Luain, agus ina dhiaidh sin ar an RTÉ Player. Ansin craoladh leagan iomlán inrochtana (le fotheidil, ISL agus AD) ar an gCéadaoin, an 30 Samhain, a bhí ar fáil le sruthú freisin. Chuir RTÉ Tráchtaireacht Fuaime (AD) ar fáil freisin do lucht féachana Dall agus Lagamhairc ar an athchraoladh ar an Domhnach agus bhí an leagan AD seo ar fáil ar an RTÉ Player i ndiaidh an clár a chraoladh ar an teilifís. Rinne Clara Murray agus Kevin Sherwin tráchtaireacht fuaime ar an gclár.
Tá an t-aiseolas atá faighte ón bpobal Bodhar agus ón bpobal i gcoitinne maidir le bheith in ann a bheith mar chuid den lucht féachana sa bhaile agus taitneamh a bhaint as an gclár teilifíse is mó a bhfuil daoine ag féachaint air in Éirinn gach bliain fós thar a bheith dearfach. Tá fás tagtha go dtí beagnach 40,000 ar an líon amharc ar an Late Late Show ISL le linn an chláir ar an RTÉ Player.
Rochtain a Fheabhsú
Ar fud RTÉ One, RTÉ2 agus RTÉjr, sháraigh RTÉ a spriocanna ar fad maidir le fotheidil, tráchtaireacht fuaime agus ISL a chur ar fáil in 2022. Is é Údarás Craolacháin na hÉireann (ar tháinig Coimisiún na Meán ina ionad in 2023) a shocraíonn na spriocanna seo. Le linn na bliana 2022, bhí 99.1% de na cláracha i rith na mbuaicthráthanna ar RTÉ One ar fáil le fotheidil, agus bhí 99.93% de na cláracha i rith na mbuaicthráthanna ar RTÉ2 ar fáil le fotheidil. Ar RTÉjr bhí os cionn 61% de na cláracha ar fad ar fáil le fotheidil.
Chuir an infheistíocht a rinne RTÉ i bpainéal tráchtairí fuaime a earcú agus a thraenáil ar ár gcumas cur le méid agus réimse an ábhair inrochtana le béim ar leith ar ábhar Éireannach, drámaíocht san áireamh.
Seachtain eolaíochta
Seachtain ‘d’fhéidearthachtaí as cuimse’ an téama a bhí ag Seachtain na hEolaíochta 2022 ar thacaigh RTÉ léi, i gcomhpháirtíocht le Fondúireacht Eolaíochta Éireann, le raon leathan ábhar ar théama speisialta ar fud theilifís, raidió agus sheirbhís ar líne RTÉ, ón Domhnach an 13 Samhain go dtí an Domhnach an 20 Samhain. I mbliain eile ina raibh an eolaíocht dhomhanda agus faoi chaibidil seasta sa saol, bhí Seachtain na hEolaíochta ina fócas mór ar fud RTÉ.
Idir fhilleadh Future Island leis an láithreoir, Anna Daly, agus 10 Things To Know About, agus Podchraoladh Raidió RTÉjr, Let’s Dive In agus Clár 1 de Atom Town, an cartún nua bunaithe ar an tábla peiriadach, bhí neart ábhair ag RTÉ don inchinn fhiosrach, lena n-áirítear iniúchadh ar bhealaí inar féidir linn astaíochtaí carbóin a laghdú agus cabhrú chun ár bpláinéad a shábháil.