RTÉ: Obair na Bliana 2022

Freagairt ar ghéarchéim na hÚcráine

Ábhar agus cláracha chun tacú leis an lucht féachana agus éisteachta

Feachtas na hÉireann don Úcráin

Bhí RTÉ i measc grúpa de na príomheagraíochtaí meán in Éirinn a tháinig le chéile i mí Aibreáin chun comhpháirtíocht gan fasach a bhunú agus feachtas poiblí bailithe airgid a sheoladh, Éire don Úcráin. Bhí sé mar aidhm ag an bhfeachtas, i nGaeilge agus i mBéarla, ciste ríthábhachtach a bhailiú dóibh sin a ndeachaigh an choimhlint i bhfeidhm orthu, chomh maith leo sin a cuireadh as seilbh. Ba é an leibhéal dochreidte tacaíochta poiblí ó Éirinn don Úcráin a spreag an feachtas.

Bhí ról suntasach ag RTÉ mar go raibh an tionscnamh le feiceáil ar fud na meán ar an raidió, ar an teilifís, sna meáin chlóite agus ar líne go háitiúil agus go náisiúnta, agus ba é an carthanas cláraithe, The Community Foundation for Ireland, a bhfuil taithí 22 bliain acu ar dhaonchairdeas agus ar dheontas a thabhairt, a ghlac leis an airgead agus a thug amach é. Thug Rialtas na hÉireann cúnamh le síntiús €5 mhilliún don chiste nua agus bhailigh os cionn €7 milliún ar fad don chiste.

Cruthaíodh fógra 30 soicind don teilifís agus chraol craoltóirí éagsúla a bhí ag tacú leis an bhfeachtas é. Chuir RTÉ roinnt míreanna gearra físe ar fáil freisin don fhoireann agus don phobal i gcoitinne dá gcainéil meán sóisialta pearsanta chun tacú leis an teachtaireacht #IrelandForUkraine.

I mí Dheireadh Fómhair 2022, d’fhógair Ciste na hÉireann don Úcráin eolas faoi €5.2 milliún i ndeontais agus go mbeadh an t-airgead a bailíodh le húsáid chun cabhrú le freastal ar riachtanais na ndaoine a bhí ag lorg sábháilteachta in Éirinn chomh maith le fir, mná agus leanaí a bhí fanta san Úcráin faoi scáth an chogaidh.

Feachtas Bailithe Airgid Chros Dhearg na hÉireann ar an Late Late Show don Úcráin

Trí dhea-thoil agus flaithiúlacht ollmhór mhuintir na hÉireann, bhailigh feachtas bailithe airgid Chros Dhearg na hÉireann ar an Late Late Show i mí an Mhárta os cionn €3 mhilliún de chistí ríthábhachtacha don Úcráin. Chabhraigh na cistí leo sin a raibh tionchar díreach ag an gcogadh san Úcráin orthu agus chabhraigh siad le hobair dhaonnúil na ndaoine sin a bhí ar an láthair chun bunriachtanais dhaonna a sholáthar amhail bia, uisce, soláthairtí leighis agus foscadh. Rinne Cumainn na Croise Deirge an obair seo ar an láthair san Úcráin agus sna tíortha máguaird lena n-áirítear an Pholainn, an Rómáin agus an Ungáir.

Bhí an RTÉ Late Late Show speisialta seo dírithe ar an ngéarchéim agus labhair muintir na hÚcráine atá ina gcónaí in Éirinn faoin imní a bhí orthu faoina dteaghlaigh agus a gcairde. Labhair an Taoiseach Micheál Ó Máirtín, an daonnúlach Adi Roche, an banna ceoil as Baile Átha Cliath Aslan, an t-amhránaí/cumadóir Róisín Murphy agus an t-aisteoir as Hollywood Alan Cumming a bhí ag tacú leis an bhfeachtas agus a bhí ag léiriú ómóis do mhuintir na hÚcráine.

Dúirt Dee Forbes, Príomh-Stiúrthóir RTÉ ag an am: Bhí sé thar a bheith deacair féachaint ar an tragóid atá ag titim amach san Úcráin le seachtain anuas agus í a thuiscint. Táimid ar fad ar an eolas anois faoi scála agus faoi thionchar ionsaí scanrúil na Rúise ar an Úcráin agus na scéalta pearsanta faoi chaillteanas, faoi fhulaingt agus eagla i measc na ndaoine atá ina gcónaí san Úcráin agus timpeall uirthi, chomh maith lena ngaolta atá ina gcónaí anseo. Tá tionchar ollmhór ag na himeachtaí seo orainn ar fad, ach tá sé ríthábhachtach go leanfaimid orainn ag insint na scéalta seo ar gach bealach is féidir linn. Tá tábhacht leis an bhfírinne. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil arís le pobal na hÉireann as an bhflaithiúlacht sin a léirigh siad d’fheachtas an Late Late Show aréir a chabhróidh leis an gCros Dhearg dul i ngleic leis an ngéarchéim ar an láthair.

Dúirt Ryan Tubridy, láithreoir The Late Late Show ag an amBaineadh siar asainn ar bhealach an-mhaith leis an méid a tharla aréir. Thapaigh muintir na hÉireann an deis agus bhronn siad breis agus trí mhilliún euro, rud atá thar a bheith suntasach. Ghoill an scéal san Úcráin ar mhuintir na tíre agus misneach agus crógacht mhuintir na hÚcráine a bhí sa lucht féachana aréir, ní dhéanfar dearmad air agus is mór againn é. Mar is gnáth, tá foireann iomlán an Late Late Show thar a bheith buíoch do mhuintir na hÉireann as an méid a rinne siad aréir.

Christmas in the Castle - Happy Xmas (War Is Over) le Jack Lukeman agus Shobsy

I gclár speisialta CHRISTMAS IN THE CASTLE, chas Jack Lukeman & Shobsy an t-amhrán Nollag mór le rá de chuid John Lennon/Yoko Ono le Ceolfhoireann Coirme RTÉ, Cór Aireagail Ollscoil Chathair BÁC, Cór LADTA+ Glória agus Cór Pobail na hÚcráine Dhomhnach Cearna, chun tacú le www.IrelandforUkraine.ie.

Craoladh CHRISTMAS IN THE CASTLE ag 9.30pm ar RTÉ One Oíche Nollag.

Ba é David Whelan a léirigh an seó agus ba é Pat Cowap an stiúrthóir.

The War at Home – clár faisnéise teilifíse ar RTÉ One agus RTÉ Player

I gclár faisnéise RTÉ One The War at Home roinneadh scéalta iontacha faoi dhaoine a bhí ag troid sa Chogadh san Úcráin as Éirinn agus léiríodh freagairt na hÉireann don ghéarchéim san Úcráin ar RTÉ One agus ar RTÉ Player Dé Luain an 19 Meán Fómhair. Tugann an clár faisnéise tochtmhar, spreagúil agus tarraingteach seo, atá fós ar fáil ar an RTÉ Player, léargas daonna ar eispéiris phearsanta na ndaoine atá curtha as seilbh, flaithiúlacht leanúnach mhuintir na hÉireann agus na dúshláin atá romhainn. Leanann sé freisin eispéiris na nÚcránach arbh éigean dóibh taisteal go hÉirinn, agus iad ag féachaint i dteannta phobal seanbhunaithe na hÚcráine anseo ar an scrios ar a dtír dhúchas atá 3,000km ó bhaile.

Léirítear sa chlár faisnéise an tréimhse achrainn seo ón ionradh i mí Feabhra go dtí an ghéarchéim leanúnach inar tháinig níos mó ná 40,000 teifeach isteach sa tír, agus leantar naonúr as an Úcráin agus as Éirinn a roinneann a gcuid scéalta agus eispéiris iontacha linn.

I measc na ndaoine a cuireadh faoi agallamh tá Grace Kennedy, teagascóir dlí in Ollscoil na Gaillimhe, a d’fhág a post ag tús an chogaidh agus a bhfuil os cionn €70,000 bailithe aici ó shin agus cúnamh, iompar agus tacaíocht eagraithe aici. Go dtí seo, tá os cionn 5,000 Úcránach tugtha go hÉirinn go sábháilte aici agus iad lonnaithe i dtithe le cabhair ón tiománaí bus Aidan Geraghty as Ros Comáin. Roinneann roinnt de na teifigh a chabhraigh Grace agus Aidan leo teacht chun na tíre seo a scéalta faoi theacht anseo agus socrú isteach i dtithe nua in Éirinn.

Craoladh The War at Home Dé Luain, an 19 Meán Fómhair, ag 9.35pm ar RTÉ One agus tá sé fós ar fáil ar an RTÉ Player.