RTÉ: Obair na Bliana 2022

Inchineálacht Bhreise, Uilegh-abhálacht Bhreise
Tá RTÉ tugtha do cheannródaíocht a spreagadh maidir le cúrsaí ilchineálachta agus uileghabhálachta
Inscne |
Líon Nollaig 2022 |
Mná |
886 (48%) |
Fir |
982 (52%) |
Iomlán |
1,868 (100%) |
Intéirneacht Ilchineálachta agus Uileghabhálachta
Tá intéirneacht rathúil, leanúnach agus dea-struchtúrtha ríthábhachtach do RTÉ chun daoine cumasacha a aimsiú ó gach pobal in Éirinn. In 2020 sheolamar ár gclár intéirneachta íoctha le hilchineálacht agus uileghabhálacht ina chroílár. Cé gur thosaigh líon beag intéirneach in 2020, b’éigean dúinn an clár a chur ar sos mar gheall ar phaindéim COVID-19. Chuireamar tús arís leis an tionscadal in 2022 agus chuireamar 10 n-intéirneach i mbun oibre ar fud ár bhfoirne teilifíse, raidió, seomra nuachta RTÉ agus ar líne. Chomh maith le taithí oibre luachmhar a chur ar fáil do na hintéirnigh, fuair siad oiliúint ó phríomhphearsana thionscal na meán in Éirinn agus bronnadh meantóirí orthu le linn a gcuid ama in RTÉ.
D’oibrigh na hintéirnigh le chéile ar thionscadal ilmheán inar thug ceannródaithe ón bpobal Dubh agus Éireannach a gcuid smaointe faoin tábhacht a bhaineann le Mí Stair na nDaoine Dubha a cheiliúradh in Éirinn.
Is féidir leat é seo a fheiceáil anseo: https://www.youtube.com/watch?v=tadIpDyeVo8
Ag Tacú le Cruthaitheacht Phobail
D’oibrigh RTÉ le ReWrite agus leis an Creative Futures Academy ar chlár samhraidh sé seachtaine chun daoine cumasacha a fhorbairt. Bhí sé mar aidhm againn deireadh a chur le bacainní ar shásamh ealaíonta agus cruthaitheach d’ealaíontóirí imirceacha/teifeach in Éirinn. Chuir an cúrsa ilghnéitheach seo oiliúint sna healaíona agus sa chruthaitheacht ar fáil, mar aon le meantóireacht, do dheichniúr idir 18-25 bliain d’aois a bhfuil taithí teaghlaigh acu ar Sholáthar Díreach. Fuair scoláirí oiliúint scileanna agus ceardlanna ag RTÉ, The Glencree Centre for Peace and Reconciliation, MoLI agus an Ceoláras Náisiúnta.
Thacaigh RTÉ freisin le Tionscadal na mBan Moslamach de chuid ReWrite a thug le chéile deichniúr ban Moslamach arbh as an Tansáin, an Phalaistín, an Chéinia, an Nigéir, an Ailgéir agus an tSomáil iad ó dhúchas, ach atá anois ina gcónaí i mBaile Átha Cliath. Thug an tionscnamh seo deis thábhachtach do mhná a bheith ina ndéantóirí ealaíne agus a gcruthaitheacht a iniúchadh den chéad uair.
Tionscadal rannpháirtíochta
Bhí an tionscadal Rannpháirtíochta ar cheann de na príomhthionscadail a bhaineann le huileghabhálacht a bhí sceidealaithe sa chéad leath de 2022. Theastaigh uainn cloisteáil ó dhaoine i bpobail atá faoi ghannionadaíocht sna meáin Éireannacha faoi mar a cheapann siad faoi na meáin in Éirinn, faoi na ceisteanna atá tábhachtach dóibh agus chun níos mó a fhoghlaim faoi na nósanna atá acu maidir le húsáid na meán.
Bhunaíomar grúpaí agus chualamar ó dhaoine ón bpobal Dubh agus Éireannach, ó phobal Oirthear na hEorpa agus ón bpobal LADTA+. Bhí na seisiúin bhríomhara seo, a raibh freastal maith orthu, eolasach agus tarraingteach agus bhain gach duine díobh tairbhe éigin astu, chomh maith le hábhar machnaimh.
50:50
Is comhpháirtí seachtrach é RTÉ le 50:50 The Equality Project. Úsáideann an tionscnamh seo modheolaíocht atá fréamhaithe i sonraí, i gcruthaitheacht, i bpraiticiúlacht agus i bpaisean chun ionadaíocht a athrú ó bhonn sna meáin. Is córas féinmhonatóireachta é, agus tá glactha ag foirne i raidió, teilifís agus ar líne RTÉ leis chun féachaint ar an ilchineálacht inscne inár n-ábhar.
Déanann foirne monatóireacht ar líon na mban agus na bhfear ina n-ábhar, rianaíonn siad a ndul chun cinn agus tuairiscíonn siad a gcuid sonraí do Ghrúpa Ilchineálachta Ábhar RTÉ, a dhéanann athbhreithniú ar na sonraí 50:50 go míosúil. Tar éis na modheolaíochta a bunaíodh leis an tionscadal 50:50, ní chomhaireann foirne rannpháirteacha ach na rannpháirtithe atá faoina gcúram.
Seachtain Feasachta Seas an Fód
Ba í 2022 an ceathrú bliain a ndeachaigh RTÉ 2FM i gcomhpháirtíocht le BeLonG To chun tacú le Seachtain Feasachta Seas an Fód. I mí na Samhna chraol RTÉ 2FM agallaimh agus scéalta ó úsáideoirí seirbhísí óige BeLonG To, eagraíocht náisiúnta a thacaíonn le daoine óga leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha agus idirghnéasacha (LADTA+) in Éirinn.
Is ionann an feachtas agus seachtain thábhachtach ina ndéanann scoileanna dara leibhéal, seirbhísí óige, agus Ionaid Ógtheagmhála ar fud na hÉireann iarracht mhór i dteannta a chéile an fód a sheasamh i gcoinne bulaíochta atá homafóbach, défhóbach agus trasfhóbach.
Mí Stair na nDaoine Dubha ar RTÉ lyric fm
I mí Dheireadh Fómhair 2022, rinne RTÉ lyric fm ceiliúradh ar Mhí Stair na nDaoine Dubha ar fud an stáisiúin. In ómós d’oidhreacht iontach na gcumadóirí, na stiúrthóirí agus na dtaibheoirí Dubha – d’insíomar a gcuid scéalta, ag cur béim ar a mbuanna uathúla ceoil. Gach lá i mí Dheireadh Fómhair, chuala éisteoirí ceoltóirí mór le rá ag léiriú ómóis do shaol na gceoltóirí Dubha a bhí faoi ghannionadaíocht i saol an cheoil chlasaicigh.