An Obair

Digiteach

RTÉ Player

Spreag spórt, drámaíocht, sobalchláir agus ábhar a bhaineann go sonrach le hÉirinn tuilleadh éilimh ar an RTÉ Player ar bhonn uilechoiteann in 2022 agus bhí an líon is mó sruthanna riamh ann, 83,300,000 sruth, (+14% bliain ar bhliain) agus caitheadh 25,800,000 uair an chloig ag sruthú (+33% i gcomórtas leis an mbliain 2021).

Le clúdach beo thar na bearta ar mhórimeachtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta, tháinig fás suntasach ar shruthú Spórt RTÉ ar an RTÉ Player le 11,900,000 sruth déanta ó Eanáir go Nollaig. I measc na mbuaicphointí bhí Corn Domhanda FIFA 2022 (8,500,000 sruth) agus Corn na Sé Náisiún 2022 (500,000 sruth Fir, Mná agus Faoi20) The Saturday/Sunday Game Live (1,642,000 sruth) chomh maith le clúdach ar Chluichí Cáilithe Chorn Domhanda Fhoireann Náisiúnta Ban Phoblacht na hÉireann (120,000 sruth 2021/2022) agus cluiche cáilithe Chraobhchomórtas Faoi-21 na hEorpa UEFA idir Poblacht na hÉireann agus Iosrael (102,600 sruth).

Tá 3 áit bainte amach ag an tsraith shuntasach faisnéise, Quinn Country, sna 5 chlár aonair is mó a thuill lucht féachana ar an RTÉ Player (gan an Corn Domhanda san áireamh), agus is é The Late Late Toy Show an t-aon chlár eile a bhfuil tóir níos mó air (341,000 sruth).

Tá tábhacht mhór i gcónaí le sobalchláir do lucht féachana an RTÉ Player, le 18,600,000 sruth i rith na bliana déanta ar na cláracha is mó tóir Fair City, EastEnders agus Home and Away a ndearnadh 4,800,000 sruth, 5,600,000 sruth agus 5,700,000 sruth faoi seach orthu. Bhain drámaí a bhfuil script leo agus boscraí grinn 15,000,000 sruth amach in 2022 agus lucht féachana ag féachaint go hainsrianta ar na cláracha Éireannacha agus idirnáisiúnta is fearr leo, an scéinséir spiaireachta Killing Eve (700,000 sruth), Conversations with Friends (800,000 sruth) mar aon le Normal People (1,000,000 sruth) ina measc. Bhí sé chlár de Normal People i measc na 25 clár is mó ar féachadh orthu i rith na bliana.

Chuir ábhar ar líne de chuid RTÉ Player Original a foilsíodh anuraidh aghaidheanna nua, guthanna nua agus daoine cumasacha nua inár láthair a raibh 511,000 sruth mar thoradh air. Bhreathnaigh an lucht féachana ar réimse éagsúil téamaí idir ghreann agus chláracha faisnéise agus i measc na n-aghaidheanna nua a bhí le feiceáil ar líne, bhí Shane Daniel Byrne (Love Bites), David Meyler agus Ruesha Littlejohn (Glitch) Meg Reilly, Frankie McNamara, Ericka Roe, Simon Hennessy agus Anna Clifford (Darren & Joe’s Free Gaff).

D’fhill Darren Conway agus Joseph McGucken don dara séasúr de shraith iomráiteach RTÉ Player Original Darren & Joe’s Free Gaff, le dhá oiread cláracha agus scata mór de lucht grinn na hÉireann atá ag teacht chun cinn, lena n-áirítear Michael Fry, James Kavanagh, Meg Reilly, Frankie McNamara, Peter McGann, Ericka Roe, Simon Hennessy, Anna Clifford, Enya Martin, Terence Power, Calvin O’Brien agus an chliar rialta ó shéasúr 1, Jen Hatton, Tony Cantwell agus Justine Stafford. Sháraigh an tsraith ceathrú milliún sruth saoil ó cuireadh an clár píolótach ar fáil ar an RTÉ Player in 2021.

Bhí réimse éagsúil daoine óga Éireannacha a d’fhás aníos i ndomhan ina bhfuil fón chomh tábhachtach le bia nó uisce le feiceáil in The Disconnect, clár faisnéise teacht in aois faoin gcaidreamh atá againn leis na scáileáin.

RTÉ.ie

Ba é suíomh gréasáin RTÉ.ie fós an chéad rogha ag muintir na hÉireann le haghaidh nuachta agus siamsaíochta in 2022.

I gcomparáid le 2019, tháinig méadú RTÉ.ie 23% in aghaidh na míosa, nó 31 milliún cuairt mhíosúil, agus d’fhás an t-amharc míosúil ar leathanaigh 19%, nó 79 milliún amharc leathanaigh. Toradh iontach eile ab ea gurbh é an mheántréimhse ama a caitheadh in aghaidh na cuairte ná 8 nóiméad 24 shoicind sin méadú 13% i gcomparáid le 2019.

Bhain na barrscéalta le fiosrúchán dúnmharaithe Aisling Murphy agus tragóid an Chraoslaigh, ach tharraing scéalta níos éadroime trácht ollmhór freisin amhail rómánsaíocht réaltaí Strictly Come Dancing agus buaiteoir Phota Óir €19 milliún an Lotto. Tharraing iarratais an lucht féachana le haghaidh ticéid don Late Late Toy Show spéis mhór freisin.

CLG agus Katie Taylor is mó a raibh spéis ag daoine ann sa nuacht spóirt, leis an scéal is deireanaí faoi chluiche leathcheannais Chraobhchomórtas Uile-Éireann CLG idir Áth Cliath agus Ciarraí ag barr an liosta agus rugbaí an URC agus na Sé Náisiún sna sála air sin. I Stíl Mhaireachtála, in éineacht le comhairle folláine agus áilleachta, cuireadh an-suim go deo i scéal Johnny B agus an chluain fhíorúil a cuireadh air. Sa tsiamsaíocht, tharraing eachtra Will Smith ag na gradaim Oscar agus bás brónach réaltaí amhail Olivia Newton John, Meat Loaf agus Aaron Carter aird an lucht féachana.

Ó thaobh an chultúir de, mealladh trácht suntasach chuig rte.ie/Ulysses, rannóg atá tiomnaithe do shárshaothar liteartha James Joyce. Tháinig méadú 155%, i gcomparáid le 2019, ar thrácht go dtí rannóg Brainstorm, comhpháirtíocht le saol acadúil na hÉireann, le hailt ghéarchúiseacha ar an Úcráin, ar ghéarchéim an chostais maireachtála agus ar bhagairtí sláinte poiblí. Inár rannóg Gaeilge, bhí méadú 88% ar thrácht i gcomparáid leis an mbliain 2019 agus bhí comhairle faoi fhoghlaim na Gaeilge i measc na n-alt ba mhó a léadh.

Spórt RTÉ ar an RTÉ Player

11,900,000 sruth ar chomórtais mhóra náisiúnta agus idirnáisiúnta

  • Scóir Chorn Domhanda FIFA 2022: 8,500,000 sruth
  • An lucht féachana is mó riamh, 8,500,000 sruth iomlán, meallta ag breis agus 200 uair an chloig den chlúdach beo a rinneadh ar gach ceann de na 64 cluiche ar an RTÉ Player (buaicphointí agus sruthú ar éileamh agus réamhamhairc)
  • 478,000 beo-shruth san iomlán ar an RTÉ Player don chluiche ceannais is iontaí riamh i gCorn an Domhain
  • Babhta na nGrúpaí - Seachtain 1 (20 cluiche): 2,500,000 sruth
  • Babhta na nGrúpaí - Seachtain 2 (28 cluiche): 2,200,000 sruth
  • 16 fhoireann fanta (ocht gcluiche): 1,200,000 sruth
  • Cluichí Ceathrú Ceannais (ceithre chluiche): 1,010,000 sruth
  • Cluichí Leathcheannais (dhá chluiche): 402,000 sruth
  • Cluiche Ceannais: 478,000 sruth

An RTÉ Player seolta ar Sky Glass

Seoladh aip an RTÉ Player ar Sky Glass i mí Lúnasa 2022. Den chéad uair, tá teacht ag úsáideoirí Sky ar bhreis agus 3,500 uair an chloig d’ábhar ar éileamh agus na cainéil sruthaithe bheo RTÉ One, RTÉ2, RTÉjr, RTÉ News agus an RTÉ Player. Cruthóidh an seoladh seo deiseanna nua don RTÉ Player chun lucht féachana a aimsiú trí fheabhsuithe ar mheiteashonraí, ar phríomh-ealaín agus ar choimeádaíocht, agus cinnteoidh sé go mbeidh ábhar RTÉ le feiceáil i measc ábhar idirnáisiúnta ó dháileoirí domhanda.

Cartlann RTÉ

Coimeádtar bailiúchán de thaifeadtaí closamhairc, grianghraif agus doiciméid a bhaineann le haschur RTÉ ón mbliain 1926 go dtí an lá atá inniu ann i gCartlann RTÉ.

Tugadh os cionn 3.3 milliún cuairt ar shuíomh gréasáin Chartlann RTÉ i rith 2022 áit a raibh teacht ag an bpobal ar réimse ábhar a bhaineann le saol na hÉireann atá bailithe ag raidió agus teilifís RTÉ. Cuireadh míle scéal nua leis an rannóg Cartlann Laethúil, agus cuireadh 1.7 milliún físeán agus 53,870 mír fuaime á seinm tríd an suíomh gréasáin, www.rte.ie/Archives.

Leanadh leis an obair chaomhnaithe chun ábhar a aistriú ó fhormáidí analógacha agus luathfhormáidí digiteacha go dtí comhaid dhigiteacha, agus díríodh i rith 2022 ar bhailiúcháin fuaime. Cuireadh beagnach 5,000 taifead don raidió ar an Acetate Disc Collection, 1930idí-1970idí, ar fáil don phobal ar shuíomh gréasáin Chartlann RTÉ. Fuair an tionscadal seo tacaíocht ó Scéim Maoinithe Cartlainne an BAI.

Mheall taispeántas grianghrafadóireachta Ireland on the Box, faoi choimeád Chartlann RTÉ i gcomhar leis an Leabharlann Náisiúnta agus a seoladh i mí na Nollag 2021 chun 60 bliain de theilifís RTÉ a chomóradh, 20,364 cuairteoir chuig an gCartlann Grianghrafadóireachta Náisiúnta i mBarra an Teampaill i mBaile Átha Cliath.

Bhí ábhar ó Chartlann RTÉ go mór le feiceáil freisin i réimse leathan de chláracha faisnéise teilifíse agus scannánaíochta ar ardchaighdeán, le téamaí sóisialta, siamsaíochta agus fíorasacha, in Éirinn agus go hidirnáisiúnta.

Bhí ábhar ó Chartlann RTÉ go mór le feiceáil freisin i réimse leathan de chláracha faisnéise teilifíse agus scannánaíochta ar ardchaighdeán, le téamaí sóisialta, siamsaíochta agus fíorasacha, in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. Ina measc sin bhí Vicky: The Story of Vicky Phelan, Charlie Bird: Loud and Clear, Nothing Compares (Sinéad O’Connor) agus cláracha Gaeilge amhail Cloch le Carn agus Marú Inár Measc.

Bhain lucht éisteachta sheirbhísí Raidió RTÉ sásamh as réimse cláracha ina raibh scéalta ón gcartlann, an tsraith sheanbhunaithe Bowman Sunday agus The Rolling Wave ina measc. Mar chuid den chomóradh 50 bliain, craoladh an tsraith 13 chlár ó 1986 Seasca Bliain Ag Fás ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inar raibh daoine mór le rá i gcraoltóireacht na Gaeilge le blianta fada anuas faoi agallamh.