RTÉ: Ábhar na Bliana 2022

An Ghaeilge

I measc an ábhair a chraol RTÉ i nGaeilge in 2022 ar an teilifís bhí raon leathan de shraitheanna agus d’fhormáidí úrnua a ndearnadh coimisiúnú orthu ó earnáil na léiritheoirí neamhspleácha agus ó na foirne intí, chomh maith le rogha níos fearr d’ábhar a bhí léirithe go neamhspleách a fháil, rud a thug rogha níos fearr d’ábhar i nGaeilge don lucht féachana i ngach seánra ó ábhar na bpáistí go dtí sraitheanna fíorasacha ag buaic-am féachana.

I mí Aibreáin, rinne RTÉ Raidió na Gaeltachta ceiliúradh ar leathchéad bliain ar an aer agus choimisiúnaigh RTÉ dhá mhór-imeacht chun comóradh a dhéanamh ar bhliain an cheiliúrtha: ceolchoirm ó Bhaile na hAbhann a thug le chéile scoth na gceoltóirí ó cheantair Ghaeltachta na hÉireann agus a craoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ar RTÉ.ie, agus a craoladh níos déanaí ar theilifís RTÉ One agus Ceol na nGael inar bhreathnaigh Mairéad Ní Mhaonaigh siar ar thionchar an stáisiúin ar bhunú a ceoil féin.

Léiriú intí

Chuir foireann intí Chláracha Gaeilge RTÉ réimse breá éagsúil de chláracha nua ar fáil a raibh an-ghlacadh leis ag cách agus a chuir le sciar an lucht féachana in 2022.

Cuireadh tús le séasúr 2022 le Cloch le Carn, sraith de chláracha faisnéise a dhéanann ceiliúradh ar shaol agus ar oidhreacht cheathrar ceannródaithe i saol poiblí na hÉireann a fuair bás an bhliain roimhe sin: Paddy Moloney, Pat Hume, Donncha Ó Dúlaing agus Des O’Malley.

Mheall Scannal, sraith staire sóisialta RTÉ, lucht féachana mór agus léargas úr á thabhairt aige ar na scannail a bhain croitheadh as an tír. D’fhéach sraith 2022 siar ar thionchar agus ar thoradh scannail mhóra in Éirinn, lena n-áirítear fuadach John O’Grady, cás gan réiteach Annie McCarrick, scannal Tailidimíde, timpiste Air India, agus dúnmharú Brian Stack, an t-aon oifigeach príosúin a dúnmharaíodh in Éirinn le linn aimsir na dTrioblóidí. Bhí an-ghlacadh ag an lucht féachana agus ag léirmheastóirí araon leis an dá shraith mar gheall ar an iriseoireacht a bhí iontu agus an léargas a thug siad, agus d’éirigh thar cionn leo.

Clár faisnéise dhá chlár ba ea Athbhaile: The Cobblestone faoin áit is ansa le lucht an cheoil i lár chathair Bhaile Átha Cliath – ach scéal é freisin faoi theaghlaigh agus faoin bpobal. Tarraingíodh aird na meán ar an teach tábhairne ceoil agus gnó teaghlaigh seo a bhfuil an-ghean air nuair a thug na mílte aghaidh ar shráideanna na príomhchathrach chun cur in aghaidh iarratas pleanála ar óstán naoi stór, a chuirfeadh an mol cultúir a bhí cothaithe ag úinéir an tí tábhairne Tom Mulligan ó 1988, i mbaol, dá n-éireodh leis. Bhí teistiméireachtaí sa tsraith ó mhuintir Mulligan agus ó cheoltóirí agus Gaeilgeoirí araon a throid go crua chun an t-ionad mór cultúir seo a chosaint. In ainneoin iomaíocht ghéar ó Chorn an Domhain ar RTÉ2, bhí an-tóir ag an lucht féachana ar an tsraith agus bhain sí ardmholadh agus cáil amach.

I gclár faisnéise sainscríofa a coimisiúnaíodh go speisialta chun 50 bliain de Raidió na Gaeltachta a chomóradh, rinne Mairéad Ní Mhaonaigh, ceoltóir as Dún na nGall a bhfuil ardmheas uirthi ar fud na tíre, iniúchadh ar an ról lárnach a bhí ag RTÉ Raidió na Gaeltachta in athbheochan an cheoil agus na hamhránaíochta traidisiúnta ar oileán na hÉireann. Lean Ceol na nGael Mairéad ar thuras síos cósta thiar na hÉireann, ag bualadh le ceoltóirí eile agus craoltóirí ar an mbealach, chun an scéal a insint faoin gcaoi ar chuir an stáisiún beocht nua i dtraidisiún ceoil agus amhránaíochta na hÉireann.

Cuireadh clabhsúr leis an séasúr le sraith speisialta dhá chlár de Cloch le Carn a rinne ceiliúradh ar shaol agus ar oidhreacht bheirt fhathach de shaol na hÉireann: an t-iriseoir agus an daonnúlach, Jim Fahy, agus an file agus an fíodóir focal, Brendan Kennelly.

Léiriúcháin Neamhspleácha

D’oibrigh RTÉ i ndlúthpháirt leis an gCiste Craoltóireachta Gaeilge, leis an BAI agus le BBCNI chun coimisiúnú a dhéanamh ar ábhar breise i nGaeilge, rud a raibh an lucht féachana thar a bheith sásta leis i rith 2022.

Rinne Droichid na hÉireann (New Departures Media), á chur i láthair ag an aisteoir Lochlann Ó Mearáin, iniúchadh ar an stair, na scéalta, an innealtóireacht agus na daoine a ba chúis le cuid de na droichid is mó a bhfuil tóir orthu in Éirinn.

Craoladh Faoi Bhláth (Abú Media), sraith a dhéanann ceiliúradh ar bhithéagsúlacht na hÉireann, ar RTÉ One i mí Feabhra. Le linn 13 clár, thaistil an láithreoir Aedín Ní Thiarnaigh trí pháirceanna, lochanna, portaigh agus sléibhte na hÉireann chun a raon saibhir bláthanna fiáine a nochtadh agus iniúchadh a dhéanamh ar an eolaíocht agus ar an mbéaloideas a bhaineann le gach ceann acu, chomh maith lena n-úsáid sa chócaireacht, sa leigheas agus sa cheardaíocht.

Sraith stíl mhaireachtála sé chlár a fuair tacaíocht ón ILBF ab ea Bog Amach (Strident Media), arna cur i láthair ag Tessa Fleming agus a chraol RTÉ i mí an Mheithimh. Lean an tsraith sé theaghlach agus iad ag tabhairt a ndroim d’fhuadar shaol na cathrach le haghaidh eachtraí nua faoin tuath in Éirinn, ag féachaint ar thithe a bhí ar díol in áiteanna áille ó Dhún na nGall go deisceart Chiarraí, trí Ghaillimh.

Clár faisnéise aonuaire ab ea The Man with the Moving House, (Bang Bang Teoranta) a craoladh ar RTÉ One i mí Lúnasa.

Clár faisnéise aonuaire ab ea The Man with the Moving House, (Bang Bang Teoranta) a craoladh ar RTÉ One i mí Lúnasa agus a d’inis scéal an leoin agus na luiche faoi streachailt 14 bliana Bhreanndáin Uí Bheaglaoich ag iarraidh cead a fháil ó na húdaráis phleanála chun teach a thógáil ar a thalamh féin. Léirigh an scéal – arbh é an clár faisnéise ba mhó a féachadh air sa samhradh ag an am áirithe sin - an téama níos leithne maidir le tionchar na ndlíthe pleanála ar phobail tuaithe na Gaeltachta. Thacaigh an BAI leis an tionscadal seo.

D’fhill an tsraith mhóréilimh Saol an Tréidlia (Strident Media) ar RTÉ One don dara sraith ceithre chlár san fhómhar. An uair seo, bhí an tréidlia atá lonnaithe i gConamara, John, in éineacht le tréidlia na cathrach Emma agus an tréidlia capall Liam. Fuair an lucht féachana léargas pearsanta ar gach gné de chleachtas tréidliachta nua-aimseartha, idir obráidí ar ainmhithe beaga agus déileáil le fadhbanna móra ainmhithe in Árainn agus ag ullmhú capaill folaíochta le díol go hidirnáisiúnta ag Goffs.

Clár faisnéise uair an chloig ab ea The Life of Seán Saol Sheáin (Tyrone Productions) a craoladh ar RTÉ One i mí na Nollag agus a rinne iniúchadh ar shaol seisear fear os cionn 60 bliain d’aois, a raibh an t-ainm Seán orthu uile. Ba é an smaoineamh ná léargas a thabhairt ar an taithí a bhí ag glúin d’fhir na hÉireann agus gach Seán ag insint a scéil féin agus ag déanamh machnaimh ar an saol, ar an ngrá agus ar an mbás agus ar na hathruithe, idir mhaith agus olc, a chonaic sé le linn a shaoil.

RTÉ do TG4

Chomh maith le hábhar a choimisiúnú do RTÉ, déanann RTÉ Gaeilge ábhar a choimisiúnú do TG4 mar chuid den chomhaontú soláthair ábhair idir na craoltóirí. Choimisiúnaigh RTÉ clúdach spóirt Chraobh an URC do TG4 in 2022.

RTÉ Raidió na Gaeltachta

Ar Dhomhnach Cásca 1972, thosaigh RTÉ Raidió na Gaeltachta i mbun craoltóireachta, ócáid chinniúnach i stair chraoltóireachta na hÉireann. Tháinig stáisiún raidió do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge ar an bhfód mar thoradh ar ghluaiseacht cearta sibhialta a d’éiligh seirbhísí Gaeilge don phobal sin. Den chéad uair riamh, cheangail sé na pobail sin, ag tabhairt aitheantas oifigiúil dóibh, agus ina dteanga féin. In 2022, rinneamar ceiliúradh ar an méid atá déanta ag an stáisiún le 50 bliain anuas, ag saibhriú agus ag neartú na bpobal Gaeltachta agus Gaeilge ar fud na tíre, agus a gcuid scéalta, amhrán agus ceoil á roinnt go laethúil.

Chun tús a chur le ceiliúradh na bliana seo, craoladh ceolchoirm speisialta - RTÉ Raidió na Gaeltachta 50 - beo ar an raidió agus i bhfoirm físe ar líne ó chroílár na Gaeltachta i gConamara i mí Aibreáin 2022. Bhí deis ag ceoltóirí áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta, ceoltóirí óga, damhsóirí agus amhránaithe an t-ardán a roinnt le Ceolfhoireann Coirme RTÉ. Ghlac os cionn 100 taibheoir páirt in ócáid dhraíochtúil le lucht féachana beo a craoladh níos déanaí ar theilifís RTÉ One freisin.

Ba í 2022 an bhliain freisin a bhuail RTÉ Raidió na Gaeltachta bóthar chun craoladh ó na mór-imeachtaí a cuireadh siar le linn na paindéime. Cuireadh béim ar chraoltóireacht lasmuigh agus ar ‘an raidió’ a thabhairt chomh fada leis an bpobal. I measc na n-imeachtaí móra bhí Comórtas Peile na Gaeltachta, Fleadh Cheoil na hÉireann, Scoil Samhraidh Willie Clancy agus Oireachtas na Gaeilge. Craoladh cláracha ó ionaid phobail, scoileanna, séipéil agus féilte beaga i gcraoltaí beaga lasmuigh, agus thug siad an pobal le chéile chun a gcuid scéalta a roinnt. Tá nuacht, cúrsaí reatha, siamsaíocht, spórt agus ceol i sceideal an stáisiúin agus bíonn siad le cloisteáil i rith na bliana, agus bhí siad riamh ina gcuid thábhachtach d’fhéiniúlacht an stáisiúin.

Beidh roinnt imeachtaí ar bun in 2023 chun clabhsúr a chur le ceiliúradh an leathchéid agus tá sé beartaithe roinnt sraitheanna spleodracha nua drámaíochta agus ceoil a chraoladh i rith na bliana.

RTÉ Gaeilge ar Líne

Lean RTÉ Gaeilge ar rte.ie ar aghaidh ag nascadh an chuid is fearr den ábhar raidió, nuachta agus teilifíse ag RTÉ le gnéithe agus podchraoltaí suimiúla i nGaeilge, agus tháinig méadú 75% ar a sciar den lucht féachana ó 2019 i leith. Príomhbhuaicphointe na bliana ab ea Creidim Ionat, feachtas meantóireachta de chuid Fhoras na Gaeilge agus RTÉ, faoi stiúir fhoireann láithreoireachta Beo ar Éigean. Spreag an feachtas an lucht éisteachta chun an Ghaeilge a bhí acu a úsáid agus a bheith ina meantóir/meantaí chun cabhrú le daoine eile leis an teanga.