RTÉ: Ábhar na Bliana 2022

Daoine Óga

Ba bhliain iontach í 2022 d’ábhar leanaí ar fud ár seirbhísí ar fad. Tá ár straitéis ‘tús áite do chúrsaí digiteacha’ ag du lar aghaidh go maith agus táimid anois ag nascadh lenár lucht féachana ar fud iliomad ardán agus seirbhísí ar bhealach an-fhiúntach. Gné ríthábhachtach de seo is ea inaimsitheacht, agus leanaimid den obair mhór chun a chinntiú go bhfuil iliomad pointí teagmhála ann do leanaí agus do thuismitheoirí araon chun teagmháil a dhéanamh leo agus chun taitneamh a bhaint as ábhar ar fud na n-ardán. Tá fás leanúnach tagtha ar ár gcainéil YouTube atá brandáilte ag RTÉ agus tá rochtain ar ábhar ar fhón póca i bhfad níos éasca anois le cnaipe ‘páistí’ ar an RTÉ Player tugtha isteach againn ar iOS agus Android araon.

Rinne Rannóg na nDaoine Óga gach iarracht arís i mbliana a chinntiú go bhfuil guthanna leanaí le cloisteáil inár n-ábhar fuaime agus físe ar fad. Ní féidir an iomarca tábhachta a chur ar an misean seo, mar gur féidir le rochtain ar na meáin seirbhíse poiblí tionchar mór a imirt ar an gcaoi a bhfeiceann agus a dtuigeann leanaí bpiaraí agus an bealach a gcaitheann siad leo agus an bealach a n-idirghníomhaíonn siad leis an domhan mórthimpeall orthu.

Is príomhcholún fós é for-rochtain inár straitéis do Dhaoine Óga in 2022 agus amach anseo. I gcomhar lenár gcomhghleacaithe san EBU, ghlac rannóg RTÉ Kids páirt i roinnt tionscnaimh pan-Eorpacha. Ar an gcéad dul síos, bhí rannpháirtíocht ollmhór ar na meáin shóisialta, agus ar chainéil agus suíomhanna gréasáin YouTube de chuid RTÉ Kids, san EBU Kids International Friendship #SayHi Campaign, clár frithbhulaíochta ar fud na hEorpa. Thugamar freisin faoi shaol an ríomhspóirt, ag obair go dlúth le Dream Space, agus leanamar orainn ag cur lenár dtairiscint do dhéagóirí ar fud na hÉireann trínár gcomhpháirtíochtaí le hÉire Ildánach, Junk Kouture agus Fresh Film.

RTÉ Kids (7-12 bliain)

Ba í 2022 an bhliain ar éirigh linn breith suas linn féin tar éis na paindéime. Tháinig méadú ollmhór ar léiriú san earnáil agus tháinig níos mó agus níos mó ilchineálachta isteach inár n-ábhar do leanaí. Do lucht féachana RTÉ Kids, rinne Dyehouse Films méadú as cuimse ar ár gcomórtas náisiúnta ealaíne digití, This Is Art!, trí shraith nua ealaíne tionlacain, This Is Art Club! a léiriú. Ní fada go mbeidh This Is Art Club!, a chuireann Holly Pereira agus Shane Keeling i láthair, ar an áit nua agus an spás nua chun ceiliúradh a dhéanamh ar gach rud cruthaitheach agus páirt a ghlacadh ann.

Ag leanúint leis an gceiliúradh ar théama na cruthaitheachta, ba chúis spreagtha agus ba phribhléid é do RTÉ Kids comhoibriú le Junk Kouture agus Fresh Film, Déantóir Scannán Óg na Bliana in Éirinn, chun ardán a thabhairt don líon ollmhór daoine cumasacha cruthaitheachta a tháinig chun cinn in Éirinn in 2022 agus iad a cheiliúradh.

Tháinig Keep It Up ó Mhacalla Teoranta ar ár scáileán ina chuaifeach. Rinne an tsraith sé chlár seo iniúchadh agus anailís ar na cúinsí a n-éiríonn cailíní atá sna déaga as spóirt foirne. Is í Emer O’Neill ó Home School Hub a chur an tsraith Keep It Up i láthair a raibh i bhfad níos mó i gceist leis ná clár teilifíse – gluaiseacht a bhí ann.

Ina dhiaidh sin bhí Ireland’s Future Is MINE (Reverist agus Tamber Media), an comórtas ríomhspóirt is fearr agus an chéad cheann dá leithéid do RTÉ. Tar éis míonna d’obair chrua agus taispeántais lán teannais, chuaigh dhá scoil - Scoil Náisiúnta Mhaigh Mhórdha, an Iarmhí agus Scoil Náisiúnta Naomh Aodha, Liatroim - in adharca a chéile sa chluiche ceannais, agus bhí an bua ag Scoil Náisiúnta Naomh Aodha.

Is sraith é Wild Atlantic Kids (Fubar Films) dóibh sin ar fad a bhfuil fonn taistil orthu. Leanamar teaghlach Fortune agus iad ag déanamh a mbealaigh feadh Shlí an Atlantaigh Fhiáin. In 2022 freisin sheolamar sraith nua eile a raibh an-tóir uirthi, Storybud (Kite Entertainment) – síscéalta clasaiceacha le cor iontu. Scríofa ag Jason Byrne, Karl Harpur, Alison Spittle, Bernard O’Shea agus Sinéad Quinlan agus inste ag Doireann Garrihy, Deirdre O’Kane, Baz Ashwamy, Bernard O’Shea agus Jason Byrne, is seoidíní beaga iad seo atá an-bharrúil go deo. Bhí cúig chlár Nollag i gceist freisin.

I dtreo dheireadh na bliana, tugadh roinnt sraitheanna ar ais mar gheall ar an mór-éileamh a bhí orthu. Bhí Tom Bán ar ais le sraith eile de Bush Kids 2 (GMarsh TV). Bhí ceithre theaghlach nua linn agus iad ag dul sa seans agus ag foghlaim gach ní atá ag teastáil chun maireachtáil san fhiántas.

Bhí ábhar beochana, mar a bhíonn i gcónaí, ina bhunchloch san aschur don aoisghrúpa seo. Tháinig cláracha úrnua de Royals Next Door agus Ink & Light (stiúideo na Fionlainne- Spáinne Pikkukala agus Walking the Dog as an mBeilg faoi seach) amach in 2022 in éineacht le Stella’s Royal Vlog ar chainéal YouTube RTÉ Kids. Agus ar ndóigh choimisiúnaíomar cúig ghearrscannán áille agus tochtmhara do Lá Domhanda na Meabhairshláinte ón earnáil beochana a rinne iniúchadh ar cheisteanna a théann i bhfeidhm ar leanaí agus iad ag iarraidh aghaidh a thabhairt ar dhomhan an lae inniu.

RTÉjr (0-6 bliana)

Bhí 2022 lán le sraitheanna beochana agus beo don aoisghrúpa seo.

Beochan

I measc na sraitheanna beochana úrnua dár lucht féachana is óige bhí Happy the Hoglet (Paper Owl). Carachtar beag é Happy a bhfuil mothúcháin mhóra aige. Léirigh Wee Littles (Magpie 6 Media) Bitsy, Itsy, Mini, Teensy agus Jeremy Throckmorton III dúinn gur cuma cé chomh beag is atá tú, is féidir leat rudaí iontacha a dhéanamh! Is pobal ildaite de charachtair é Atom Town (Treehouse Republic) atá bunaithe ar ghnéithe an tábla pheiriadaigh. Is sraith iontach teanga é Fia’s Fairies (Little Moon Animation) a mhúineann an Ghaeilge duit agus tú ag spaisteoireacht i dtír na sí le Fia, Ameer, Blaithín agus Cuán.

Beochan (ar lean)

Ba é Ray of Sunshine (Daily Madness) an áit ar éirigh le leanaí am a chaitheamh leis an leanbh seacht mbliana d’aois is gealgháirí dá raibh riamh ann, ag dul chuig cóisirí spraíúla tae agus ag tabhairt faoi eachtraí garraíodóireachta, chomh maith le cláracha úrnua de na sraitheanna a bhfuil an-tóir go deo ag leanaí orthu Alva’s World agus Kiva Can Do ó Kavaleer Live Action. Bhí Bright Sparks (Macalla Teoranta) ar ais i bPáirc ildaite Bright chun casadh le Séamus, Dr Tunes, Wild Guy, Clara, Mrs Owlington, Billy, Aoife agus Alpha ar thuras trína saol laethúil beochana, áit a n-úsáideann siad a gcuid scileanna speisialta chun deacrachtaí a réiteach, draíocht a chruthú, cabhrú le daoine eile, spraoi a bheith acu agus gach duine a thabhairt slán. Ábhar úrnua ar RTÉjr in 2022.

Leanann The Imagination Machine (Firebrand Productions) Ella, Lucy agus Blaze agus iad ag dul ar eachtraí iontacha trí am agus spás a bhuíochas do chumhachtaí draíochta atá faighte acu ó leabhar speisialta agus seanbhosca cairtchláir, ach timpeall gach cúinne tá an Dr Dotty agus an tUasal Fluffy Pants i bhfolach agus fonn diabhlaíochta orthu.

Clár nua eile le RTÉjr nach raibh a leithéid ann cheana ba ea Dizzy Deliveries (Macalla Teoranta) - an chéad chlár teilifíse do leanaí in Éirinn ina raibh an teanga chomharthaíochta Lámh á múineadh agus a húsáid. Is clár é do gach leanbh réamhscoile agus díríonn sé ar leanaí a bhfuil riachtanais intleachtúla speisialta acu. I ngach clár buailimid le Joe, an fear seachadta le cumhachtaí draíochta, Ozzy, an róbat eitilte a oibríonn le Joe agus a chuidíonn leis a chuid earraí a sheachadadh, agus Aisling. Ise an ceannasaí ar na Dizzy Deliveries agus cabhraíonn sí leis an ngrúpa lena gcomharthaí Lámh gach lá. Múinfidh Aisling trí phríomhchomhartha Lámh ar bhealach spraíúil freisin, agus tá sí ag iarraidh ar gach duine a bheith páirteach sa bhaile freisin!

Chuir Simon Says, (Meangadh Fíbín) sraith álainn lán le ceol, clabhsúr leis an mbliain. Is coimeádaí tí solais agus ceoltóir é Simon, agus cuireann an tsraith seo amhráin iontacha ar fáil dár lucht féachana a fhanfaidh ina gceann agus a bheidh á gcanadh acu pé áit a bhfuil siad.

Raidió & Podchraoladh RTÉjr

Thug 2022 deis do RTÉjr Radio teagmháil a dhéanamh arís lenár lucht éisteachta óg go pearsanta, agus a nguthanna, a bhí coinnithe amach as an stiúideo ag Covid ar feadh i bhfad, a thabhairt ar ais arís. Chuir DJ for a Day fáilte roimh leanaí ar na haerthonnta chun smacht a ghlacadh gach deireadh seachtaine agus iad ag roghnú agus ag cur a gcuid cláracha féin i láthair.

Thug Cereal, ár bpodchraoladh coirscéalta fírinneacha ‘atá fíor ar éigean’ aisteoirí óga agus daoine fásta ó gach cearn den tír isteach i mistéir a ndearna Ryan Tubridy ó RTÉ meantóireacht uirthi. Chuaigh Mothertongues isteach i scoileanna ina labhraítear níos mó ná 30 teanga chun scéalta agus comhairle leanaí a bhailiú agus a roinnt lena chéile agus iad ag foghlaim arís conas spraoi agus spás a roinnt. Thug The Kids Are All Right aghaidh ar shláinte mheabhrach agus fhisiciúil do leanaí. Chum Nero’s Class miotaseolaíochtaí nua agus carachtair thar a bheith iontach ar oileán nach bhfuil ach triúr leanaí ina gcónaí ann. Agus tháinig Ciarán Hinds, a ainmníodh le haghaidh gradam Oscar, isteach chun glórú a dhéanamh ar The Neighbourhood.

Bhí toradh maith ar an obair a rinneamar ar uainchlár ár bpodchraoltaí ó thaobh gradaim de. Ainmníodh ceithre chlár sa Chatagóir do Theaghlaigh sna chéad Ghradaim do Phodchraoltaí na hÉireann, agus bhaineamar na chéad trí áit is fearr amach agus bhain Someone Like Me an gradam óir. Bhain Maddie and Triggs an gradam óir do Chruthaitheacht Speisialta, agus aithníodh Ecolution sa Chatagóir Comhshaoil i mbliain nuair a tháinig Mary Robinson ar an gclár chun ceisteanna leanaí a fhreagairt maidir le ceartas aeráide agus a chur in iúl go dteastaíonn uaithi níos mó plé idirghlúine a chloisteáil ar na haerthonnta.

Fuaireamar tuilleadh ainmniúchán do ghradaim IMRO agus d’éirigh linn dhá dhuais a thabhairt linn ag an Prix Ex Aequo, an fhéile idirnáisiúnta drámaíochta raidió do leanaí agus don óige, le haghaidh Cereal agus léirigh The Emperor’s New Duds gur chruthaigh ár stáisiún beag níos fearr ná a bheifí ag súil leis arís sa bhaile agus thar lear.