RTÉ: Ábhar na Bliana 2022

Fíorasach

Is in RTÉ Fíorasach a fhaightear na scéalta a bhaineann go speisialta le hÉirinn, áit ina dtagann lucht féachana RTÉ le haghaidh siamsa, eolas a fháil, agus iad féin a fheiceáil.

Cláracha Faisnéise

Nuair a dhéantar go maith é, is féidir le scéalaíocht fhíorasach an comhrá náisiúnta a mhúnlú. Le linn 2022, ní raibh aon ghanntanas ábhar cainte ar RTÉ Fíorasach.

Cuireadh tús agus deireadh leis an mbliain le dhá phríomhshraith faisnéise. I mí Eanáir, d’fhéach, Crimes and Confessions ar ‘Heavy Gang’ na nGardaí sna 1970idí agus, den chéad uair, rinneadh naisc idir na himscrúduithe coiriúla a raibh cuid de na cásanna is iomráití d’iomrall ceartais in Éirinn mar thoradh orthu. I mí na Samhna, d’fhéach Quinn Country ar theacht chun cinn agus ar thitim an fhir ghnó Seán Quinn agus ar an bhforéigean a tharla in amanna i ndiaidh chliseadh a impireachta gnó. Mheall an dá shraith lucht féachana mór agus bhí tionchar suntasach acu. Sular craoladh an chéad chlár de Crimes and Confessions fuair Martin Comney, fear a ciontaíodh go héagórach i ndúnmharú Una Lynskey, leithscéal gan agús ó Choimisinéir an Gharda Síochána.

I mí na Samhna, chuir an Documentary on One deireadh lena shéasúr de chláracha faisnéise aonuaire le scéal beirt deartháireacha, Mark agus David Ryan, a ndearna sagairt mí-úsáid orthu ar thailte Choláiste na Carraige Duibhe ag deireadh na 1970idí agus ag tús na 1980idí. Léirigh Blackrock Boys den chéad uair scála agus nádúr na mí-úsáide a rinneadh agus nár tuairiscíodh ar feadh na mblianta i gceann de na hinstitiúidí oideachais is iomráití in Éirinn. Laistigh de laethanta ón gcraoladh, agus de bhun tuairisciú leantach ó chomhghleacaithe in RTÉ Radio 1, go háirithe ó fhoireann Liveline, d’fhógair an rialtas go mbunódh sé fiosrúchán chun imscrúdú breise a dhéanamh ar leithead na mí-úsáide seo, agus d’fhógair an tOrd Spioratánach clár neamhspleách ceartais aisiríoch chun cabhrú leis an iliomad íospartach a tháinig chun cinn.

Stair

Bhí ár stair le feiceáil go soiléir i rith na bliana. Rinne The Irish Civil War, sraith shuntasach trí chlár, comóradh tuisceanach agus údarásach ar chéad bliain ó bhí an tráth b’achrannaí i stair na tíre seo ann. D’fhéach sraith a ghabhann leis, Two Tribes, a chuir Sean O’Rourke i láthair, ar oidhreacht pholaitiúil an ama seo agus scrúdaíodh an 100 bliain de pholaitíocht an chogaidh chathartha a tharla ó shin. Féachadh ar bhealach níos spraíúla ar ghnéithe dár stair le déanaí agus The Way We Were ar ais don dara sraith, agus d’fhéach Saipan: Rebel Without a Ball ar a bhféadfadh a bheith tarlaithe dá mbeadh Roy Keane fanta thall ag Corn an Domhain in 2002.

Cláracha reiligiúin

Don tríú bliain, lean RTÉ ag cur lena aschur rialta reiligiúin le haifrinn agus seirbhísí breise i rith na seachtaine agus ar an Domhnach, agus iad sruthaithe i gcomhar le ChurchServices.tv. Tá éileamh mór i gcónaí ar an tseirbhís, in ainneoin go bhfuil daoine tar éis filleadh ar an láthair adhartha tar éis Covid-19. Tá an ilghnéitheacht fós ina cuid lárnach d’aschur RTÉ Reiligiún, agus coimisiúnaíodh gearrscannáin chun mórfhéilte a chomóradh thar raon leathan creidimh i rith 2022. Don tríú bliain as a chéile, chraol RTÉ beo-chlúdach ilcheamara ar Phaidreacha Eid as Páirc an Chrócaigh, rud a mheall ceannlínte agus clúdach idirnáisiúnta.

Tá aschur adhartha Críostaí RTÉ chomh hilghnéitheach céanna, agus i measc na gcraoltaí in 2022 bhí Aifreann le Paróiste an Lucht Siúil; Seirbhís i nDlúthpháirtíocht leis an Úcráin, go hiomlán i dteanga na hÚcráine; Aifreann le Pobalscoil na mBodhar sa Chabrach; agus raon craoltaí eile ina raibh meascán leathan cultúir, grúpaí eitneacha, grúpaí socheacnamaíocha, idir óg agus aosta, ó gach cearn d’oileán na hÉireann.

Inbhuanaitheacht agus an Ghéarchéim Aeráide

In 2022 díríodh arís ar inbhuanaitheacht agus ar an ngéarchéim aeráide os comhair an cheamara agus ar a chúl. Mar thoradh ar bhrú mór do theicnící léiriúcháin inbhuanaithe bhain The Today Show, ceann de phríomh-ancairí sceideal RTÉ, Deimhniú Léiriúchán Inbhuanaithe Albert. Bhí RTÉ Corcaigh ar thús cadhnaíochta ó thaobh na gcláracha, agus é ina cheann feadhna arís i dtionscnamh uile-Eorpach, Back from the Brink, le comhghleacaithe ón EBU. Le linn 2022, thacaigh RTÉ Fíorasach le roinnt tionscadal a bhain leis an aeráid agus d’éirigh leo maoiniú a fháil ón BAI. Cuireadh glao ar smaointe ón earnáil neamhspleách i gcrích i dtreo dheireadh na bliana 2022, rud a fhágfaidh go ndéanfar sraith nua a choimisiúnú isteach arís i sceideal buaicthráthanna RTÉ One. Táthar ag súil go mbeidh an tsraith seo ina eiseamláir maidir le heolas agus plé a bhaineann leis an aeráid ar feadh na mblianta atá le teacht.

Guthanna Ilchineálacha

Maidir lenár n-ábhar eile faisnéise, bhí eispéiris grúpaí ilchineálacha chun tosaigh. I mí Feabhra, rinne Vincent Hanley: Sex, Lies and Videotapes doiciméadú ar na heispéiris agus na dearcthaí a bhí ag pobal aerach na hÉireann le linn ghéarchéim SEIF na 1980idí. I mí na Bealtaine cuireadh 9:30pm ar an Luan ar fáil d’eispéiris na ndaoine is leochailí i measc na ndaoine a tháinig chun na tíre le déanaí ag lorg tearmainn: Thug Growing Up in Direct Provision guth do na leanaí a bhíonn i sáinn uaireanta i gcóras an stáit.

Gabhadh eispéiris dhiaspóra nua na hÚcráine in The War at Home i mí Mheán Fómhair, clár faisnéise álainn a léirigh iarrachtaí mhuintir na hÚcráine atá ina gcónaí in Éirinn agus mhuintir na hÉireann thar lear chun cabhair dhaonnúil a sholáthar dóibh siúd atá ag teitheadh ón gCogadh. Grúpa eile a chonaic go raibh ionadaíocht déanta ar a dtaithí den chéad uair go hiomlán ar ár scáileáin i mí na Bealtaine ná mná aosta. Rinne The Change: Ireland’s Menopause Story iarracht an tabú a bhaineann le plé poiblí ar an meanapás a bhriseadh agus chuir lucht féachana de gach aois fáilte mhór roimhe.