RTÉ: Ábhar na Bliana 2022

Drámaíocht agus Greann

In 2022 lean RTÉ lena straitéis chun ár liosta forbartha sa drámaíocht agus sa ghreann scripte a mhéadú, ar mhaithe le níos mó sraitheanna a chur amach ar an teilifís, ach níos tábhachtaí fós ar an RTÉ Player ó tharla gur sraitheanna scripte is mó a mbíonn tóir orthu ar an ardán sin.

In 2022 bhí Smother ar ais don dara sraith, seoladh North Sea Connection agus d’fhill Storyland, ar RTÉ 2 an uair seo, agus é cómhaoinithe ag Fís Éireann. Ina theannta sin, cuireadh tús le hobair ar an tsraith dheiridh de Smother, sraith 2 de KIN, an clár grinn Sisters agus an clár drámaíochta atá suite sa Nua-Shéalainn, The Gone.

Chuir comhpháirtíochtaí in Éirinn agus go hidirnáisiúnta ar ár gcumas na sraitheanna seo a dhéanamh, de réir mar a d’fhulaing tionscadail na drámaíochta boilsciú breise, mar gheall ar an staid eacnamaíoch i gcoitinne, ach freisin an dianiomaíocht do chriú ó na seirbhísí sruthaithe idirnáisiúnta.

Chabhraigh Fís Éireann arís le príomhthionscadail uile RTÉ a mhaoiniú, agus chuidigh ciste Léiritheoirí Closamhairc Réigiún an Iarthair leo sin a ndearnadh scannánaíocht orthu san Iarthar. I measc na gcomhpháirtithe idirnáisiúnta bhí AMC, Sundance, Acorn, ITV Studios, Bron, A&E agus Viaplay.

Chabhraigh na comhpháirtithe sin leis na sraitheanna seo a chur faoi bhráid lucht féachana idirnáisiúnta, agus Smother ar fáil anois i 160 críoch agus Hidden Assets díolta le príomhchraoltóirí amhail an BBC, France TV agus SBS Australia.

Drama on RTÉ One agus an RTÉ Player

Bliain ghnóthach a bhí in 2022 do dhrámaíocht úrnua Éireannach ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player agus Smother, North Sea Connection, agus Conversations with Friends craolta againn, chomh maith le dul i mbun léirithe ar shraith 2 de KIN a bhfuil an-tóir air, agus ag ullmhú do shraith 2 de Hidden Assets, a bheidh réidh don lucht féachana in 2023.

Craoladh sraith 2 de Smother, an scéinséir sé chlár atá suite i gCo. an Chláir agus a léiríonn Treasure Entertainment i gcomhpháirtíocht leis an BBC, ag 9.30pm ar an Domhnach ar RTÉ One ar feadh sé seachtaine ón 9 Eanáir. Faoi stiúir Dhathaí Keane agus scríofa ag Kate O’Riordan, Ursula Rani Sarma, Tom Farrelly agus Sonya Kelly, bhí sé dírithe ar mhatrarc theaghlach Ahern, Val Ahern, agus a triúr iníonacha agus iad ag iarraidh ciall a bhaint as teacht gan choinne deartháir leo agus gan fios acu go raibh a leithéid riamh ann. Tá Dervla Kirwan, Gemma-Leah Devereux, Niamh Walsh, Seána Kerslake, Dean Fagan agus Conor Mullen páirteach ann. Tá Smother díolta cheana féin le Peacock sna Stáit Aontaithe agus le Alibi sa Ríocht Aontaithe. Tá Sraith 3 taifeadta agus curtha i gcrích agus tá sé le craoladh i Ráithe 1 2023. Bhí 381,000 lucht féachana ar an meán agus sciar 30.1% ag Sraith 2 de Smother agus bhí os cionn 543,000 sruth ar an RTÉ Player idir an 9 Eanáir agus an 21 Feabhra.

Seoladh North Sea Connection, a léirigh Tristan Orpen-Lynch do Subotica agus Willim Diskay ó Mopar Media, le hinfheistíocht ó Mopar, Viaplay, RTÉ agus A+E International i mí Mheán Fómhair. Bhí an tsraith sé chlár dírithe ar theaghlach Kenny, teaghlach iascaireachta ar chósta thiar na hÉireann a tharraingítear isteach sa trádáil idirnáisiúnta drugaí. Is iad Sinéad Cusack, Kerr Logan, Lynn Rafferty, Lydia McGuinness agus Stuart Graham chomh maith leis na réaltaí Sualannacha Alida Morberg agus Claes Ljungmark atá páirteach ann. Ba iad Paul Murphy agus Hannah Quinn a stiúir North Sea Connection agus bhí 293,000 lucht féachana ar an meán aige agus sciar 27.2% ar fud na sraithe.

I mí na Bealtaine agus i mí an Mheithimh, craoladh an léiriúchán de chuid Element Pictures Conversations with Friends ar RTÉ One. Arís eile, ba iad an BBC agus Hulu sna Stáit Aontaithe na príomh-chomhpháirtithe, a chuir an chuid is mó den mhaoiniú ar fáil. Bunaithe ar an gcéad leabhar le Sally Rooney, ba shraith de dhá chlár déag leathuair an chloig a bhí inti. Amhail cóiriú Element Pictures roimhe seo de Normal People, ba é Lenny Abrahamson príomhstiúrthóir Conversations with Friends. Cé nár éirigh baileach chomh maith leis le Normal People, thaitin sé go háirithe le lucht féachana níos óige agus d’éirigh go fíormhaith leis ar an RTÉ Player le 840,000 sruth.

I mí Iúil agus i mí Lúnasa, chraol RTÉ One Harry Wild, sraith ocht gclár de choireacht bhog do Acorn i gcomhar le Dynamic agus RTÉ, ina raibh Jane Seymour páirteach agus é suite i mBaile Átha Cliath. Ba í an scríbhneoir Éireannach Jo Spain agus Scot David Logan a scríobh é. D’éirigh go hiontach leis an tsraith go hidirnáisiúnta agus tá an dara agus an tríú séasúr le taifeadadh i mBaile Átha Cliath in 2023.

Mar gheall ar chomh maith is a d’éirigh leis an gcéad sraith, taifeadadh an dara sraith de Kin le Peter McKenna in Éirinn agus sa Spáinn i rith an tsamhraidh agus i bhfómhar na bliana 2022. Táthar i mbun iarléirithe faoi láthair ar na cláracha seo. Beidh ar na réaltaí Clare Dunne, Charlie Cox, Emmett J. Scanlan, Aidan Gillen, Maria Doyle Kennedy agus Sam Keeley aghaidh a thabhairt ar naimhde láidre nua ó theaghlach agus ó phobal na gcarachtar féin agus ó thar lear. Tá Felix Thompson, Kate Dolan, Christine Molloy agus Joe Lawlor I measc na stiúrthóirí nua Kin.

Tar éis an rath a bhí ar an gcéad sraith, forbraíodh an scéinséir coireachta idirnáisiúnta Hidden Assets agus tá sé i mbun ullmhúchán do shraith 2. Is iad Siobhan Bourke agus Kathryn Lennon ó Saffron Moon a léirigh Hidden Assets le comhpháirtithe infheistíochta ó Acorn, Fís Éireann, Screen Flanders, Streamz agus Mediafonds sa Bheilg agus Facet 4 i gCeanada le DCD Rights ina chomhpháirtí dáileacháin idirnáisiúnta. Scríobh Peter McKenna, Sinead Collopy, Susan Connolly, Marty Fox agus Mary Thornton sraith 2 agus tá an tsraith á stiúradh arís ag Thaddeus O’Sullivan. Thug foireann Hidden Assets daoine cumasacha eiseamláireacha as Éirinn le chéile i scéinséir casta síceolaíoch atá scríofa ag Peter McKenna agus Morna Regan. Bhí na haisteoirí Angeline Ball, Simone Kirby, Peter Coonan, Aaron Monaghan agus Cathy Belton le feiceáil sa chlár in éineacht le Wouter Hendrickx agus Gilles De Schryver ón mBeilg agus na haisteoirí idirnáisiúnta Charlie Carrick agus Michael Ironside. Díoladh Hidden Assets leis an BBC agus le SBS, craoltóir poiblí na hAstráile. Tá cuid mhaith den scriptiú á dhéanamh nó á mhaoirsiú ag Mary Fox agus Marty Thornton, a tháinig tríd an tsraith Storyland in 2017.

Storyland ar RTÉ2

Bhí drámaí úrnua Éireannacha ar ais ar RTÉ2 le sraith nua de Storyland, ag bogadh go teilifís RTÉ den chéad uair, le trí dhráma uathúla, a bhí úrnua agus spreagúil. Coimisiúnaíonn Storyland RTÉ, i gcomhar le Fís Éireann, scripteanna nua lena gcur i láthair go sonrach ar an teilifís chun an bealach a réiteach do scríbhneoirí, stiúrthóirí agus léiritheoirí an lae amárach. Is iad Marty Fox agus Mary Thornton, atá ag scríobh trí chlár de shraith 2 de Hidden Assets faoi láthair, a scríobh dráma Storyland in 2017.

Ba spás forbartha tallainne é Storyland i gcónaí. Cuireann éagsúlacht na scéalta i mbliana béim ar dhaoine cumasacha iontacha nua Éireannacha atá ag stiúradh agus ag scríobh, le trí dhráma a bhfuil stíleanna agus toin éagsúla acu, gach ceann acu ag cur guthanna agus físeanna nua os comhair lucht féachana na hÉireann. Léiríonn na guthanna ilghnéitheacha agus iontaofa seo an cheird agus an úrnuacht a chothóidh earnáil drámaíochta teilifíse na hÉireann, earnáil atá ag fás go tapa.

Is í Eva O’Connor a scríobh Mustard, scéal as an ngnáth faoi fhéindochar, faoi stiúir Hildegard Ryan agus léirithe ag Jason Forde do Four Quadrant Films. Is í Rioghnach Ní Ghrioghair a scríobh agus a stiúir Balor Hall agus Deirdre Levins a léirigh é do Fantastic Films. Scríobh Sinead Collopy Every Five Miles, scéal corraitheach faoi gháinneáil ar dhaoine, faoi stiúir Vincent Lambe agus léirithe ag Colmán Mac Cionnaith do Vico Films.

I gcomhpháirtíocht le Fís Éireann, leanann RTÉ de dhaoine cumasacha ilchineálach nua agus smaointeoireacht nua a aimsiú, a chothú agus infheistíocht a dhéanamh iontu trí Storyland, chun gairmeacha a chur chun cinn agus chun borradh a chur faoin tionscal ar fad. Is léiriú iontach iad drámaí na bliana seo ar an infheistíocht sin.

Greann

Tá sé de chúram ar RTÉ Comedy réimse éagsúil d’ábhar grinn a fhorbairt agus a léiriú ar fud ardáin éagsúla RTÉ. Mar aon le tacú le daoine cumasacha grinn seanbhunaithe ar nós Tommy Tiernan, tacaíonn RTÉ Comedy le forbairt na scríbhneoireachta grinn agus le daoine cumasacha taibhiúcháin atá ag teacht chun cinn.

Dúshlánach in amanna, ach tarraingteach i gcónaí, tarraingíonn príomh-airíonna an ghrinn líon ard lucht féachana go seasta (Mrs Brown’s Boys, Tommy Tiernan Show). Ach tá ár rannpháirtíocht le lucht féachana níos óige a mbíonn claonadh acu úsáid a bhaint as na meáin, nach cainéil thraidisiúnta RTÉ iad, agus tacú le daoine cumasacha nua grinn, fós ar an tosaíocht is tábhachtaí ag RTÉ Comedy. Tar éis dul i gcomhairle leis an earnáil neamhspleách sa bhliain 2022, choimisiúnaíomar No Worries If Not. Cuireadh struchtúr sonrach air chun teacht i dtír ar dhaoine cumasacha grinn atá ag teacht chun cinn ó shaol TikTok agus Instagram, agus craoladh an tsraith sceitse sé chlár seo i bhfómhar 2022. D’éirigh thar barr léi ó thaobh líon suntasach daoine idir 15-24 bliana d’aois a mhealladh go dtí ardáin shóisialta RTÉ agus ar an RTÉ Player. I measc na príomhchléire bhí daoine cumasacha atá ag teacht chun cinn amhail Michael Fry agus Justine Stafford, a thug a lucht leanúna mór chuig RTÉ2 agus cainéil meán sóisialta RTÉ.

Tá glacadh maith ag lucht féachana i gcónaí le greann nua a bhfuil script leis ar an RTÉ Player, agus in 2022 choimisiúnaíomar an dara sraith de Free Gaff. Is iad na haisteoirí nua Darren Conway agus Joe McGucken a bhí páirteach ann agus bhí Free Gaff ar cheann de na cláracha úrnua ba mhó a raibh tóir air ar an RTÉ Player. Craoladh é freisin mar mhionsraith ar RTÉ2. Ar RTÉ2 freisin, rinneamar athchoimisiúnú ar an dara sraith de Clear History. Is sraith phainéil formáidithe é seo arna cur i láthair ag Kevin McGahern, Joanne McNally agus Jason Byrne agus inar féidir leis na haíonna imeachtaí náireacha a tharla dóibh san am atá caite a scriosadh as cuimhne na ndaoine. Chruthaigh an tsraith deis freisin do scríbhneoireacht nua chomh maith le hardán a thabhairt do dhaoine cumasacha grinn nua a bheith ina n-aíonna.

Tháinig an clár de chuid RTÉ Comedy a bhfuil gradaim buaite aige, an Tommy Tiernan Show, ar ais ar RTÉ One.

Tháinig an clár de chuid RTÉ Comedy a bhfuil gradaim buaite aige, an Tommy Tiernan Show, ar ais ar RTÉ One. In 2022 lean an tsraith d’aíonna ó réimse éagsúil cúlraí a chur inár láthair agus tharla comhráite macánta le daoine cáiliúla agus le gnáthdhaoine araon a raibh scéalta neamhghnácha acu, agus gan fios ag Tommy roimh ré cé a bheadh os a chomhair amach. Bhí an séasúr ba láidre ag an gclár uathúil seo in 2022. I measc na n-aíonna a bhí ar an gclár bhí Joanne McNally, Steve Coogan, Gabriel Byrne agus Roger Daltrey. Bíonn tóir leanúnach ar Callan’s Kicks gach Aoine ar RTÉ Radio 1 agus d’fhill Oliver Callan agus 2022 ag druidim chun deiridh chun a léargas aorach féin ar an mbliain a thabhairt dúinn in Callan Kicks the Year 2022, le cúnamh ó na carachtair is mó cáil ó shaol na polaitíochta, ó shaol na siamsaíochta agus ón saol poiblí. Bhí an-tóir go deo ar dhá chlár de Mrs Brown’s Boys faoi Nollaig, agus bhí sciar 40% ag clár Oíche Chinn Bliana. Leanfaidh an seó móréilimh seo ar aghaidh in 2023, agus beidh níos mó cláracha i gceist.

Is colún de chuid RTÉ Comedy iad na Cláracha Grinn a bhfuil Script leo agus is é an luach saothair is mó as na daoine cumasacha a fhorbraímid. Chomh maith le bheith ina fhreagra ar na dúshláin atá ag méadú de shíor ó SVOD, tugann ár straitéis ghrinn maidir le hábhar grinn a bhfuil script leis deis thábhachtach dúinn ár n-infheistíocht a threisiú agus daoine cumasacha Éireannacha a chur i láthair lucht féachana agus margaí idirnáisiúnta. Sampla maith de seo is ea Sisters. Tar éis tréimhse forbartha a bhí faoi stiúir RTÉ Comedy, choimisiúnaíomar an dráma grinn sé chlár seo faoi stiúir Declan Lowney, a ainmníodh do Ghradam Emmy, agus ina bhfuil Susan Stanley agus Sarah Goldberg a ainmníodh do Ghradam Emmy. Craolfar é in 2023 ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player agus ar AMC sna Stáit Aontaithe, agus táthar ag súil le díolacháin ar fud an domhain.

Cé go bhfuil RTÉ ag tacú ar bhonn leanúnach le geandrámaíocht de chuid na hÉireann agus ag forbairt ábhar a bhfuil script leis agus ábhar neamhscripte araon, leanadh arís le roinnt sraitheanna grinn a bhfuil script leo a fhorbairt in 2022, go leor acu i gcomhpháirtíocht le Fís Éireann. Leanfar leis an bpróiseas forbartha ar fud na sraitheanna nua a bhfuil script leo in 2023.