RTÉ: Ábhar na Bliana 2022

Spórt RTÉ

Ba í 2022 an bhliain ina raibh réaltaí spóirt na hÉireann ar thús cadhnaíochta ar fud an domhain i ndisciplíní éagsúla agus chuir Spórt RTÉ faoi bhráid lucht féachana na hÉireann iad. Ó rámhaíocht, gleacaíocht, dornálaíocht agus rugbaí, bhain líon níos mó ná riamh de lucht spóirt na hÉireann stádas amach ina seaimpíní domhanda agus ina n-imreoirí domhanda na bliana, rud a chinntigh go raibh rath ar spórt na hÉireann i bhfad agus i gcéin. As na 10 gclár ba mhó lucht féachana ar RTÉ, ba chláracha spóirt beo naoi gcinn acu. Is rud é an spórt i gcónaí a thugann lucht féachana agus éisteachta le chéile, a spreagann iad agus a chuireann faoi dhraíocht iad.

I mbliain ina raibh dhá mhórchomórtas – Comórtas Euro na mban agus Corn Sacair Domhanda na bhfear – go mór i gceist sa samhradh agus sa gheimhreadh, bhí lucht féachana dosháraithe Spórt RTÉ faoi dhraíocht agus faoi gheasa ag Messi, Mbappé agus Mead. Chuir RTÉ dhá chomórtas ollmhóra ina n-iomláine ar fáil do lucht féachana ar theilifís saorchraolta chun go bhféadfadh gach buachaill agus cailín a laochra spóirt a fheiceáil. Ina theannta sin, cuireadh béim níos mó ná riamh ar cheisteanna na huileghabhálachta, an chomhionannais agus na hilchineálachta, ós rud é gur i gCatar a bhí Corn Domhanda na bhfear ar siúl.

D’fhill rugbaí na hEorpa ar RTÉ den chéad uair le 16 bliana, i dteannta chomórtais na Sé Náisiún agus an URC, agus méadú déanta ar réimse chearta spóirt RTÉ.

Ag leibhéal an chraobhchomórtais, na sraithe agus na gclubanna, tharraing CLG ár n-aird arís agus cuireadh faoi gheasa muid nuair a chuaigh réalta na glúine seo, David Clifford, ó neart go neart agus chinntigh iománaithe Luimnigh go mbeidh cuimhne orthu i saol an spóirt go deo. Ní hamháin gur ghlac rámhaithe, dornálaithe agus gleacaithe na hÉireann páirt i gcomórtais ar fud an domhain, ach d’éirigh leo ina ndisciplíní faoi seach, agus bhí a n-iarrachtaí agus a mbuanna le feiceáil ag ár lucht féachana ar fud ardáin RTÉ.

Ní dhéanfar dearmad choíche ar an oíche a cháiligh foireann sacair idirnáisiúnta na mban do Chorn an Domhain. Ina mbua, thug siad pobal an Chraoslaigh chun cuimhne agus iad faoi réir do stáitse an domhain i bpríomhócáid spóirt an tsamhraidh seo chugainn.

Is féidir linn a bheith ag féachaint chun cinn go muiníneach do 2023 ar fud na n-ardán ar fad agus fios againn nuair a thabharfaidh Éire aghaidh ar an domhan i rugbaí na bhfear agus i sacar na mban, ó Pháras go Perth, go mbeidh RTÉ ann chun ár lucht féachana a thabhairt níos gaire don spórt beo sin ar fad.

Spórt na mBan á Chur Chun Cinn

Ba é RTÉ lárionad shacar na mban i mí Iúil agus gach ceann den 31 cluiche in Euro 2022 na mBan UEFA á gcraoladh beo– an chéad uair riamh ar theilifís phríomhthrátha na hÉireann – ag leanúint le tiomantas RTÉ do spórt na mban. Bhí RTÉ2 agus RTÉ Player ann freisin nuair a bhuail Poblacht na hÉireann Albain i nGlaschú sa chluiche ba mhó riamh i stair shacar na mban in Éirinn.

Mar thoradh ar bhua fhoireann Vera Pauw, rinneadh gaisce nach ndearnadh riamh roimhe sin nuair a cháiligh na mná go díreach do Chorn Domhanda na mBan FIFA a bheidh ar siúl san Astráil agus sa Nua-Shéalainn an samhradh seo chugainn. Beidh RTÉ ann don chomórtas ar fad, tar éis dó cearta craolta a fháil trí chomhaontú EBU le FIFA a chlúdaíonn 28 críoch thar ceann 32 craoltóir seirbhíse poiblí de chuid EBU.