RTÉ: Ábhar na Bliana 2022

Nuacht & Cúrsaí Reatha RTÉ

De réir mar a chuaigh géarchéim na hÚcráine in olcas ag tús mhí Feabhra 2022, d’eitil Eagarthóir na hEorpa Tony Connelly agus a cheamaradóir Bram Verbeke atá lonnaithe sa Bhruiséil chun na hÚcráine chun tuairisciú ón bpríomhchathair, Cív. Bhí Nuacht RTÉ ar an láthair nuair a thrasnaigh trúpaí na Rúise isteach san Úcráin, agus é ag tuairisciú ar an ngéarchéim dhaonnúil. Sna laethanta ina dhiaidh sin, ar líne agus ar an raidió agus ar an teilifís, rinneamar doiciméadú ar an eagla a bhí ar na daoine nach raibh in ann teitheadh agus ar mhisneach na ndaoine a bhí meáite ar throid agus léiríomar briseadh croí na dteaghlach a bhí tarraingthe óna chéile ag cogadh. Sna seachtainí agus sna míonna ina dhiaidh sin, san Úcráin agus ar an láthair i dtíortha in aice láimhe san Eoraip, mar aon leis na hiarrachtaí sa bhaile, lean iriseoirí ar fud Nuacht agus Chúrsaí Reatha RTÉ ag insint an scéil: ní hamháin i mBéarla ach i nGaeilge freisin, rud a léiríonn an ról tábhachtach a bhíonn ag foireann Bhaile na hAbhann gach lá, agus nuacht á bailiú i mBéarla agus i nGaeilge. Lean Nuacht RTÉ de bheith i gceannas ar chlúdach na mórimeachtaí náisiúnta i rith na bliana, lena n-áirítear tragóid phobal an Chraoslaigh, Co. Dhún na nGall, toghcháin Chomhthionól Thuaisceart Éireann, agus anailís dhomhain ar Bhuiséad na mbilliún euro chun dul i ngleic le géarchéim an chostais maireachtála.

Dhírigh Nuacht & Cúrsaí Reatha RTÉ ar a lucht féachana níos óige agus rinne iarracht é sin a mhéadú trí dhíriú ar a chuntas nua TikTok, a bhfuil 150,000 leantóir bainte amach aige i mbeagán os cionn bliana.

Mar phríomhshraith chúrsaí reatha RTÉ, phlé Prime Time na ceisteanna is tábhachtaí i sochaí na hÉireann agus nocht sé scéalta cumhachtacha pearsanta. Thosaigh an bhliain amach le seachtain iomlán dírithe ar thithíocht neamh–inacmhainne - fadhb a mbíonn ar gach glúin dul i ngleic leis – le hanailís dhomhain, díospóireacht, sonraí agus ábhar físe chomh maith le dhá chlár teilifíse ar leith a craoladh beo. Nochtadh i dtuairiscí speisialta Prime Time freisin fadhb na handúile i gcóidín, mar gur léiríodh nach raibh cógaslanna na hÉireann ag leanúint treoirlínte maidir le díol cóidín; an chuma atá ar mhórshráid na príomhchathrach, Sráid Uí Chonaill; an ghéarchéim cúraim baile; agus an tionchar a bhíonn ag mí-úsáid ar líne ar imreoirí agus ar oifigigh sa CLG.

Le linn na bliana leanamar lenár dtiomantas do shaincheisteanna aeráide a chlúdach le Prime Time Climate Specials, a scrúdaigh éilimh ‘ghlasa’ cuideachtaí, a d’fhiafraigh an seasann gealltanais mhargaíochta, a scrúdaigh an nasc idir caillteanas dúlra na hÉireann agus an t-athrú aeráide, a d’fhéach ar an dochar atá déanta don timpeallacht cheana féin agus a rinne iniúchadh ar réitigh fhéideartha. Díríodh aird ar gheilleagar ciorclach Amstardam roimh straitéis bheartaithe na hÉireann agus scrúdaíomar an dá ghéarchéim a bhaineann le caillteanas bithéagsúlachta agus athrú aeráide na hÉireann.

Thug ár sraith Climate Heroes léargas ar na daoine atá ag seasamh an fhóid chun an timpeallacht a chosaint agus dul i ngleic leis an athrú aeráide. Cé go dtagann na daoine seo ó gach gné den saol, tá comhchuspóir acu: an domhan timpeall orainn a fheabhsú. Lean an tsraith mhór dhigiteach i gcaitheamh 2022 ar fad, agus rinneadh na 50 tuairisc ar fad a thaifeadadh agus a chur in eagar ar fhón póca, ag sroicheadh lucht féachana ar ardáin dhigiteacha agus meán sóisialta.

Tá Nuacht RTÉ ag cur lena chlúdach idirnáisiúnta ar líne agus ar an aer. I mbliana d’fhógair Nuacht RTÉ go raibh róil nua á gceapadh, leis na hiriseoirí Yvonne Murray ina Tuairisceoir Slándála Domhanda lonnaithe i Nua-Eabhrac; Liam Nolan ina Thuairisceoir Oirthear na hEorpa lonnaithe i Vársá, an Pholainn; agus Kagweni Micheni ina Thuairisceoir na hAfraice lonnaithe in Nairobi, an Chéinia. Tá siad ag tuairisciú ar réimse leathan saincheisteanna lena n-áirítear obair Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, ról na hÉireann i síochánaíocht agus i gcóras na Náisiún Aontaithe, tionchar an athraithe aeráide ar mhór-roinn na hAfraice agus saincheisteanna geopholaitiúla domhanda. Faigheann an leathnú seo ar chlúdach nuachta thar lear cúnamh ó mhaoiniú ón Global Ireland Media Challenge Fund.

In 2022, bhí Nuacht RTÉ ar cheann de na chéad dosaen soláthraí meán a bhí chun tosaigh ar fud an domhain mar eagraíochtaí meán deimhnithe de chuid an Journalism Trust Initiative, in éineacht le craoltóir teilifíse seirbhíse poiblí náisiúnta na Fraince, France TV, Corparáid Craolacháin na hEilvéise agus Corparáid Craolacháin Cheanada. Tá sé mar aidhm ag an Journalism Trust Initiative iriseoireacht agus foinsí nuachta iontaofa a chur chun cinn, ag cabhrú le dul i ngleic leis an mbréagaisnéis. Faigheann sé tacaíocht ó Aontas Craolacháin na hEorpa agus tá sé glactha go foirmiúil ag an Údarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann.

I mbliana ceapadh Deirdre McCarthy ina Stiúrthóir Bainistíochta, Nuacht & Cúrsaí Reatha RTÉ, tar éis comórtas poiblí. Is í Deirdre an chéad bhean atá ceaptha sa phost tábhachtach seo.

RTÉ Investigates

In 2022 d’eascair roinnt comhráite náisiúnta as tuairiscí ceannródaíochta ó RTÉ Investigates agus tharla athrú polaitiúil agus sóisialta in Éirinn mar gheall orthu.

I mí Feabhra, scrúdaigh RTÉ Investigates – Domestic Abuse, a Year in Crisis an tionchar a bhí ag dianghlasáil Covid-19 ar mharthanóirí mí-úsáide baile in Éirinn. Taifeadadh an clár faisnéise thar 12 mhí i roinnt tearmann agus seirbhísí tacaíochta ar fud na tíre, áit ar tháinig méadú faoi cheathair ar ghlaonna éigeandála ó mharthanóirí mí-úsáide baile le linn na tréimhse sin.

Tar éis dóibh rochtain nach bhfuarthas riamh cheana a thabhairt do RTÉ Investigates, rinne baill foirne cur síos ar a streachailt laethúil chun marthanóirí a choinneáil sábháilte, mar go mbíonn orthu fanacht ina gcónaí lena mí-úsáideoirí mar gheall ar an nganntanas áiteanna tearmainn. Idir smacht comhéigneach agus patrúin leantacha foréigin teaghlaigh agus feimeamharú agus an turas trámach tríd an gcóras ceartais, nocht an clár faisnéise scéalta na ndaoine ar a bhfuil na staitisticí bunaithe.

Tar éis an chláir, gheall an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee maoiniú breise chun líon na n-áiteanna tearmainn a mhéadú. Tá na háiteanna sin á gcur ar fáil anois de réir a chéile.

Bliain i ndiaidh a chéad exposé, dhírigh RTÉ Investigates aird arís ar uchtuithe stairiúla mídhleathacha na hÉireann, ag nochtadh an chaoi, in ainneoin na ngealltanas de thacaíocht ón Rialtais, a raibh go leor daoine a uchtaíodh fós ag cuardach freagraí 12 mhí níos déanaí agus ag streachailt i gcónaí chun a bhféiniúlachtaí cearta a fháil amach. I mí an Mhárta d’fhoilsigh an Rialtas tuarascáil ar chleachtas stairiúil na n-uchtuithe mídhleathacha in Éirinn a thiomsaigh an tOllamh Conor O’Mahony, an Rapóirtéir Speisialta ar Chosaint Leanaí.

Chaith RTÉ Investigates sé mhí ag scrúdú conas a dhéanann údaráis áitiúla a ngnó a bhainistiú agus a mhaoirsiú. Nocht an clár teipeanna córasacha, a cheadaigh cuntasaíocht bhréagach agus calaois fostaithe. D’fhéach RTÉ Investigates: Council Chamber Secrets ar an gcaoi nár tharla na hathchóirithe a gealladh tar éis na mbinsí fiosrúcháin.

I mí na Bealtaine, nocht RTÉ Investigates gur cuireadh ionsaithe gnéis ar othair i leith an dara dochtúir in Ospidéal Ginearálta an Náis. Roimhe sin, i mí na Samhna 2021, nocht an clár go raibh trí imscrúdú ar leithligh ar siúl san ospidéal maidir le sraith gearán faoi amhras go ndearna dochtúir ionsaí gnéis ar othair a bhí gan aithne in 2016. Nocht RTÉ Investigates gur cuireadh clárúchán leighis dochtúra eile a bhí ag obair san ospidéal ar ceal bliain roimhe sin, in 2015, tar éis do bheirt othar óg fir gearán a dhéanamh.

I mí Dheireadh Fómhair nocht RTÉ Investigates fianaise nua a bhain le bás an Athar Niall Molloy in 1985. I mí Dheireadh Fómhair nocht RTÉ Investigates fianaise nua a bhain le bás an Athar Niall Molloy in 1985. Den chéad uair, bhí cur síos i ndoiciméid a d’aimsigh lucht an cláir, ó bhéal Richard Flynn féin, ar leithead a ionsaí ar an Athair Molloy agus an chúis, b’fhéidir, a bhí leis an ionsaí sin.

Ag leanúint óna imscrúdú in 2015 ar bhreabaireacht bainisteoirí ospidéil ag cuideachta soláthair trealaimh ospidéil, thuairiscigh RTÉ Investigates ar an gcaoi ar bhronn FSS conarthaí nua ar an gcuideachta laistigh de sheachtainí tar éis an nochta.

I mí na Nollag seo caite, nocht RTÉ Investigates an chaoi a raibh mórpháirc ghnó de chuid an IDA faoi imscrúdú mar gheall ar thruailliú arís is arís eile ar an gcóras uisce áitiúil i Luimneach agus éilimh na talmhaíochta, an chomhshaoil agus an tionscail ag teacht salach ar a chéile.