RTÉ: Ábhar na Bliana 2022

Na hEalaíona agus an Cultúr
De réir mar a tháinig laghdú ar thionchar na paindéime domhanda in 2022 agus de réir mar a tháinig gníomhaíochtaí ealaíne agus cultúrtha ar ais gar do na leibhéil a bhí ann roimhe seo, bhí RTÉ in ann réimse agus méid níos mó d’ábhar ealaíon agus cultúir a chraoladh, idir imeachtaí le lucht féachana beo agus léiriúcháin choimisiúnaithe. Agus é sin á dhéanamh, lean RTÉ de thosaíocht a thabhairt d’ábhar sainiúil ealaíon agus cultúir na hÉireann a chruthú chun lucht féachana leathan a mhealladh agus tacú le raon agus ilghnéitheacht iomlán ealaíontóirí cruthaitheacha agus taibhithe na hÉireann agus iad a chothú.
Teilifís
I measc na gcláracha faisnéise teilifíse a raibh tóir ag lucht féachana mór orthu bhí 100 years of Ulysses, Songs of the Open Road (le Thomas McCarthy), Tommy Tiernan’s Epic West agus A Note for Nature, léiriú a rinne iarracht ceol agus taibhiú a chomhcheangal le híomhánna agus machnamh ar na brúnna a chuirtear ar ár dtimpeallacht nádúrtha. Ag an am céanna, lean RTÉ ar aghaidh ag coimisiúnú mórchláracha faisnéise teilifíse ar mhór-ealaíontóirí na hÉireann le Brian Friel – Shy Man, Showman, Micheál Ó Súilleabháin: Between Worlds, Francis Bacon: The Outsider agus an dearthóir faisin aitheanta, Clodagh. Chomh maith leis sin bhí The Works Presents, a chuir sraith eile leo de phróifílí iontacha de na healaíontóirí, Eimear Noone, John Boyne, Eilis O’Connell, Robert Ballagh agus Conor McPherson.
I measc na mbuaicphointí eile ar an teilifís bhí Culture Night – Live at Lough Boora, agus an ócáid ag filleadh ar an dea-uair mar chraoladh beo ar RTÉ don Oíche Chultúir. Bhí réimse ilchineálach ealaíontóirí ag seinm i dteannta Cheolfhoireann Coirme RTÉ agus taobh léi i suíomh aitheanta a d’éascaigh an meascán ceoil agus taibhithe a rinne machnamh ar na dúshláin atá le sárú ag ár dtimpeallacht nádúrtha.
Raidió
I measc na gcláracha Ealaíon agus Cultúir ar RTÉ Radio 1 leanadh le sraith de chláracha speisialta Luan Saoire Bainc, dar teideal The RTÉ Concert Orchestra Presents ..., san áireamh bhí ceol Paul McCartney a chuir Paul Muldoon in aithne, chomh maith le ceol David Byrne. Craoladh na RTÉ Radio 1 Folk Awards beo arís ó Vicar Street, le clár buaicphointí teilifíse ina dhiaidh sin. In The County Measure, mórthionscadal nua de chuid RTÉ Radio 1 a dhéanann comóradh ar Dheich mBliana na gCuimhneachán, chuaigh an láithreoir Vincent Woods ar thuras ilbhliantúil chun atlas raidió na hÉireann a chruthú, a chuir beagán d’fhéiniúlacht chultúrtha gach ceann de na 32 contae in iúl, agus thrasnaigh ocht gcinn sa chéad bhliain seo.
Bhí cláracha rialta ealaíon agus cultúir lárnach i gcónaí in aschur RTÉ Radio 1. I measc na gcláracha a cruthaíodh do lucht féachana ar leith bhí The Rolling Wave agus Céilí House, agus thapaigh an péire acu an deis taifeadadh beo a dhéanamh ó phobail ar fud na tíre; an t-irischlár a chraoltar ar laethanta na seachtaine Arena; South Wind Blows; Folk on One; The Poetry Show; agus an dara sraith de scríbhneoireacht choimisiúnaithe in Spoken Stories – Creatures of the Earth.
Lean Comórtas Gearrscéalta RTÉ ar aghaidh ag aimsiú agus ag cúiteamh daoine cumasacha nua scríbhneoireachta na hÉireann ar Rte.ie/culture agus RTÉ Radio 1, le scéal Gaeilge, ‘Cnámharlach Uaigneach’ le Nicola Crean, á léamh ag Denis Conway, i measc bhuaiteoirí dhuaiseanna na bliana seo. Mar an gcéanna, lean na sraitheanna seasta a mbíonn tóir ag lucht féachana mór agus leathan orthu amhail Sunday Miscellany agus Book on One, ina raibh an t-údar a bhfuil duaiseanna bainte aici, Claire Keegan, ag léamh a saothair féin Small Things Like These.
Lean aschur lyric fm RTÉ ag freastal ar a lucht éisteachta atá ag fás trína mheascán sainiúil de cheol Éireannach agus idirnáisiúnta, ó luath ar maidin le Marty in the Morning go Classic Drive agus isteach sa tráthnóna le The Mystery Train, Vespertine agus The Blue of the Night. Bhí an Cheolfhoireann Shiansach Náisiúnta le cloisteáil go rialta ar RTÉ lyric live, léirithe thar a bheith ilchineálach ó Cheolfhoireann Coirme RTÉ lena n-áirítear léirmhínithe nua de Pheadar agus an Mac Tíre (Peter and the Wolf) a bhí á aithris ag Aedín Gormley agus The Carnival of the Animals a bhí á aithris ag Marty Whelan, agus craoltaí beo chuig críocha idirnáisiúnta trí Aontas Craolacháin na hEorpa (EBU) ó Fhéile Cheoil Aireagail Iarthar Chorcaí. I measc na n-aschur ceoldrámaíochta rialta bhí clúdach domhain ar Fhéile Cheoldrámaíochta Loch Garman, lena n-áirítear dhá cheoldráma a craoladh beo ar fud an EBU, mar aon le léiriúcháin ó Music for Galway, Cork Opera House agus Compántas Náisiúnta Ceoldrámaíochta Éireann.
I measc na dtionscadal nua sainiúil bhí rannpháirtíocht i Mí Stair na nDaoine Dubha, ag cur béim ar oidhreacht iontach cumadóirí, stiúrthóirí agus taibheoirí Dubha, agus sraith nua sé chuid, Root and Branch, ón éiceolaí Anja Murray agus ón gceoltóir traidisiúnta Brían MacGloinn, a chuir ceiliúradh tráthúil ar fáil don lucht féachana i bhfocail agus in amhráin de chrainn dhúchasacha na hÉireann agus a n-áit inár n-oidhreacht agus inár n-éiceachóras.
Ar líne
Thug RTE.ie/Culture rochtain ar éileamh arís don lucht féachana agus éisteachta ar an ábhar ealaíon agus cultúir is fearr a tarraingíodh ó chláir teilifíse agus raidió RTÉ. Buaicphointe ba ea óstáil raon ábhar a rinne ceiliúradh ar chomóradh céid shárshaothar James Joyce, Ulysses. I measc na n-imeachtaí beo a bhí le feiceáil bhí léirithe sruthaithe ó Fhéile Cheoldrámaíochta Loch Garman, Other Voices, an Cheolfhoireann Shiansach Náisiúnta agus Comórtas Idirnáisiúnta Pianó Bhaile Átha Cliath. D’óstáil RTE.ie/Culture réimse ábhar suntasach freisin ó eagraíochtaí cultúrtha eile, lena n-áirítear An Chomhairle Ealaíon, Oíche Chultúir agus Féile First Fortnight.
Ceolfhoireann Coirme RTÉ Chuir Ceolfhoireann Coirme RTÉ fáilte roimh thús a bheith arís leis na ceolchoirmeacha os comhair lucht féachana beo, ag tosú i mí Eanáir le ceol John Williams á chur i láthair lucht féachana in ionaid lán go doras i nGaillimh, Luimneach agus Baile Átha Cliath, ag leanúint ar aghaidh le ceolchoirmeacha clasaiceacha beo ag am lóin ar lyric fm RTÉ i rith mhí Lúnasa, agus ag críochnú le seó mór snagcheoil le Guy Barker le téama Nollag sa Helix i mí na Nollag. Measctha isteach lena sceideal ceolchoirme craolta, bhí clár buaicphointí i sceideal teilifíse Cheolfhoireann Coirme RTÉ ar RTÉ One inar sheinn siad ceol Thin Lizzy beo ó Dhún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath, agus bhí siad le feiceáil ar chláracha móra lena n-áirítear The Tommy Tiernan Show agus Dancing with the Stars. I measc na dtionscnamh nua ar Raidió RTÉ bhí ceolchoirm bheo speisialta le Arena ar RTÉ Radio 1 agus, le RTÉ lyric fm, léiriúcháin cheolchoirme chraolta de Marty in the Evening agus Movies and Musicals. |