RTÉ: Ábhar na Bliana 2022

Siamsaíocht agus Ceol

Lean RTÉ de lear mór cláracha siamsaíochta buaicthráthanna a choimisiúnú ó léiritheoirí neamhspleácha dá aschur siamsaíochta agus ceoil, ina raibh ábhar siamsaíocht nua, daoine cumasacha sa cheol agus filleadh na gcláracha is fearr le daoine.

Ar RTÉ One, in 2022 d’fhill dhá chlár a raibh an-tóir go deo orthu - Ireland’s Fittest Family, atá léirithe ag Animo TV, agus Dancing with The Stars, atá léirithe ag Shinawil. I mí Eanáir chuir muintir na tíre snas ar a mbróga damhsa don chúigiú sraith den tsraith shiamsaíochta an-rathúil, agus líon mór ag féachaint air chun lionn dubh an gheimhridh a dhíbirt. In éineacht le Jennifer Zamparelli agus Nicky Byrne bhí an moltóir nua Arthur Gourounlian agus i measc na cléire a bhí chun steip a dhéanamh bhí Billy McGuinness, Erica Cody agus Gráinne Seoige, sular thug Nina Carberry na cosa léi leis an ngradam.

Níos déanaí sa bhliain d’fhág Nina na bróga damhsa ina diaidh chun bheith ina cóitseálaí ar Ireland’s Fittest Family. Bhí réimse iontach d’imeachtaí spreagúla sa tsraith, chomh maith le teaghlaigh inspioráideacha ó gach cearn den tír agus ár gcóitseálaithe díograiseacha, a thacaíonn agus a spreagann ár n-iomaitheoirí. Ag cruthú go bhfuil ábhar úrnua na hÉireann ar chaighdeán den scoth, thug an deichiú sraith den fhormáid, ar thacaigh RTÉ léi den chéad uair in 2014, lucht féachana le chéile, agus tá gach cosúlacht air go bhfuil an fhormáid siamsaíochta dhúchasach seo anois ar cheann de na cláracha is fearr le teaghlaigh.

Ábhar nua ó earnáil na léiriúchán neamhspleách

Chun cur leis an tsamhail seo, seoladh feachtas forbartha nua le hearnáil na léiriúchán neamhspleách i gcoitinne chun glúin nua d’ábhar úrnua Éireannach a chinntiú chun luí isteach leis na formáidí atá ann cheana. Mar thoradh ar obair fhairsing thar roinnt míonna bhí cláracha coimisiúnaithe agus cláracha píolótacha nua, a fhógrófar in am trátha agus a bheidh le feiceáil ar an scáileán níos déanaí in 2023 agus in 2024. Craoladh ceann de na chéad chláracha a tháinig chun cinn as sin faoi Nollaig nuair a léirigh Adare Productions seó siamsaíochta nua a thug ár n-ardáin chraoltóireachta le chéile, agus a chuir réaltaí 2FM Breakfast ar an scáileán. Ba chlár nua 30 nóiméad a bhí in The Full Irish Hidden Camera Show, arna chur i láthair ag Doireann Garrihy, Donncha O’Callaghan agus Carl Mullan. Tugann an clár gnéithe den ghreann agus den chleasaíocht thraidisiúnta le chéile chun rud éigin nua agus comhaimseartha a léiriú. Thaitin an clár go maith leis an lucht féachana agus craolfar sraith iomlán in 2023. Thugamar faoi chur chuige nua freisin maidir le seó traidisiúnta na hAthbhliana leis an New Year’s Eve Party with Jennifer Zamparelli. An fhoireann léiriúcháin inmheánach a bhí i mbun léirithe ar an gclár ina raibh 75 nóiméad de cheol, de ghreann, de cheiliúradh agus de chomhrá a thug ardán do chumas breá taibheoirí éagsúla. Chuir an lucht féachana fáilte chroíúil roimh leithéidí Tom Grennan, MuRli le Jafaris, Donovan, agus Ash ag seinm le Ceolfhoireann Coirme RTÉ.

Chuir an fhoireann léiriúcháin inmheánach Late Late Toy Show, a raibh téama an Wizard of Oz aige, inár láthair chomh maith agus d’éirigh go hiontach leis. Léiríonn sin arís eile nach bhfuil áit ar bith eile gur mhaith leis an lucht féachana is mó den bhliain a bheith ná ag féachaint ar ‘The Toy Show’. D’fhill an Tommy Tiernan Show, a bhfuil gradaim buaite aige, agus atá léirithe ag Power Pictures. Tháinig an clár i dtír ar shrianta Covid trí dhlúthchaidreamh agus tréine na gcomhráite macánta a threisiú, rud a fhágann gur pléisiúr é an clár uathúil seo don lucht féachana nach maith leo é a chailleadh. Le haíonna amhail Joanne McNally, Steve Coogan, Gabriel Byrne agus Roger Daltrey, bhí an tsraith seo ar an gceann is rathúla go dtí seo. Tháinig Home Advantage, clár thráth na gceist do theaghlaigh, ar ais don dara sraith agus ba í Jennifer Zamparelli a chuir i láthair é.

Sa cheol, d’fhill Other Voices, a léirigh South Wind Blows, don 20ú sraith agus chuir Annie Mac réimse saibhir ceoil i láthair ar an scáileán, lena n-áirítear roinnt de na ceoltóirí agus amhránaithe is fearr in Éirinn, amhail Dermot Kennedy agus Orla Gatland agus ceoltóirí idirnáisiúnta amhail Sigrid agus Sam Fender. I gcomhpháirtíocht raidió agus teilifíse idir RTÉ 2FM/RTÉ One, thug The Ultimate Irish Playlist, a léirigh Shinawil, ardáin chraolta RTÉ le chéile. D’iarr 2FM ar mhuintir na tíre an 20 amhrán Éireannach is fearr a bhí riamh ann a roghnú, agus nocht RTÉ One na torthaí i sár-chlár speisialta dhá uair an chloig a craoladh ar an RTÉ Player freisin. Ní hamháin go raibh go leor d’amhráin cheoltóirí mór le rá na tíre i measc an cheoil a taispeánadh ar an gclár, thug ceoltóirí ceannródaíocha Éireannacha eile, amhail Shobsy agus Ruth Ann Cunningham, a gcuid leaganacha nuálacha féin ar roinnt de na hamhráin.

In éineacht leis an bhFleadh Cheoil, an RTÉ Choice Music Prize, Féile Naomh Pádraig 2022, Callan Kicks the Year, agus go leor eile nach iad, choinnigh RTÉ ceol, daoine cumasacha, cruthaitheacht, taibhléiriú agus cultúr na hÉireann i lár an aonaigh do lucht féachana ar fud ár n-ardán.

Toy Show the Musical

Bhí ríméad ar RTÉ Toy Show the Musical a chur ar stáitse san Ionad Comhdhála, Baile Átha Cliath, do thréimhse na Nollag. Ba é RTÉ a chruthaigh agus a d’fhorbair Toy Show the Musical in éineacht le foireann chruthaitheach den scoth ó shaol na hamharclannaíochta, agus ba cheoldráma úrnua Éireannach agus thar a bheith speisialta a bhí ann. Leis an bpríomhcharachtar, Nell Mooney, ár laoch ficsin, agus na páistí agus na carachtair ar fad ar Tricycle Street, bhain an ceoldráma le scéal croíúil - a insíodh trí amhráin, scéalta grinn agus geáitsí - faoin gcaoi a n-éiríonn le Nell a teaghlach beag a thabhairt ar ais le chéile ar oíche an Toy Show agus ar an eachtra a bhaineann dóibh.

Cuireadh beocht sa scéal, sa cheol, sna hamhráin, sa chóiréagrafaíocht, sa seit agus sa dearadh feisteas trí chliar iontach de leanaí agus de dhaoine fásta, lena n-áirítear Jamie Beamish, Clare Barrett agus Anna Healy a chuir seó uathúil Éireannach ar fáil a bhí lán de chroí, de cheol agus de rógaireacht.

Cé go raibh gá roinnt de na seónna a chur ar ceal ar gearrfhógra mar gheall ar thinneas i measc na cléire agus an chriú, ba mhór ag RTÉ gur thaitin an seó go mór leis na teaghlaigh agus na leanaí a chonaic é. Bhí leanaí go háirithe an-tógtha leis an scéal agus leis na hamhráin agus gur leanaí cosúil leo féin a bhí sa chliar ilchineálach.

Imeacht nua a bhí sa tionscadal seo do RTÉ agus, tar éis do thionscal na n-imeachtaí beo tréimhse chomh deacair sin a chur de, tá mórtas ar RTÉ i gcónaí gur thacaigh sé le daoine cumasacha cruthaitheachta agus amharclainne as Éirinn agus gur infheistigh sé iontu: scríbhneoirí, cumadóirí, aisteoirí, léiritheoirí, stiúrthóirí, dearthóirí agus na speisialtóirí léiriúcháin agus teicniúla ar fad. Bhí níos mó ná 100 duine fostaithe ag Toy Show the Musical le linn na tréimhse, chomh maith le foireann fáilteachais agus criú don leagan amach.

Agus é seo á scríobh, amhail gach tionscadal cruthaitheach, tá athbhreithniú iomlán ar Toy Show the Musical ar siúl.

Ag Tacú le Léirithe Beo & Ceol na hÉireann

Tar éis bhriseadh dhá bhliain, bhí imeachtaí amhail Fleadh Cheoil na hÉireann agus an RTÉ Choice Music Prize ar ais le lucht féachana beo, mar aon leis na RTÉ Radio 1 Folk Awards, a d’fhill ar Vicar Street in 2021.

D’fhill ‘An Fhleadh’ ar an mbaile inar thosaigh sé an chéad lá riamh – An Muileann gCearr i gCo. na hIarmhí – agus chun an teacht abhaile speisialta seo a chomóradh, ba é RTÉ an meán oifigiúil a chabhraigh leis an bhféile is mó ar domhan de chomhrá Gaeilge, ceol, amhránaíocht agus damhsa na hÉireann a cheiliúradh. Tá tacaíocht RTÉ do Fhleadh Cheoil na hÉireann 2022 ag teacht lenár n-aisling cultúr na hÉireann a chur chun cinn trí lucht féachana a mhealladh agus ilchineálacht shaibhir na hÉireann a cheiliúradh, agus bhí feachtas margaíochta fairsing ann ar fud ardáin chraolta, shóisialta agus dhigiteacha chomh maith le réimse cláracha raidió ar fud RTÉ Radio 1 agus RnaG beo ón Muileann gCearr i rith sheachtain na Féile.

D’fhill an RTÉ Choice Music Prize le hócáid bheo in Vicar Street a rinne ceiliúradh ar na hainmniúcháin agus a d’fhógair buaiteoirí Albam Éireannach na Bliana (For Those I Love) agus Amhrán na Bliana (Dermot Kennedy). Ba í Tracy Clifford a chuir an ócáid i láthair agus craoladh an ócáid beo ar RTÉ 2FM freisin le léirithe eisiacha ó ochtar de na ceoltóirí agus amhránaithe ainmnithe. Ar an Domhnach, an 13 Márta, chraol RTÉ2 clár buaicphointí teilifíse uair an chloig, a léirigh Southpaw Pictures, ina raibh léirithe beo mar aon le healaíontóirí faoi agallamh ag Bláthnaid Treacy.

Rinne na RTÉ Radio 1 Folk Awards ceiliúradh iontach ar an gceol tíre is fearr in Éirinn le bliain anuas, le John Creedon ina fhear an tí in Vicar Street, Baile Átha Cliath, Déardaoin an 17 Samhain agus bhí siad beo ar RTÉ Radio 1. Fuair Mary Black an Gradam Saoil, agus ionduchtaíodh bunaitheoir agus ceann feadhna na Chieftains, Paddy Moloney, a bhásaigh in 2021, isteach i Halla na Laochra. I measc na mbuaiteoirí bhí Cormac Begley, Ye Vagabonds agus Muireann Nic Amhlaoibh. Sheinn baill de na Chieftains, Sharon Shannon, Scullion, Pauline Scanlon, Inni-K, Mary Black agus go leor eile beo.