Gealltanais Feidhmíochta 2022
Athnuachan RTÉ don chéad ghlúin eile
Réamhrá
I ndeireadh na bliana 2019, chuir RTÉ a Straitéis Leasaithe 2020-2024 faoi bhráid an Rialtais, plean chun meáin chumarsáide seirbhíse poiblí na hÉireann a thabhairt ar chaoi inmharthanachta agus lena ndírítear ar chuid mhór de na réimsí deacrachta a chuirtear roimh RTÉ. Leagtar amach ann meascán nua de sheirbhísí beo agus ar líne saor in aisce, agus cuireann sin ábhar iontach agus éagsúil ar fáil don lucht féachana ag amanna agus ar dheiseanna a oireann dóibh féin. Tá an treo ina bhfuil RTÉ ag dul sna blianta atá romhainn amach fós mar chuid dá fhís: A bheith ina chrann seasta ag cultúr na hÉireann trí spéis an lucht féachana agus éisteachta a shásamh le hábhar atá iontaofa, spéisiúil agus dúshlánach, iléagsúlacht dhomhain na tíre a cheiliúradh agus cumas mhuintir na hÉireann a chothú.
Tugtar léargas ar an gcomhthéacs sin i dTiomantais 2022 agus leagtar sé thiomantas faoi thrí cheannteideal nó cuspóirí straitéiseacha amach ann: Lucht Féachana agus Éisteachta, Ábhar agus Inbhuanaitheacht.
An Lucht Féachana agus Éisteachta – Ábhar a chur ar fáil a bhaineann le lucht féachana agus éisteachta na hÉireann ar fad, ag freastal ar gach duine, gach áit
1. A chinntiú go mbeidh an lucht féachana agus éisteachta i gcroílár na gcinntí a dhéantar
2. A bheith san áit a bhfuil an lucht féachana – teacht a bheith ag an uile dhuine ar na seirbhísí, barr feabhais a chur ar an ábhar líneach agus digiteach ar dtús a ghlacadh
Ábhar – Lucht féachana agus éisteachta a shásamh le meascán d’ábhar ar ardchaighdeán a thugann léargas ar scéalta na tíre a chur ar fáil
3. Ábhar iontaofa, dúshlánach agus spéisiúil a chur ar fáil
4. Cultúr na hÉireann a Chosaint
5. Iléagsúlacht a cheiliúradh agus cumas mhuintir na hÉireann a chothú
Inbhuanaitheacht – Todhchaí na meán seirbhíse poiblí a chosaint trí RTÉ inbhuanaithe
6. Todhchaí na Meán Seirbhíse Poiblí a chosaint trí RTÉ inbhuanaithe
Faoi réir Alt 102(3) an Achta, cuireadh Ráiteas Bliantúil RTÉ faoi Ghealltanais Feidhmíochta 2022 (ASPC) faoi bhráid an BAI agus an Aire i mí Aibreáin 2022. Foilsíodh achoimre ina dhiaidh sin ar RTÉ.ie Cuirtear achoimre ar chomhlíonadh thiomantais na bliana 2022 i láthair anseo ag teacht le halt 102(5) den Acht. Ag teacht le halt 102(4) den Acht, rinneadh tuarascáil ar leithligh atá níos mionsonraithe maidir le gealltanais a chomhlíonadh nó eile a chur faoi bhráid an BAI agus an Aire i mí Aibreáin 2023.
An comhthéacs a bhaineann le torthaí 2022
Éiríonn go maith le RTÉ i measc mhuintir na hÉireann. Tá ardmheas ar RTÉ agus is féidir brath go mór orthu, tá na leibhéil sástachta láidir agus tá brandaí RTÉ fós ar na cinn is mó a dtugtar aird orthu ar fud na teilifíse, raidió agus seirbhísí ar líne. É sin ráite, níor bhain RTÉ roinnt dá chuid spriocanna tuisceana lucht féachana agus éisteachta amach.
Chonacthas le cúpla bliain anuas go bhfuil dearcadh tomhaltóirí ar an leibhéal is ísle le deich mbliana anuas, rud a tháinig chun cinn sa bhliain 2022 mar gheall ar thionchar an chogaidh san Úcráin agus boilsciú ar chostais a tharla dá bharr. Bhí na nithe sin ar fad ag tarlú nuair a bhí an tsochaí ag teacht ar ais chuici féin i ndiaidh éifeachtaí fairsinge na paindéime domhanda. Ag an am céanna, tháinig fás leanúnach ar shíntiúis chuig ardáin sruthaithe dhomhanda atá maoinithe go maith agus ar líon na ndaoine a d’fhéach ar na hardáin sruthaithe dhomhanda sin, ar ardáin iad a imríonn tionchar mór ar an méid a bhíonn lucht úsáide ag súil leis agus a chuireann go mór leis an méid a bhfuil súil acu leis. Mar gheall nach bhfuil aon athchóiriú ar an táille cheadúnais agus mar gheall ar infheistíochtaí laghdaithe agus ar an tearcmhaoiniú struchtúrach a tháinig dá bharr i roinnt réimsí, níl aon amhras ann gur laghdaíodh láidreacht an cheangail atá ag RTÉ leis an lucht féachana agus éisteachta. Téann na tosca sin ar fad i bhfeidhm go díreach ar an leibhéal dearfachta nó eile ar RTÉ.
Tá réimse pleananna á bhforbairt agus á gcur i bhfeidhm ag RTÉ (a bhfuil go leor acu mionsonraithe sa tuarascáil seo) atá leis na treochtaí sin a iompú ar ais nó iad a cheartú le linn 2023 agus níos faide amach. Is mór an t-ugach é a thabhairt ar aird gur baineadh tairbhe ráithiúil amach in 2022 le roinnt gnéithe a chuireann le forbairt RTÉ. D’fhéadfadh sé sin a bheith ina chomhartha luath go bhfuil muid ag athrú roinnt de na figiúirí sin chun feabhais.
An Lucht Féachana agus Éisteachta
An Lucht Féachana agus Éisteachta – Ábhar a chur ar fáil a bhaineann le lucht féachana agus éisteachta na hÉireann ar fad, ag freastal ar gach duine, gach áit
Gealltanas |
Tionchair Phoiblí Bheartaithe |
Spriocbheart |
Toradh |
1. A chinntiú go mbeidh an lucht féachana agus éisteachta i gcroílár na gcinntí a dhéantar |
Tá riachtanais an lucht féachana agus éisteachta lárnach i ndáil le PSM a chur ar fáil in Éirinn. Braitheann muintir na hÉireann go bhfuil úinéireacht acu ar a PSM agus go bhfuil ceangal acu leis. |
|
Ní dhearnadh maith den ghealltanas. D'aontaigh 67% de dhaoine fásta in Éirinn leis sin. Féach léargas comhthéacsúil sa Réamhrá. |
|
Ní dhearnadh maith den ghealltanas. D'aontaigh 63% de dhaoine fásta in Éirinn leis sin. Féach léargas comhthéacsúil sa Réamhrá. |
||
2. A bheith san áit a bhfuil an lucht féachana – teacht a bheith ag an uile dhuine ar na seirbhísí, barr feabhais a chur ar an ábhar líneach agus digiteach ar dtús a ghlacadh |
Tá riachtanais meán i ngach réimse de shochaí na hÉireann bainte amach. Tá daoine óga gafa le hábhar agus seirbhísí Éireannacha. Spreagfaidh nuálaíocht i léiriúchán meán rannpháirtíocht na ndúchasach digiteach le hábhar Éireannach. Beidh teacht éasca agus láithreach ag daoine ar ábhar Éireannach ar ghaireas dá rogha féin. |
|
Rinneadh maith ar chuid mhór den ghealltanas. |
|
Ní dhearnadh maith den ghealltanas. B’ionann an meánsciar seachtainiúil agus 81%, tá sé ag éirí níos dúshlánaí sciar neasuilígh a choinneáil i leith an aoisghrúpa seo i dtimpeallacht lena mbaineann iomaíocht an-ghéar gan an infheistíocht atá de dhíth a fháil a d’fhéadfadh réiteach maoinithe poiblí a chur ar fáil. |
||
|
Ní dhearnadh maith den ghealltanas. B’ionann an meánsciar seachtainiúil agus 47%, tá ardú tagtha ar an leibhéal sástachta i measc úsáideoirí rialta agus léirítear sna sonraí faoi úsáid eile go bhfuil níos mó rannpháirtíochta ann. Bhí an líon sruthanna is mó ná riamh, 83.3m sruth, ar an RTÉ Player sa bhliain 2022 agus ag an am céanna tá forbairt fhadtéarmach fós le feiceáil ar RTÉ.ie agus ar aip RTÉ News i gcomparáid leis na leibhéil roimh an bpaindéim. Tá RTÉ tiomanta dá straitéis dhigiteach agus d’infheistíocht a dhéanamh ina tháirgí chun feabhas a chur ar thaithí an úsáideora agus tairiscint ábhair. |
||
|
Rinneadh maith ar chuid mhór den ghealltanas. B’ionann an sciar agus 26.8%. |
||
|
Ní dhearnadh maith den ghealltanas. B’ionann sciar raidió RTÉ agus 28.3%. D’éist 1,913,000 milliún duine nó 47% de dhaoine fásta as Éirinn i rith na seachtaine le raidió RTÉ agus léiríodh treochtaí dearfacha maidir le tarraingt raidió RTÉ a spreagadh i measc daoine óga. |
||
|
Rinneadh maith den ghealltanas. |
||
|
Rinneadh maith den ghealltanas. |
Ábhar
Lucht féachana agus éisteachta a shásamh le meascán d’ábhar ar ardchaighdeán a thugann léargas ar scéalta na tíre a chur ar fáil
Gealltanas |
Tionchair Phoiblí Bheartaithe |
Spriocbheart |
Toradh |
3. Ábhar iontaofa, dúshlánach agus spéisiúil a chur ar fáil |
I ré seo na bréagnuachta, tá foinse nuachta iontaofa ag muintir na hÉireann. Coinnítear an dream is cumhachtaí i sochaí na hÉireann cuntasach, agus tugtar éagóir agus droch-chleachtas in institiúidí Éireannacha chun solais. Cuirtear leis an oideachas in Éirinn trí dhearcthaí agus bealaí foghlama éagsúla a áireamh. |
|
Ní dhearnadh maith den ghealltanas. D'aontaigh 72% de dhaoine fásta in Éirinn leis sin. Cé go bhfuil laghdú tagtha le roinnt blianta anuas ar an muinín atá ag daoine sna meáin ar an iomlán, is é RTÉ fós an fhoinse nuachta is iontaofa in Éirinn: léirithe ag ár dtaighde féin agus i dTuarascáil Nuachta Digití na hÉireann (74%). Ba é RTÉ an chéad eagraíocht nuachta in Éirinn a deimhníodh leis an marc Tionscnaimh Iontaoibhe Iriseoireachta, an caighdeán domhanda i gcomhair iriseoireacht iontaofa atá glactha ag Oifig um Chaighdeáin na hÉireann. Féach léargas comhthéacsúil sa Réamhrá. |
|
Ní dhearnadh maith den ghealltanas. D'aontaigh 74% de dhaoine fásta in Éirinn leis sin. Féach léargas comhthéacsúil sa Réamhrá. |
||
|
Ní dhearnadh maith den ghealltanas. D'aontaigh 74% de dhaoine fásta in Éirinn leis sin. Féach léargas comhthéacsúil sa Réamhrá. |
||
4. Cultúr na hÉireann a Chosaint |
Spreagtar plé poiblí agus tugtar léargas ar shochaí chomhaimseartha na hÉireann. Rachaidh an oidhreacht closamhairc shaibhir a chuirtear ar fáil trí chartlann PSM den chineál is nua-aimseartha chun leasa mhuintir na hÉireann. Neartaítear an mórtas atá againn as ár n-aitheantas náisiúnta trína bheith rannpháirteach sa taithí chultúir agus spóirt a cheanglaíonn le chéile muid mar náisiún. Feicfidh leanaí na hÉireann a dtaithí féin agus cloisfidh siad a nglór féin ar an scáileán, ar raidió agus ar líne. Tiocfaidh méadú ar shuntasacht na Gaeilge agus beidh ina cuid lárnach de thírdhreach na meán Éireannach. |
|
Ní dhearnadh maith den ghealltanas. D'aontaigh 75% de dhaoine fásta in Éirinn leis sin. Féach léargas comhthéacsúil sa Réamhrá. |
|
Ní dhearnadh maith den ghealltanas. D'aontaigh 73% de dhaoine fásta in Éirinn leis sin. Féach léargas comhthéacsúil sa Réamhrá. |
||
|
Rinneadh maith ar chuid mhór den ghealltanas. D'aontaigh 48% de dhaoine fásta in Éirinn leis sin. |
||
|
Rinneadh maith den ghealltanas. |
||
|
Ní dhearnadh maith den ghealltanas. B’ionann an sciar seachtainiúil agus 2% Mar sin féin sa bhliain 2022 rinne RnaG ceiliúradh 50 bliain ar phobal na Gaeltachta agus ar phobal na Gaeilge ar fud na tíre a shaibhriú trína scéalta, amhráin agus ceol a roinnt agus bhí RnaG i measc an phobail i rith na bliana le sraith d’imeachtaí beaga agus móra. |
||
|
Rinneadh maith den ghealltanas. |
||
5. Iléagsúlacht a cheiliúradh agus cumas mhuintir na hÉireann a chothú |
Feiceann gach duine as gach cuid de shochaí na hÉireann go bhfuil ionadaíocht déanta ar a dtaithí féin ina n-eagraíocht PSM agus braitheann go bhfuil siad san áireamh. Tá feasacht níos mó ar an éagsúlacht a bhaineann le sochaí na hÉireann agus comhtháthú sóisialta níos fearr. Tá PSM cruthaitheach agus nuálach ar bhonn leanúnach ag Éirinn. Tagann fás ar gheilleagar cruthaitheach na hÉireann agus déantar é a neartú agus a fhorbairt. Tugtar ardán d’aos dána na hÉireann atá i mbun oibre cheana féin agus atá ag teacht chun cinn agus déantar iad a cheiliúradh. Insítear scéalta iontacha mhuintir na hÉireann ar bhealach a dtuigeann cách iad agus ar bhealach cumhachtach. Déanfar síneadh a chur leis an mbealach a mbíonn teacht ar na healaíona agus déanfar go daonlathach é agus cuirfidh sin le luach atá ag an bpobal ar an gcultúr agus oidhreacht ar leith atá againn. |
|
Ní dhearnadh maith den ghealltanas. D'aontaigh 63% de dhaoine fásta in Éirinn leis sin. Féach léargas comhthéacsúil sa Réamhrá. |
|
Rinneadh maith den ghealltanas. |
||
|
Rinneadh maith den ghealltanas. |
||
|
Ní dhearnadh maith den ghealltanas. Uaireanta an chloig d'ábhar dúchais a bhí in 70% de na buaicthráthanna ar RTÉ One. Cé go raibh méadú ar uaireanta bunaidh an chloig sa bhliain 2021, bhí níos lú cláracha athchraolta agus níos mó uaireanta craolacháin. Bhí Corn an Domhain FIFA ar siúl ar RTÉ2 freisin i Ráithe 4 den bhliain 2022. |
||
|
Rinneadh maith den ghealltanas. |
||
|
Ní dhearnadh maith den ghealltanas. D’aontaigh 62%, ach mar sin féin tháinig méadú suas go 69% ar an leibhéal sástachta le Dráma RTÉ ar an iomlán. Tá Dráma RTÉ fós ina phríomhghné ar sceideal RTÉ One, ina dtarraingítear líon ard lucht féachana ach mar sin féin táthar ag féachaint níos mó agus níos ar dhrámaíocht na hÉireann anois ar an RTÉ Player, beo agus ar éileamh araon, áit a bhfuil tóir freisin ar ábhar nach é. Rinneadh 599k sruth ar an dara séasúr de Smother in 2022 agus ag an am céanna tá sraitheanna a craoladh in 2021 fós ag tarraingt lucht féachana ard ar éileamh agus tá líon suntasach sruthanna déanta orthu go dtí seo: Smother sraith 1 (974k), Hidden Assets (840k), Kin (2.9m). Féach léargas comhthéacsúil sa Réamhrá freisin. |
||
|
Ní dhearnadh maith den ghealltanas. D’aontaigh 59% de dhaoine fásta in Éirinn leis sin, (64% gan na daoine ‘nach bhfuil a fhios acu’ san áireamh) agus bhí treochtaí in airde le feiceáil go soiléir le linn na bliana. De réir mar a thosaigh gníomhaíochtaí ealaíne agus cultúir arís ar leibhéal an-chosúil leis na leibhéil roimhe seo, níor bhain cineálacha áirithe d’imeachtaí beo i gcónaí an leibhéal lucht féachana amach a bhíodh acu roimh an bpaindéim. In ainneoin sin, chraol RTÉ réimse éagsúil d’ábhar ealaíon agus cultúir lena n-áirítear imeachtaí le lucht féachana beo ann agus léiriúcháin choimisiúnaithe. Féach léargas comhthéacsúil sa Réamhrá freisin. |
||
|
Rinneadh maith den ghealltanas. |
Inbhuanaitheacht
Todhchaí na Meán Seirbhíse Poiblí a chosaint trí RTÉ inbhuanaithe
Gealltanas |
Tionchair Phoiblí Bheartaithe |
Spriocbheart |
Toradh |
6. Todhchaí PSM a Chosaint |
Tá cosaint ag todhchaí PSM in Éirinn agus tá sé inbhuanaithe. Déantar é a rith go héifeachtach agus go héifeachtúil. Tacaítear leis trí ghníomhaíochtaí tráchtála RTÉ. Tá sé oscailte, cuntasach agus trédhearcach. Neartaítear agus tugtar cosaint do dhlisteanacht PSM in Éirinn. |
|
Rinneadh maith ar chuid mhór den ghealltanas. |
|
Rinneadh maith den ghealltanas. |
||
|
Rinneadh maith ar chuid mhór den ghealltanas. |
||
|
Rinneadh maith ar chuid mhór den ghealltanas. |
||
*Costais Oibriúcháin Cúrsaí Pearsanra |
Rinneadh maith den ghealltanas. |
||
|
Ní dhearnadh maith den ghealltanas. D'aontaigh 77% de dhaoine fásta in Éirinn leis sin agus chonacthas treochtaí ag dul in airde sa scála tomhais sin le linn na bliana. Féach léargas comhthéacsúil sa Réamhrá. |
||
|
Ní dhearnadh maith den ghealltanas. D’aontaigh 69% de dhaoine fásta in Éirinn leis sin, gan athrú ó thoradh na bliana 2021. Chonacthas ardú beag in 2022 i roinnt de na táscairí eagraíochta a chuireann leis an iontaoibh agus is comhartha maith é sin. Féach freisin léargas faoi Ghealltanas 3: iontaoibh i N&CA RTÉ, agus sa Réamhrá ar an scór maidir le tuairim an phobail. |