Long lán arbhair ón Úcráin le bualadh chun poirt in Éirinn Tá sé tugtha le fios ag Rialtas na Tuirce go bhfuil trí long a bhfuil lucht arbhair orthu tar éis calafoirt san Úcráin a fhágáil … Nuacht • 05 Aug
Rúisigh agus Úcránaigh araon ag ullmhú don chéad chath eile Tuairiscítear nach mbeidh a leas á ligean ar cairde go ceann i bhfad ag fórsaí Rúiseacha a bhfuil seilbh gafa acu ar limistéar Luhansk in … Nuacht • 05 Jul
An Úcráin: cathair Lysychansk ar tí titim le forneart Tuairisíctear fórsaí Rúiseacha a bheith ag díotáil leo in oirthear na hÚcráine agus dúil acu anois seilbh a ghabháil ar chathair Lysychansk tar éis dóibh … Nuacht • 28 Jun
Líon na marbh i gceantar Severodonetsk-Lysychansk "do-áirithe" Tuairiscítear fórsaí Rúiseacha a bheith ag tuairgneáil i gcónaí an dá chathair is mó atá siad a shantú faoi lathair i réigiún an Donbass in … Nuacht • 21 Jun
"Severodonetsk foirgthe le Rúisigh, cath uatha le hiolra é anois" Tuairiscítear go bhfuil talamh á dhéanamh diaidh ar ndiaidh ag saighdiúirí Rúiseacha i gcathair Severodonetsk in oirthear na hÚcráine agus go deimhin go bhfuil an … Nuacht • 13 Jun
Severodonetsk: olc an éadáil cathair bhánaithe Tá fórsaí Úcránacha ag seasamh an fhóid i gcathair Severodonetsk i réigiún an Donbass in oirthear na hÚcráine, dar le hUachtarán na tíre Volodymyr Zelensky. Nuacht • 10 Jun
An Úcráin: cogadh craorag ar shráideanna Severodonetsk Tuairiscítear go bhfuil sé ina thachar te i gcónaí ar shráideanna chathair Severodonetsk in oirthear na hÚcráine, siúd is nach bhfuil inti faoi seo ach … Nuacht • 07 Jun
Meiriceánaigh le diúracáin fadraoin a chur ar fáil don Úcráin Agus fórsaí Rúiseacha ag réabadh chun cinn in oirthear na hÚcráine tá geallta ag Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden céad scoth na hairtléire a … Nuacht • 01 Jun
An Úcráin: mol cinniúnach riaracháin i mbaol, Mariupol á rúisiú Tuairiscítear arís inniu go bhfuil rothaí an chogaidh ag casadh tuathail ar na cosantóirí in oirthear na hÚcráine agus go bhfuil fórsaí Rúiseacha ag tarraingt … Nuacht • 27 May
Ballraíocht na Fionlainne in ECAT "le dearbhú gan mhoill" Meastar go gcuirfidh an Fhionlainn isteach ar bhallraíocht in Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT) tar éis do pharlaimint na tíre vóta a chaitheamh ar … Nuacht • 12 May
An Úcráin: "400 ospidéal curtha ó mhaith ó thús an chogaidh" Tá 400 ospidéal agus ionad leighis san Úcráin scriosta nó fágtha ar bheagán acmhainne ó rinne Arm na Rúise ionradh ar an tír deich seachtaine … Nuacht • 06 May
Úcránaigh i Mariupol mionnaithe gan a ngeall a ligean don namhaid Tá sé geallta ag fórsaí Rúiseacha nach ndéanfaidh siad aon ionsaí ar ollmhonarcha cruach Azovstal i gcathair Mariupol in oirdheisceart na hÚcráine as seo go … Nuacht • 05 May
Donáin Mariupol suaite go mór ag an bhforneart agus an díth Tuairiscítear roicéid a bheith á scaoileadh uathu arís ag fórsaí Rúiseacha leis an ollmhonarcha cruach i gcathair Mariupol in oirdheisceart na hÚcráine, mar a bhfuil … Nuacht • 04 May
An Úcráin: Rúisigh ag dul chun cinn le habhóga beaga Tuairiscítear go bhfuil tuilleadh sráidbhailte in oirthear na hÚcráine faoina smacht anois ag fórsaí Rúiseacha agus iad ag dul chun cinn le habhóga beaga ann. Nuacht • 03 May
Díoltas gasta grod á bhagairt ag Putin ar an Iarthar Tá díoltas bagartha ag Uachtarán na Rúise Vladimir Putin ar thíortha an Iarthair faoina "ladar a chur isteach san Úcráin." Nuacht • 28 Apr
Buille ar an mbuille i gcogadh tnáite na hÚcráine Tuairiscítear go bhfuil séirse tugtha ag Arm na Rúise faoi ollmhonarcha cruach Azovstal i gcathair Mariupol in oirdheisceart na hÚcráine, dún daingean deireanach lucht cosanta … Nuacht • 27 Apr
"Baol fíre ann go mbeidh sé ina Thríú Cogadh Mór" - Lavrov Tá foláireamh tugtha ag an Rúis go bhfuil baol fíre ann go mbeidh sé ina Thríú Cogadh Mór ar domhan má leanann tíortha an Iarthair … Nuacht • 26 Apr
Mariupol "fuascailte" ach gan ach cuid péine fanta inti D'fhógair Uachtarán na Rúise Vladimir Putin inniu go bhfuil cathair Mariupol in oirdheisceart na hÚcráine "fuascailte" tar éis dá Aire Cosanta cur in iúl dó … Nuacht • 21 Apr
An Úcráin: fógra deiridh tugtha do chosantóirí Mariupol Tá fógra eile - an fógra deiridh, más fíor - tugtha ag Arm na Rúise d'fhórsaí Úcránacha atá ag cothú an chatha i gcónaí i … Nuacht • 20 Apr
Mionn ar Rúisigh an Donbass uile a shealbhú ar Úcránaigh Tuairiscítear go bhfuil deireadh leis an bhfuireachas agus go bhfuil tús curtha ag Arm na Rúise le mórfheachtas fornirt in oirthear na hÚcráine, díreach mar … Nuacht • 29 Apr
An Úcráin: daoine in áiteanna faoi léigear fós gan fuascailt Tuairiscítear gur chlis ar ionadaithe na hÚcráine agus na Rúise teacht ar shocrú faoi shibhialtaigh a thabhairt amach as na réigiúin is mó san Úcráin … Nuacht • 18 Apr
An chéad scoth de na hairm geallta don Úcráin Ag cruinniú sa Bhruiséil inniu, chinn ballstáit Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT) tuilleadh arm a chur ar fáil don Úcráin le cudiú leo cath … Nuacht • 07 Apr
Athshlógadh ar Rúisigh san Úcráin, gealán dóchais as Mariupol Tá foláireamh tugtha ag leas-phríomhaire na hÚcráine do dhaoine i ndúichí áirithe in oirthear na tíre a mbailte a thréigean gan mhoill. Nuacht • 06 Apr
"Ná tugtar glór don Rúis sa phlé ar chogadh a thionscain sí!" In aitheasc a thug sé do Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe ar nasc físe tráthnóna, d'éiligh Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky go ndíolfadh na Rúisigh … Nuacht • 05 Apr
An Úcráin: "níl i sléacht Bucha ach an chuid is lú den scéal" Tuigtear go n-iarrfaidh Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky ar na Náisiúin Aontaithe smachtbhannaí níos déine a chur ar an Rúis i bhfianaise an áir i … Nuacht • 05 Apr