Tá sé tugtha le fios ag Rialtas na Tuirce go bhfuil trí long a bhfuil lucht arbhair orthu tar éis calafoirt san Úcráin a fhágáil faoi choimirice na Náisiún Aontaithe agus go bhfuil ceann acu le bualadh chun poirt in Éirinn.
Tá an Tuirc ina ceann réitigh ócáideach idir an Rúis agus an Úcráin ós tír chomharsanachta leo í a bhfuil guthaíocht aici ar an gcoimhlint eatarthu.
An tseachtain seo caite, d'éirigh le taidhleoirí na Tuirce agus na Náisiún Aontaithe áitiú ar Rialtais na Rúise agus na hÚcráine araon teacht ar chomhaontú faoi ghrán a sheoladh thar loch amach.
Bhí téirim leis, ar ndóigh, ós iad an Rúis agus an Úcráin a tháirgeann an tríú cuid de chruithneacht an domhain.
Bhíothas imníoch - agus táthar imníoch i gcónaí - go mbeadh gorta i dtíortha bochta, atá i ngéarchall cheana féin, de bharr lastaí arbhair a bheith faoi iamh duga i ndeisceart na hÚcráine.
Nuair atá an t-iarann dearg is cóir a bhualadh agus níor leis na hÚcránaigh ab fhaillí, de réir cosúlachta. I bhfianaise ar socraíodh faoi chúrsaí arbhair, cead bunábhar eile a onnmhairiú - leithéidí amhiarainn - atá siad a éileamh anois.
Ní fios, áfach, cén uair a thiocfas a n-achainí isteach, má thagann.

Mar leis an gcogaíocht san Úcráin de, tuairiscítear go bhfuil Arm na Rúise ag brú ar bhaile Avdiivka ó thuaidh ó chathair Donetsk in oirthear na tíre, chomh maith le lonnaíochtaí tábhachtacha eile sa réigiún.
Dealraítear gur geall le ceithearnaigh na hÚcránaigh sna háiteanna nach bhfuil siad in araíocht dul i ngleic le hanfhorlann an namhad.
Tá cur chuige seo Arm na Úcráine i ndúichí áirithe cáinte, áfach, ag an eagraíocht chearta daonnna Amnesty International.
Maíonn Amnesty go bhfuil sibhialtaigh á gcur i nguais de bharr saighdiúirí a bheith ag cur fúthu i measc an phobail i gceantar chónaithe.
Chuir an maíomh sin Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky le báiní agus chuir sé i leith Amnesty go raibh an eagraíocht ag iarraidh an púca a chur ó theach lucht an oilc agus a chur chuig doras an fhulangaí.