Tuairiscítear go bhfuil sé ina thachar te i gcónaí ar shráideanna chathair Severodonetsk in oirthear na hÚcráine, ar ainm cathrach í faoi seo i ndáiríre i bhfianaise na haragana atá déanta san áit.

De réir dealraimh, tá saighdiúirí agus óglaigh Úcránacha ar a mine ghéire ag cur in aghaidh fhórsaí na Rúise sa chathair a ceapadh a bhí nach mór ina seilbh acu roimhe seo.

Tá éirithe leis na hÚcránaigh, más fíor, idir Rúisigh agus dhílseoirí Rúiseacha a dhíbirt ó roinnt ceantar i lár na cathrach.

Go deimhin, mhaígh Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky aréir go bhfuil cos curtha i dteannta ag gasraí Úcránacha i Severodonetsk agus go bhfuil siad ag troid go déadla dásachtach ainneoin barr slua a bheith ag an namhaid orthu.

Siúd is gur cathair réasúnta beag í, is mol ríthábhachtach í agus deirtear go bhuil cinniúint réigiún uile Luhansk ag brath cuid mhór ar chinniúnt Severodonetsk.

Roimhe seo, thaibhsigh sé go raibh ag éirí le straitéis na Rúiseach fórsaí Úcránacha i Luhansk a fháinniú agus rún acu an príomhbhóthar soir go Severodonetsk agus an chathair chomharsanachta Lysychansk a dhruidim.

Cé go ndeachaigh na Rúisigh i dtreo dó, rinne na hÚcránaigh frithionsaí ganfhiosaíochta orthu agus bhrúigh siad siar iad, de réir cosúlachta.

Ag fágáil slán: leanaí á gcur ar bhus do theifigh, Slovyansk, 4 Meitheamh 2022

Is iomaí cathair agus fearann eile in oirthear na hÚcráine atá na Rúisigh a shantú, ar ndóigh.

De réir tuairiscí, tá gasraí Rúiseacha ag déanamh ar chathracha comharsanachta Slovyansk agus Kramatorsk, an dá chathair is mó in Oblast Donetsk atá ina seilbh ag na hÚcránaigh i gcónaí.

Táthar ag tathant ar shaoránaigh le fada na cathracha sin a thréigean ach suaill díobh a thug aon aird ar an bhfógra go nuige le deireanas, dar leis an ngobharnóir réigiúnach.

Tá 24,000 duine fanta i Slovyansk i gcónaí, sin an ceathrú cuid den daonra roimh an gcogadh, arsa an gobharnóir, agus táthar ag féachaint leis an oiread acu agus is féidir a thabhairt as an ngábh an túisce is féidir.

Áirítear go bhfuil thart ar an gcúigiú cuid den Úcráin ina seilbh ag na Rúisigh, go háirithe san oirthear agus sa deisceart.

Gheall Volodymyr Zelensky arís inniu nach nglacfadh an Úcráin le leamhsháinn mar chuid de chomhaontú síochána agus mhionnaigh sé an ruaig a chur ar na forghabhálaithe.