Meastar go gcuirfidh an Fhionlainn isteach ar bhallraíocht in Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT) tar éis do pharlaimint na tíre vóta a chaitheamh ar an gceist an tseachtain seo chugainn agus go ndéanfaidh an tSualainn amhlaidh gan mhoill.

Ní tráth le faillí é, dar le haos polaitiúil na dtíortha Nordacha agus le bunáite na saoránach más fíor do na pobalbhreitheanna, i bhfianaise ionradh na Rúise ar an Úcráin.

Ceaptar go nglacfaidh ECAT leis na hiarrtais as láimh ach b'fhéidir nach ndaingneofaí an conradh go ceann bliana.

Mar sin féin, d'fhéadfaí saighdiúirí ó bhallstáit eile ECAT a chur chun na dtíortha sin idir an dá linn.

Tá an Iorua, an Danmhairg agus na trí stát Bhaltacha ina mbaill de ECAT cheana féin agus is cinnte go gcuirfidh an cor is deireanaí an Rúis le báiní.

Go deimhin, dúirt Uachtarán na Rúise Vladimir Putin nárbh iontaofa an beart é agus go mbeadh "torthaí tromchúiseacha míleata agus polaitiúla" ag éirí as ballraíocht na Fionlainne agus na Sualainne in ECAT.

Tar éis an tsaoil, tá leathnú scáil ECAT in oirthear na hEorpa ar cheann de na casus belli nó na leithscéalta atá ag an Rúis agus í ag fearadh cogadh ar an Úcráin.

Tá sé tugtha le fios go minic ag Rialtas na hÚcráine go bhfuil rún acu cur isteach ar bhallraíocht in ECAT.

Mar leis an gcogaíocht san Úcráin de, tuairisíctear go bhfuil fórsaí Úcránacha agus Rúiseacha ag baint uaine dá chéile in oirthear na tíre i gcónaí.

Sráidbhaile Tsyrkuny in aice le Kharkiv, 11 Bealtaine 2022

Tá sé á mhaíomh ag na hÚcránaigh gur acu féin atá an lámh in uachtar agus go bhfuil na Rúisigh á gcoinneáil i mbroid agus á gcur dá gcois acu i roinnt áiteanna san oirthear.

Tá seilbh gafa ag na hÚcránaigh arís, a deir siad, ar shráidbhaile straitéiseach Pytomnyk atá suite ar an bpríomhbhealach idir cathair Kharkiv agus teorainn na Rúise.

Más fíor go bhfuil an chóir leis na hÚcránaigh sa cheantar sin d'fhéadfaidís teacht i bhfoisceacht sliogán airtléire do sholáthairtí cúil na Rúiseach go gairid agus iad a chur ó mhaith, a deirtear.

In oirdheisceart na hÚcráine, níl aon chosúlacht fuascailte ar chúrsaí i gcathair Mariupol, mar a bhfuil ollmhonarcha cruach Azovstal fós á tuairgneáil ag Arm na Rúise.

Ollmhonarcha Azovstal, 10 Bealtaine 2022

Léiríonn pictiúir nua ón monarcha chomh holc agus atá an scéal agus cuid den dream atá ina gcónaí faoi thalamh inti gan a bheith ach ina silteánaigh faoin tráth seo, cheal riar a riachtanais.

Ní mórán nios fearr atá cúrsaí os cionn na talún.

Áirítear idir 150,000 agus 170,000 duine a bheith fanta i Mariupol, iad ag scríobáil agus soláthar dóibh féin de réir a gcumais agus a n-acmhainne i gcathair atá ina conamar nach mór.

400,000 duine a bhí ag cur fúthu i Mariupol roimh an 24 Feabhra, lá an ionraidh.