Tuairiscítear fórsaí Rúiseacha a bheith ag tuairgneáil i gcónaí an dá chathair is mó atá siad a shantú faoi lathair i réigiún an Donbass in oirthear na hÚcráine.
Meastar go bhfuil cathracha comharsanachta Severodonetsk agus Lysychansk ar tí titim le forneart na Rúiseach a bhfuil saighdiúrí cúltaca agus núíosacha faoi réir acu le dul i gceann an tachair.
Leatrom, mar sin, atá Úcránaigh agus Rúisigh ag cur catha ar a chéile sa réigiún agus maítear go bhfuil na Rúisigh ag teacht anoir agus aneas ar na hÚcránaigh a bhfuil cos curtha i bhfeac acu go nuige seo i Lysychansk.
Glactar leis, ámh, go maidhmfidh an cath ar na hÚcránaigh ar deireadh.
Tá sé tugtha le fios ag gobharnóir Úcránach an réigiúin go bhfuil an méid daoine atá maraithe sa chogaíocht do-áirithe faoi láthair mar gheall ar chomh suaite agus atá cúrsaí ann.
Tá na céadta sibhialtach fós faoi fhothain i monarcha ceimiceán Azot i Severodonetsk agus níl aon chaint faoi láthair ar a dtéarnamh slán.

In oirthuaisceart na hÚcráine, tuairiscítear gur maraíodh triúr sibhialtach de bharr ionsaithe airtléire na Rúiseach ar chathair Kharkiv.
Ní tuar dóchais an méid a bhí le rá inné ag Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky faoina bhfuil i ndán do mhuintir na tíre an tseachtain seo go háirithe agus faoin mbrúidiúlacht nach bhfuil tarlaithe fós.
Is fíochmhaire fós a bheas fíoch na Rúiseach, ar sé, nuair a ghlacfar le fonn le hiarratas na hÚcráine ar bhallraíocht san Aontas Eorpach ag cruinniú mullaigh sa Bhruiséil arú amárach.