Tuairiscítear arís inniu go bhfuil rothaí an chogaidh ag casadh tuathail ar na cosantóirí in oirthear na hÚcráine agus go bhfuil fórsaí Rúiseacha ag tarraingt caol díreach anois ar roinnt bailte móra sa réigiún sin.

Is ag díriú ar chathracha Severodonetsk agus Lysychansk atá na Rúisigh faoi láthair ó tá an dá áit sin suite ar an mbóthar go cathair Kramatorsk ar mol cinniúnach riaracháin í in Oblast Donetsk.

Tá sé á mhaíomh ag fórsaí paraimíleata atá dílis don Rúis go bhfuil siad ag brú chun cinn agus go bhfuil seilbh gafa acu anois ar bhaile Lyman idir Severodonetsk agus Lysychansk.

Damhna scíse do Rialtas na hÚcráine na tuairiscí ó bhrollach an chatha.

Chuir an tAire Gnóthaí Eachtracha Dmytro Kuleba i leith thíortha an Iarthair go bhfuil siad ag tarraingt na gcos maidir le hairm a chur ar fáil don Úcráin agus d'achaingh sé orthu gan a thuilleadh moille a dhéanamh.

Meastar go bhfuil sé ar intinn ag na Rúisigh an Úcráin a dhluí agus greim docht a fháil ar oirthear agus ar dheisceart na tíre ar an gcéad ásc.

Tuairimítear nach rachaidh siad i mbun cainteanna síochána go dáiríre nó go mbainfidh siad an cuspóir sin amach, má théann agus má bhaineann.

Saighdiúirí Rúiseacha, Mariupol, 24 Bealtaine 2022

Mar le deisceart na hÚcráine de, níl na Rúisigh ag déanamh aon mhoill an forlámhas atá acu anois ar chathair Mariupol - nó ar a bhfuil fanta di - a chur i gcion.

B'éigean do shaighdiúirí Úcránacha a bhí ag cosaint na cathrach an ruaim is an fhabhair a fhágáil ag na hionróirí agus dealraíonn sé go bhfuil an áit á rúisiú go teanntásach mínáireach acu cheana féin.

Tuairiscítear go bhfuil iachall á chur ar mhuintir na cathrach saoránacht na Rúise a ghlacadh agus go bhfuil an curaclam scoile féin le rúisiú gan spás.

Ganntanas bia ceann de dheascaí an chogaidh. Maíonn na Rúisigh gur ar thíortha an Iarthar atá an milleán faoi sin de bhrí go bhfuil siad ag cur bac ar longa lán arbhair imeacht as calafoirt ar nós Mariupol.

Níl aon ghlacadh ag tíortha an Iarthair leis an líomhain sin agus milleánaíonn siadsan na Rúisigh faoi bhia-ábhar a choinneáil siar.