Tuairiscítear go bhfuil séirse tugtha ag Arm na Rúise faoi ollmhonarcha cruach Azovstal i gcathair Mariupol in oirdheisceart na hÚcráine, dún daingean deireanach lucht cosanta na cathrach.
Tá na céadta sibhialtach agus trodairí ar foscadh faoi thalamh sa mhonarcha, cathair ghríobháin nach furasta do na Rúisigh seilbh a ghabháil uirthi.
Tá bunáite Mariupol faoina smacht ag na Rúisigh agus tá siad ag drundáil thart ar an monarcha le barr ar sheachtain, iad idir dhá chomhairle fogha a thabhairt faoin áit nó fanacht le cóir.
Lúbra ceart atá sna tolláin agus sna huaimheanna a bhfuil na saoránaigh agus an lucht armtha ina gcónaí iontu, agus dealraíonn sé go bhfuil imní ar na Rúisigh go bhfaighidh siad goradh bruíne má leomhann siad dul i mbun comhraic.
Níl aon lua ar na sibhialtaigh a thabhairt as an ngábh ach meastar nach rachaidh pé lón atá acu mórán achair eile orthu.
Ar a shon sin, tá eagla a gcroí ar chuid acu aghaidh a thabhairt ar an mblár rite.

I mbaill eile den Úcráin, tuairiscítear cúrsaí a bheith ag dul ó mhaoil go mullach.
Deir Rialtas na hÚcráine go bhfuil fórsaí Úcránacha díbeartha as áiteanna in oirthear na tíre ag na Rúisigh agus go bhfuil roinnt sráidbhailte gafa ag an namhaid i réigiún an Donbass ó inné.
Siud is gur cuireadh cúl ár shaighdiúirí Úcránacha i roinnt ceantar, deir siad gur fhill siad thar a mbráid agus gur scrios siad gunnaí móra, tancanna agus feithiclí armúrtha leis na Rúisigh.
Údar mór sásaimh do na Rúisigh, ámh, an díothú a rinne a gcuid diúracán, de réir a bhfuil á thuairisciú, ar iosta ordanáis na nÚcránach in Oblast Zaporizhzhia, 230 ciliméadar siar ó thuaidh ó Mariupol.
Dar le Rialtas na Rúise go raibh airm agus armlón a bhí bronnta ag tíortha an Iarthair ar na hÚcránaigh á dtaisceadh san iosta.
Thug na Rúisigh le fios freisin gur scrios a gcuid eitleán cogaidh 59 sprioc mhíleata eile san Úcráin i gcaitheamh na hoíche.
Níl aon cheann de na scéalta cogaidh sin deimhnithe, áfach, agus is féidir go bhfuil ciumhsóga á gcur leis na tuairiscí ag gach aon dream.

Mar leis an gcogadh eacnamaíochta de, d'fhogair mórchomhlacht fuinnimh na Rúise Gazprom go bhfuil na píopaí gáis chun na Bulgáire agus na Polainne stoptha acu de bharr nach bhfuil na tíortha sin sásta íoc as an soláthar i rúbail.
Is ionann sin agus loiceadh ar íocaíocht, dar le Gazprom.
D'éiligh Uachtarán na Rúise Vladimir Putin i dtús na miosa seo gur i rúbail a d'íocfadh tíortha an Iarthair agus a gcomhghuaillithe as gás ón Rúis níos mó in éiric ar smachtbhannaí idirnáisiúnta a cuireadh ar an Rúis.