Tá díoltas bagartha ag Uachtarán na Rúise Vladimir Putin ar thíortha an Iarthair faoina "ladar a chur isteach san Úcráin."

Mhaígh sé go raibh tine na coimhlinte á fadú ag na tíortha sin agus airm á seoladh chun na hÚcráine acu, agus bhagair gur "le luas lasrach" a d'imreodh an Rúis díoltas orthu.

Agus é ag labhairt le polaiteoirí i gCathair Pheadair inné, dúirt sé go bhfuil na huirlisí cuí chuige sin ag an Rúis, uirlisí nach bhfuil ag aon tír eile, dar leis.

D'fhógair sé nach bladhmaireacht ná baosra a bhí ar bun aige agus gur mhian leis é sin a chur i bhfios go neamhbhalbh do gach duine.

Chuir sé an milleán faoin gcogadh san Úcráin ar thíortha an Iarthair á gcur ina leith gurb áil leo an Rúis a ghearradh ina píosaí.

Vladimir Putin ag labhairt i gCathair Pheadair, 27 Aibreán 2022

"Oibríocht speisialta leis an Úcráin a dhí-armáil agus lena cosaint ar fhaisistithe" a thugann an Rúis ar an gcogadh, casus belli nach bhfuil aon ghlacadh leis san Iarthar ná i mórán áiteanna eile.

Níl aon léamh ar an lot agus an scrios in oirthear na hÚcráine ó rinne Arm na Rúise ionradh ar an tír ar an 24 Feabhra.

Níl aon chuntas cruinn ach oiread ar an líon daoine a maraíodh ó shin ach áirítear scaipeadh agus fán a bheith ar chúig mhilliún duine, fuíoll an fhaltanais a mb'éigean dóibh a mbailte a thréigean i bhfianaise an fhornirt.

Tá Rialtas na hÚcráine ag achainí ar thíortha na hEorpa éirí as trádáil leis an Rúis ach táthar siar agus aniar faoin gceist, go háirithe sa Ghearmáin, arb í is mó atá ag brath ar sholáthairtí fuinnimh ón Rúis.

Táthar imníoch freisin gur cúlú mór eacnamaíochta san Eoraip an toradh a bheas ar an naimhdeas.

Gan trácht ar an gcogaíocht, tá cúrsaí eacnamaíochta ag déanamh scime do na Rúisigh chomh maith lena gcomharsana san Iarthar.

Tuairimíonn Rialtas na Rúise go dtiocfaidh meath 12.4% ar gheilleagar na tíre i mbliana de dheasca an chogaidh san Úcráin.

Saighdiúrí Úcránacha, Oblast Zaporizhzhia, 27 Aibreán 2022

Mar leis an gcogadh de, tuairiscítear gur scaoil fórsaí Rúiseacha deoirghás agus gránáidí stiúdta le slua daoine a bhí ag léirisiú ina n-aghaidh i gcathair Kherson i ndeisceart na hÚcráine.

Tá Kherson faoina smacht ag na Rúisigh agus tuairiscítear an méara nua atá ceaptha acu a bheith ar teaghrán acu.

Tuairiscítear freisin gur scaoileadh roinnt roicéad leis an gcathair inné ach ní dúradh cén taobh as ar tháinig siad.

Scaoileadh roicéid freisin le háiteanna i dtrí cinn de chúigí sa Rúis atá ar an teorainn leis an Úcráin.

Ní raibh le rá faoi na hionsaithe seo ag Rialtas na hÚcráine ach go bhfilleann an feall ar an bhfeallaire.

I gcathair Mariupol in oirdheisceart na hÚcráine, mar a bhfuil coilm na lot le sonrú thar aon áit eile, filleadh ná feacadh níor bhain Arm na Rúise fós as an dream atá ar foscadh - idir shibhialtaigh agus chomhraiceoirí - in ollmhonarcha cruach Azovstal.

Cor úr sa chogadh is ea na hionsaithe a rinneadh níos luaithe an tseachtain seo ar ionaid mhíleata i réigiún na Tras-dnístria ar theorainn thiar na hÚcráine.

Cadhan aonair í stáitín neamhoifigiúil na Tras-dnístria a dtacaíonn an Rúis léi.

Tuairiscítear gur ionsaíodh aonad míleata agus gur leagadh dhá aeróg raidió sa réigiún, ach níl sé soiléir cé a bhí freagrach as an oilbhéas.

Dar le Rialtas na hÚcráine gur cuid d'fheachtas claonbheartaíochta na Rúiseach a bhí sna hionsaithe le dúil go mbeadh leithscéal éigin acu lena gcrúba a ligean amach tuilleadh.