D'fhógair Uachtarán na Rúise Vladimir Putin inniu go bhfuil cathair Mariupol in oirdheisceart na hÚcráine "fuascailte" tar éis dá Aire Cosanta cur in iúl dó go bhfuil an áit faoina smacht nach mór ag saighdiúirí Rúiseacha, cé is moite d'ollmhonarcha cruach Azovstal.

Tá fórsaí Úcránacha ag seasamh an fhóid i gcónaí in Azovstal, cathair ghríobháin nach furasta do na Rúisigh a mbealach a dhéanamh isteach inti.

Dúirt Vladimir Putin nach mbeadh aon ghar do chos-slua Arm na Rúise ruathar a thabhairt ar an monarcha ach thug sé le fios go gcuirfidís imshuí ar an áit nó go mbeadh gach duine inti faonlag féachta de cheal bia agus uisce.

D'ordaigh sé dá shaighdiúirí imshuí chomh teann sin a chur ar an monarcha i riocht nach bhféadfadh oiread agus cuileog éalú aisti.

Tá na céadta sibhialtach - idir leanaí agus sheanóirí - i measc lucht cosanta na monarchan agus iad ag cur fúthu in uaimheanna agus i gcaolphasáistí faoi thalamh.

Ollmhonarcha cruach Azovstal

Tá paraimíleataigh mhíchlúiteacha chathlán Azov ina measc chomh maith. Luaitear an cathlán eite deise sin go minic le brúidiúlacht.

Mhol Vladimir Putin do gach aon duine sa mhonarcha géilleadh do na Rúisigh, agus gheall go gcaithfí go maith leo agus go gcuirfí cúnamh leighis ar fáil don dream a mbeadh sé uathu.

Tá Mariupol faoi léigear ag Arm na Rúise ó thús an Mhárta. Ní ag tabhairt aire don abhainn go bhfaighidís breac a bhí na Rúisigh, áfach, ó tá an áit bánaithe luanscriosta ag a gcuid airtléire idir an dá linn.

Gan trácht ar an líon daoine a maraíodh le seacht seachtaine - atá gan áireamh beacht fós - tá an chathair tréighte ag formhór na 450,000 saoránach a bhí ina gcónaí inti roimh ionradh na Rúise ar an Úcráin.

Misneach i measc na mire, an "gnáthshaol" i Mariupol, 18 Aibreán 2022

Damhna sóláis gur ceadaíodh do cheithre bhus lán daoine imeacht as Mariupol inné, fuíoll an áir nach fios cad atá i ndán dóibh.

I dtuaisceart na hÚcráine, i mbaile Borodyanka in aice leis an bpríomhchathair Cív, fuarthas coirp naonúr sibhialtach a deirtear a mharaigh saighdiúirí Rúiseacha.

Dar le ceannasaí na bpóilíní in Oblast Chív gur cosúil gur céasadh cuid den naonúr sular básaíodh iad.