Tuairiscítear nach mbeidh a leas á ligean ar cairde go ceann i bhfad ag fórsaí Rúiseacha a bhfuil seilbh gafa acu ar limistéar Luhansk in oirthear na hÚcráine agus go bhfuil rún acu aghaidh a thabhairt ar an gcéad sprioc eile gan spás ós acu atá an tslat.
Tá Luhansk ar cheann de dhá mhórlimistéar réigiún an Donbass, mar a bhfuil an chogaíocht is fíochmhaire ar bun ó rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin os cionn ceithre mhí ó shin.
Tá cathracha comharsanachta Lysychansk agus Severodonetsk i Luhansk lomscriosta ag an ngleo, agus is bocht an éadáil an dá áit ag na Rúisigh ó tá an oiread foirgneamh leagtha agus an oiread saoránach tar éis teitheadh uathu.
Is é limistéar Donetsk - ó dheas ó Luhansk - atá na Rúisigh a shantú anois agus tuairiscítear go bhfuil ráite ag Uachtarán na Rúise Vladimir Putin leo a scíth a ligean agus gach úmachan a dhéanamh sula dtabharfaidh siad aghaidh ar na háiteanna is tábhachtaí sa limistéar.

Níl aon rún, gan amhras, ag na hÚcránaigh a ngeall a ligean leis na Rúisigh agus tuairiscítear go bhfuil línte nua cosanta tógtha acu i bpríomhchathracha Donetsk agus go bhfuil siad réidh faoi choinne an namhad.
Go deimhin, is go dúshlanach a dúirt urlabhraí Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky gurb é bua na Rúiseach i Luhansk a mbua deireanach sa chogadh.
Thóg sé 90 lá ar na Rúisigh seilbh a ghabháil ar Lysychansk agus Severodonetsk, ar cathracha meánmhéide iad, a mhaígh an t-urlabhraí.
Bhain gach lá a chuid féin as na saighdiúirí Rúiseacha agus maraíodh go leor acu i gcaitheamh na tréimhse sin, ar sé.
Fágann sé chomh maith, a dúirt an t-urlabhraí, gur in oirthear na hÚcráine atá 60% d'fhórsaí na Rúise bailithe agus go mbeidh sé ag dul rite leo casadh ó dheas agus dul chun spairne le fórsaí Úcránacha in Donetsk nó, go deimhin, saighdiúirí ó áiteanna eile a chur ann.
Mhaígh sé go bhfuil íoctha a haon is a dó ag na Rúisigh as seilbh a ghabháil ar Luhansk.