Tuairiscítear go bhfuil deireadh leis an bhfuireachas agus go bhfuil tús curtha ag Arm na Rúise le mórfheachtas fornirt in oirthear na hÚcráine, díreach mar a bhíothas á thuar.

Mar is dual dó, thug Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky dúshlán na Rúiseach á mhaíomh go gcuirfeadh na hÚcránaigh cos i bhfeac agus nach stríocfaidís don namhaid.

Ina dhiaidh sin, tá na húdaráis i réigiún an Donbass ag tathant ar dhaoine gan fanacht ar bráid agus an áit a thréigean gan mhoill le hionchas go mbeidh sí ina cosair chró go gairid.

Is réigiún mór mianadóireachta agus tionsclaíochta an Donbass, lena n-áirítear cathair Mariupol, sáréadáil chogaidh atá na Rúisigh a shantú le fada.

Ina cheann sin, tá an Donbass buailte ar an gCrimé atá faoi smacht na Rúiseach ó 2014.

Dar le lucht faisnéise Mheiriceá go bhfuil aon chathlán déag breise curtha go hoirthear na hÚcráine ag na Rúisigh le cinntiú nach bhfaighidh siad barradh agus rún daingean acu an limistéar a fhorghabháil.

Uaigheanna sibhialtach agus saighdiúirí i mbaile Irpin, 18 Aibreán 2022

Cheana féin, tá drochscéal le n-aithris ag gobharnóir Luhansk a deir go bhfuil sé ina chogadh craorag i mbailte Rubizhne agus Popasna, áiteanna a bhí suaimhneach síochánta go nuige inniu.

Thug an gobharnóir le fios freisin go bhfuil seilbh gafa ag saighdiúirí Rúiseacha ar bhaile Kreminna agus gur maraíodh roinnt sibhialtach agus iad ag teitheadh as an áit.

Mhaígh urlabhraí Volodymyr Zelensky, ámh, nach bhfuil an baile i gcrúba na Rúiseach go fóill.

Tuairiscítear go bhfuil sráidbhaile Novodruzhesk lomscriosta agus nach bhfuil aon deis éalaithe ag an bpobal ansin.

Go deimhin, tá sé curtha i leith fórsaí Rúiseacha go bhfuil siad ag dul sa bhealach ar dhaoine atá ag féachaint le teitheadh.

Mar le Mariupol de, deirtear go bhfuil barr ar 1,000 sibhialtach sáinnithe in uaimheanna i monarcha cruach Azovstal, mar a bhfuil saighdiúirí Úcránacha i muinín a gcroí ag cur in aghaidh na forlainne.

Rud eile de, tá créacht na hÚcráine saillte ag Uachtarán na Rúise Vladimir Putin ó d'fhógair sé inné go raibh onóir mhíleata bronnta aige ar an mbriogáid Rúiseach a líomhnaítear a bhí freagrach as an sléacht i mbaile Bucha in aice le Cív, mar ar maraíodh na céadta sibhialtach an mhí seo caite.