Tuairiscítear go bhfuil talamh á dhéanamh diaidh ar ndiaidh ag saighdiúirí Rúiseacha i gcathair Severodonetsk in oirthear na hÚcráine agus go deimhin go bhfuil an áit foirgthe leo faoi seo.
Éadáil chogaidh atá na Rúisigh a shantú le roinnt seachtaintí Severodonetsk.
Cé gur tréan mar atá na hÚcránaigh ag cur ina n-aghaidh, ní tréan i gcomórtas le gargionsaithe airtléire na Rúiseach ar an áit.
Ó tá fórsaí cúltaca curtha go Severodonetsk ag na Rúisigh le cuidiú le gnáthshaighdiúrí na hÚcránaigh a chloí, dealraíonn sé gur cath uatha le hiolra atá ann anois.
Tar éis do na Rúisigh péire de na trí dhroichead i Severodonetsk a shíobadh in aer, níl fanta ag an dream arb áil leo teitheadh as an gcathair ach an t-aon droichead amháin idir í agus an chathair chomharsanachta Lysychansk.
Tearmann í Lysychansk ó tá sí ina seilbh ag fórsaí Úcránacha go fóill, ach glactar leis go dtabharfaidh na Rúisigh aghaidh ar an gcathair sin chomh maith luath nó mall.

Cé gur crua crá na dteifeach, is crua fós cás na gcéadta sibhialtach atá ar foscadh ón bpleancadh i monarcha ceimiceán Azot i Severodonetsk.
Is ar éigean a mhairfeas sciath seo na monarchan ar scáth na sibhialtach i bhfad eile, más amhlaidh atá na Rúisigh i bhfoisceacht urchair mhéaróige di.
Thart ar 500 sibhialtach atá sáinnithe sa mhonarcha, leanaí dhá scór acu, a deirtear.
Is cosúil nach bhfuil na hairm den chéad scoth - idir dhiuracáin fadraoin agus chórais fhrithdhiúracán - a gheall tíortha an Iarthair do na hÚcránaigh dhá mhí shin, is cosúil nach bhfuarthas aon áiméar ar a gcur ag obair fós. É sin, nó níor tháinig siad fós.
Mar a tharlaíonn, más fíor do na Rúisigh, scrios diúracáin chúrsála dá gcuid olliosta ordnáis i gcathair Chortkiv in Oblast Ternopil in iarthar na hÚcráine tráthnóna arú inné.
Mhaígh na Rúisigh go raibh airm ó thíortha an Iarthair i dtaisce san iosta.
D'admhaigh na hÚcránaigh go ndearna ionsaí na Rúiseach damáiste d'ionad míleata sa chathair agus dúirt gur saoth leo daoine a bheith donaithe dá bhíthin.
Shéan siad, ámh, nach raibh aon airm á gcoinneáil san ionad.