Recordings of regional Irish language dialects made available to the public.
The creation of Canúint a repository of Irish dialects was a collaboration between Gaois, a research group in Fiontar and Scoil na Gaeilge, Dublin City University and RTÉ Archives. Some 200 recordings from twelve counties covering Gaeltacht areas as they are understood today and from places where the language has long since disappeared have been plotted on an interactive map.
The speakers selected reflect the range of Irish dialects found in the RTÉ Archives. The recordings were made for Irish language programmes for Raidió Éireann and Raidió na Gaeltachta. Along with the voices of well known Gaeltacht storytellers Peig Sayers and Colm Ó Caoidheáin are speakers from former Gaeltacht regions in Tipperary, Mayo and Tyrone. To offer as wide a geographical range as possible examples of dialects that were still spoken but in terminal decline in the mid 20th century are included along with samples from areas where Irish is still spoken today.
Digital files of the original recordings have been created as part of the RTÉ Archives digitisation programme. The lrish language audio project was carried out with the support of the Coimisiún na Meán archiving scheme. Some 160,000 hours of Irish language content that had been recorded on wax cylinders, shellac discs, magnetic tape and compact discs have now been digitsed.
The Canúint platform allows members of the public to search and listen to Irish language words, sentences and phrases as they were spoken locally at the time of the recordings.
Visit canúint.ie to explore the interactive map to browse and listen to the recordings.
Comhoibriú idir Gaois, grúpa taighde in Fiontar agus Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus Cartlann RTÉ a bhí i gcruthú na taisce seo de chanúintí na Gaeilge. Tá tuairim is 200 taifeadadh ó dhá chontae déag a chlúdaíonn ceantair Ghaeltachta mar a thuigtear iad sa lá atá inniu ann agus ó áiteanna ina bhfuil an teanga imithe le fada. Tá na háiteanna seo breactha ar léarscáil idirghníomhach.
Tugann na cainteoirí a roghnaíodh léargas ar an réimse canúintí na Gaeilge atá le fáil i gCartlann RTÉ. Is do chláracha Gaeilge Raidió Éireann agus Raidió na Gaeltachta a rinneadh na taifeadtaí. Mar aon le glórtha scéalaithe aitheanta Gaeltachta Peig Sayers agus Colm Ó Caoidheáin, tá cainteoirí ó réigiúin iar-Ghaeltachta i dTiobraid Árann, Maigh Eo agus Tír Eoghain san áireamh. Chun réimse geografach chomh leathan agus is féidir a chur ar fáil, tá samplaí de chanúintí a bhí fós á labhairt ach a bhí ag dul go mór i léig i lár an 20ú haois san áireamh mar aon le samplaí ó cheantair ina bhfuil an Ghaeilge fós á labhairt sa lá atá inniu ann.
Cruthaíodh comhaid dhigiteacha de na taifeadtaí bunaidh mar chuid de chlár digitithe Chartlann RTÉ. Cuireadh an tionscadal fuaime Gaeilge i gcrích le tacaíocht ó scéim cartlannaithe Choimisiún na Meán. Tá digitiú déanta anois ar 160,000 uair an chloig d'ábhar Gaeilge a bhí taifeadta ar shorcóirí céaracha, ar dhioscaí seileaic, ar théip mhaighnéadach agus ar dhlúthdhioscaí.
Tugann ardán Chanúint deis do bhaill an phobail focail, abairtí agus frásaí Gaeilge a chuardach agus éisteacht leo mar a labhraíodh go háitiúil iad tráth na dtaifeadtaí.
Tabhair cuairt ar canúint.ie chun an léarscáil idirghníomhach a chíoradh agus cluas a thabhairt do na taifeadtaí.