22. Ceangaltais, Teagmhais agus Barántais Airgeadais
(a) Ceangaltais chaipitil
Grúpa | RTÉ | |||
2021 | 2020 | 2021 | 2020 | |
€’000 | €’000 | €’000 | €’000 | |
Faoi chonradh ach gan soláthar déanta ina leith | 2,591 | 4,949 | 2,125 | 4,672 |
Údaraithe ach gan conradh socraithe ina leith | 360 | 476 | - | 77 |
2,951 | 5,425 | 2,125 | 4,749 |
(b) Ceangaltais maidir le ceannachán cláracha/ceart
Grúpa | RTÉ | |||
2021 | 2020 | 2021 | 2020 | |
€’000 | €’000 | €’000 | €’000 | |
Faoi chonradh ach gan soláthar déanta ina leith | 68,942 | 62,134 | 68,942 | 62,134 |
(c) Dliteanais theagmhasacha
De bharr nádúr a oibríochtaí, tá an Grúpa ina pháirtí in imeachtaí éagsúla dlí le tríú páirtithe a d’eascair i rith gnáthchúrsaí gnó. Cé nach féidir a thomhas go cruinn an dliteanas a d’fhéadfadh a bheith ann faoi na himeachtaí éagsúla, tá an Bord sásta go bhfuil soláthar dóthanach déanta don toradh is dócha a bheidh ar na himeachtaí sin.
(d) Barántais
Amhail an 31 Nollaig 2021 cheangail RTÉ le saoráidí barántais dar luach €3.22 milliún a rachaidh in éag ar an 10 Feabhra 2024.
(e) Seirbhísí teilifíse digiteacha i dTuaisceart Éireann
Tá comhfhiontar nasctha ag RTÉ le TG4 maidir le seirbhísí teilifíse digiteacha a chur ar fáil i dTuaisceart Éireann agus tá gealltanas cistíochta ar RTÉ faoin gcomhaontú sin a thiocfaidh in éag i mí Dheireadh Fómhair 2024. B’ionann an gealltanas a bhí fós ann amhail an 31 Nollaig 2021 agus €1.6 milliún.