23. Deontais

(a) Deontais Chaipitil

Grúpa

RTÉ

2021

2020

2021

2020

€’000

€’000

€’000

€’000

Iarmhéid Tosaigh

4,811

7,904

-

-

Deontais a fuarthas maidir le togra 700 MHz

-

170

-

-

Scaoilte chuig an Ráiteas Ioncaim

(403)

(282)

-

-

Amúchadh ar dheontas caipitil

-

(2,981)

-

-

4,408

4,811

-

-

Arna anailísiú mar seo a leanas:

Dliteanais neamhreatha

4,014

4,408

-

-

Dliteanais reatha

394

403

-

-

4,408

4,811

-

-

D’eisigh an DTCAGSM deontas caipitil a thosaigh sa bhliain 2017 le RTÉ Transmission Network DAC, fochuideachta de chuid RTÉ i ndáil le socrú do bhanda minicíochta Speictream 700 MHz a ghlanadh faoi mar a ordaítear faoi threoracha ón AE. Tá an ghluaiseacht maidir leis an deontas i rith na bliana i gcomhréir le polasaí cuntasaíochta an Ghrúpa.

(b) Deontais Eile

Le linn na bliana, bhronn Fondúireacht Eolaíochta Éireann (SFI) deontas €825,000 ar RTÉ (2020: €585,000) chun cláracha a bhaineann le heolaíocht a dhéanamh. Fuarthas €240,000 le linn na bliana (2020: €535,000).

Bronnadh deontas €66,911 (2020: €16,400) ar RTÉ faoin scéim Fuaime & Físe de chuid BAI agus an Scéim Cartlannaíochta i leith maoiniú cláracha agus an leabharlann cartlannaíochta a dhigitiú. Le linn na bliana, fuair RTÉ €36,338 (2020: €169,102) maidir le deontais a bronnadh.

Bronnadh deontas €nialas ar RTÉ ón gClár Éire Ildánach sa bhliain 2021 (2020: €1,109,000), agus fuarthas €nialas de sin in 2021 (2020: €1,109,000). Bhí deontas 2020 le cur i dtreo an chostais a bhain le tionscnamh bunaithe ar chultúr lenar áiríodh plean teilgin náisiúnta ealaíon a bhí mar chuid de Lonraigh do Sholas, An Grianstad de chuid RTÉ, promóisin shaincheaptha RTÉ Ag Tacú leis na hEalaíona a chruthú agus comórtas náisiúnta ealaíona digití do leanaí - This is Art.

Bhronn an Chomhairle Ealaíon deontas €80,000 ar RTÉ sa bhliain 2021 maidir le hOíche Chultúir 2021. Fuarthas €80,000 i rith na bliana.

Bhronn an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (DTCAGSM) deontas €2,430,000 ar RTÉ sa bhliain 2021 maidir le hábhar a léiriú, a sholáthar agus a choimeád mar chuid de chlár comórtha Dheich mBliana na gCuimhneachán. Fuarthas €500,000 i rith na bliana.

Bhronn an DTCAGSM deontas €100,000 ar RTÉ sa bhliain 2021 chun an Ghaeilge a chur chun cinn in 2021. €100,000 den deontas sin a fuarthas.

Bhronn an DTCAGSM deontas arbh fhiú €129,505 san iomlán é ar RTÉ sa bhliain 2021 maidir le The Atlas of the Irish Revolution. Fuarthas €nialas de sin in 2021.

Bhronn an DTCAGSM deontas arbh fhiú €50,000 san iomlán é ar RTÉ sa bhliain 2021 maidir le Tionscnamh Ealaíne Digití chun nuashonrú a dhéanamh ar láithreán gréasáin This is Art. Fuarthas €50,000 de sin in 2021.

Bhronn an DTCAGSM dhá dheontas ar RTÉ in 2020 arbh fhiú €218,476 san iomlán iad maidir le tionscadail chun comóradh a dhéanamh ar Chogadh na Saoirse agus ar an nGorta Mór. Fuarthas €120,477de sin in 2021 (2020: €80,125).