10. Cáin Ioncaim

(a) Aitheantas

Tá cáin ioncaim comhdhéanta de cháin reatha agus cáin iarchurtha. Aithnítear caiteachas cáin ioncaim sa Ráiteas Ioncaim seachas a mhéid a bhaineann sé le míreanna a aithnítear go díreach i gcothromas agus sa chás sin a aithnítear i gcothromas.

(b) Cáin reatha

Is ionann cáin reatha agus an cháin ionchasach iníoctha ar ioncam incháinithe don bhliain, ag baint leasa as na rátaí cánach achtaithe nó atá achtaithe go substaintiúil ar an dáta tuairiscithe, agus aon leasú ar cháin iníoctha maidir le blianta roimhe sin. Tá cáin chorparáide na hÉireann dlite ar ioncam inchánaithe an Ghrúpa. Bhí ioncam a saothraíodh ó tháille ceadúnais an Ghrúpa roimh an 31 Nollaig 2006 díolmhaithe ó cháin chorparáide.

(c) Cáin iarchurtha

Aithnítear cáin iarchurtha leis an modh clár comhardaithe ina soláthraítear do dhifríochtaí idir an tsuim de shócmhainní agus dliteanais a iompraítear do chríocha tuairiscithe airgeadais agus na suimeanna a úsáidtear chun críocha cánach. Níl sócmhainní ná dliteanais cánach iarchurtha faoi réir lascainiú agus déantar iad a thomhais ag rátaí cánach a mheastar a bhainfidh leis an tréimhse a bhfíoraítear an tsócmhainn nó a socraítear an dliteanas bunaithe ar na rátaí cánach agus na dlíthe cánach atá achtaithe nó achtaithe go substainteach ar dháta deireadh na bliana.

Aithnítear dliteanais chánach ar mhaithe le gach difríocht sealadach cánach seachas chéad aithint sócmhainne nó dliteanais in idirbheart nach comhcheangal gnó é agus nach mbíonn tionchar aige ar an mbrabús cuntasaíochta ná ar an mbrabús ná ar an gcaillteanas inchánaithe tráth a ndéantar an t-idirbheart.

A mhéid agus is dócha a bheidh brabúis inchánaithe ar fáil ina aghaidh agus ar féidir an difríocht shealadach a úsáid a aithnítear sócmhainn cánach. Déantar sócmhainní cánach a athbhreithniú ar gach dáta tuairiscithe agus laghdaítear iad a mhéid is nach dóigh níos mó go mbainfear an sochar cánach bainteach amach.

Déantar sócmhainní agus dliteanais cánach a fhritháireamh má tá ceart dlí infheidhmithe ann sócmhainní agus dliteanais chánach a fhritháireamh agus go mbaineann siad le cáin ioncaim atá á ghearradh ag an údarás céanna cánach ar an eintiteas céanna inchánaithe.