9. Sochair d’Fhostaithe

(a) Oibleagáidí sochair scoir

Déanann an Grúpa, trí Scéim Aoisliúntais RTÉ, Scéim Pinsin Ranníoca Sainithe RTÉ, Scéim Pinsin “50/50” Riosca i bPáirt RTÉ (scéim chumaisc a bhfuil gnéithe sochair shainithe agus ranníoca shainithe léi) agus scéimeanna ranníoca sainithe eile ranníocaíochtaí pinsin do líon suntasach fostaithe.

Maidir leis na scéimeanna ranníocaíochtaí sainithe agus le gné ranníocaíochtaí sainithe Scéim Pinsin “50/50” Riosca i bPáirt RTÉ, fabhraítear ranníocaíochtaí agus aithnítear iad sa Ráiteas Ioncaim sa tréimhse a saothraíonn na fostaithe cuí iad.

Maidir le Scéim Aoisliúntais RTÉ, scéim sochair shainithe aoisliúntais maoinithe agus gné sochair shainithe de Scéim Pinsin “50/50” Riosca i bPáirt RTÉ, nochtar an difríocht idir luach margaidh shócmhainní na scéime agus luach reatha dhliteanais na scéime ó mheasúnú achtúireach, á ríomh ag baint leasa as modh na n-aonad réamh-mheasta creidmheasa, mar shóchmhainn/dliteanas sa Ráiteas ar Staid Airgeadais. An tsuim a chuirtear in aghaidh an Ráitis Ioncaim ná costas achtúireach na sochar pinsean a ghealltar d’fhostaithe a saothraíodh le linn na bliana móide aon fheabhsúcháin sochair a deonaíodh do chomhaltaí i rith na bliana.

Cinneann an Grúpa an (t-ioncam)/costas úis glan tríd an ráta lascaine a úsáidtear chun an oibleagáid shochair shainithe a thomhas ag tús na tréimhse a chur i bhfeidhm leis an dliteanas/(sócmhainn) sochair shainithe glan ag tús na tréimhse, ag cur san áireamh athruithe i rith na tréimhse mar thoradh ar ranníocaíochtaí agus íocaíochtaí sochair. Léirítear an costas/(t-ioncam) úis glan mar mhír airgeadais sa Ráiteas Ioncaim. Déantar atomhais ar an dliteanas sochair sainithe glan, torthaí ar shócmhainní an phlean agus tionchar na teorann sócmhainne a aithint láithreach sa Ráiteas ar Ioncam Cuimsitheach.

Nuair a athraítear sochair aon phlean, déantar an t-athrú ar an sochar a bhaineann le seirbhís san am atá caite a aithint láithreach sa Ráiteas Ioncaim.

(b) Sochair Foirceanta

Aithnítear sochair scoir mar chaiteachas nuair is léir go mbíonn an Grúpa tiomanta, is gan aon fhéidearthacht ann tarraingt siar, do phlean mionsonraithe fostaíocht a fhoirceannadh roimh an ngnáthdháta scoir nó sochair foirceanta a sholáthar mar thoradh ar thairiscint a rinneadh le hiomarcaíocht dheonach a spreagadh. Aithnítear sochair d’iomarcaíochtaí deonacha mar chaiteachas má tá tairiscint ar iomarcaíocht dheonach déanta ag an nGrúpa, más dócha go nglacfar leis an tairiscint, agus gur féidir an líon glactha a mheas go hiontaofa.

(c) Sochair ghearrthéarmacha

Ar bhonn neamh-lascainithe a thomhaistear oibleagáidí sochair ghearrthéarmach fostaithe agus déantar iad a chur san áireamh de réir mar a sholáthraítear an tseirbhís.