11. Ioncam agus Costais Airgeadais
Tá ioncam airgeadais comhdhéanta d’ioncam ó ús ar airgead tirim agus d’infheistíochtaí leachtacha agus gluaiseachtaí luach cóir ar ionstraimí airgeadais díorthaigh a aithnítear tríd an Ráiteas Ioncaim.
Tá caiteachais airgeadais comhdhéanta d’ús ar iasachtaí, ús diúltach ar thaiscí, díscaoileadh na lascaine ar chostas athstruchtúrtha agus gluaiseachtaí luach cóir ar ionstraimí airgeadais díorthaigh a aithnítear tríd an Ráiteas Ioncaim.