14. Iasachtaí agus iasachtaíochtaí lena mbaineann ús
| Grúpa | RTÉ | |||||
| Ráta Úis | Dáta Aibíochta | 2022 | 2021 | 2022 | 2021 | |
| % | €’000 | €’000 | €’000 | €’000 | ||
| Saoráid creidmheasa imrothlach | Costas an iasachtóra móide corrlach | 5 Nollaig 2024 | - | - | - | - | 
| Saoráid Iasachta Téarma Amúchta | Costas an iasachtóra móide corrlach | 5 Nollaig 2024 | 8,125 | 10,000 | 8,125 | 10,000 | 
| Iasacht tionscadail agus saoráid iasachta téarma | EURIBOR móide corrlach | 31 Eanáir 2026 | 55,000 | 55,000 | - | - | 
| 63,125 | 65,000 | 8,125 | 10,000 | |||
| Arna anailísiú mar seo a leanas: | ||||||
| Neamhreatha | 59,500 | 63,500 | 7,000 | 8,500 | ||
| Reatha | 3,625 | 1,500 | 1,125 | 1,500 | ||
| 63,125 | 65,000 | 8,125 | 10,000 | |||
Ar an 6 Nollaig 2019, chuaigh RTÉ i mbun comhaontú saoráide nua le Banc na hÉireann dar luach €20 milliún chun críocha caipitil oibre. Áirítear sa chomhaontú saoráid creidmheasa imrothlaigh €10 milliún nach raibh tarraingthe anuas amhail an 31 Nollaig 2022 agus saoráid iasachta téarmaí €8.13 milliún a bhí tarraingthe go hiomlán amhail an 31 Nollaig 2022.
An 1 Feabhra 2019, chuaigh an Grúpa i mbun 2 shaoráid iasachta bainc. Tá an chéad saoráid do €15m le híoc ar ais in 6 sciar chothroma de €2.5m gach 6 mhí ag tosú i Meán Fómhair 2023. Tá an dara saoráid de €40m le híoc ar ais go hiomlán ar an dáta aibíochta sa bhliain 2026.
Urrús an iasachtóra – saoráid iasachta do thionscadail
Bhí ar cheann de na coinníollacha maidir leis an saoráid iasachta do thionscadail a chur ar fáil go ndéanfadh 2rn comhaontú gníomhais urrúis a fhorghníomhú agus urrús mar seo a leanas a chur ar fáil don iasachtóir:
a) Tailte trí cinn déag de phríomhshuíomhanna tarchuradóireachta DTT;
b) Fearas agus feisteas uile 2rn ar shuíomhanna tarchuradóireachta DTT, san am i láthair agus tráth ar bith is faide anonn;
c) Ioncam cíosa uile agus léasanna oibriúcháin uile 2rn;
d) Cearta agus sochair a bhaineann le polasaithe árachais 2rn;
e) Cuntas fáltais an árachais; agus
f) Gníomhais Sannacháin lena gcruthaítear sannacháin urrúis maidir le conarthaí tráchtála áirithe agus Conarthaí Tógála DTT.



