18. Infheistíocht i bhFochuideachtaí

Iomlán

RTÉ

€’000

Iarmhéid amhail an 1 Eanáir 2021

Suimeanna Breise

65,827

-

Iarmhéid amhail an 31 Nollaig 2021

65,827

Bhí na fochuideachtaí seo a leanas ag RTÉ amhail an 31 Nollaig 2021:

Fochuideachtaí

Céatadán den scairchaipiteal

Cineál Gnó

RTÉ Commercial Enterprises DAC

100%

Foilseacháin, bearta tráchtála éagsúla & beartaíocht eile

RTÉ Music DAC

100%

Foilsitheoireacht Ceoil

RTÉ Transmission Network DAC (ag trádáil faoin ainm 2rn)

100%

Bainistíocht ar shócmhainní an chraobhchórais craolacháin

RTÉ Licence Collections Limited

100%

Díomhaoin

DTT Network Company

100%

Díomhaoin

Seirbhísí Theilifís na Gaeilge Teoranta

100%

Díomhaoin

Tá athbhreithniú déanta ag an mBord ar an luach ar a dtugtar anonn fuílleach infheistíochta an Ghrúpa agus táthar sásta nach bhfuil aon táscairí lagaithe agus go bhfuil luach cóir á lua leo. Is in Éirinn a oibríonn na fochuideachtaí go léir agus tá an oifig chláraithe acu ag RTÉ, Domhnach Broc, Baile Átha Cliath 4. Is fochuideachta RTÉ Music DAC de chuid RTÉ Commercial Enterprises DAC agus é faoi lánúinéireacht.

I mí na Nollag 2021, d’íoc 2rn díbhinn €7.5 milliún le RTÉ. Aithnítear sin mar ioncam ag cuideachta RTÉ.

Bhí an comhfhiontar seo a leanas ag RTÉ amhail an 31 Nollaig 2021:

An Chuideachta Comhfhiontair

Céatadán den scairchaipiteal

Cineál Gnó

Multiplex Broadcasting Services NI Limited

66.6%

Seirbhísí teilifíse digití saor go haer a chraoladh i dTuaisceart Éireann agus seirbhísí ilphléacs gaolmhara eile

I dTeach Murray, Sráid Murray, Béal Feirste atá oifig chláraithe Multiplex Broadcasting Services NI Limited.

Bhí an comhfhiontar seo a leanas ag RTÉ amhail an 31 Nollaig 2021:

An Chuideachta Comhfhiontair

Céatadán den scairchaipiteal

Cineál Gnó

GAAGO Media DAC

50%

Craolann seirbhís IPTV cluichí CLG go hidirnáisiúnta

Tá oifig cláraithe GAAGO Media DAC suite ag Páirc an Chrócaigh, Bóthar Mhic Sheoin, Droim Conrach, Baile Átha Cliath 3.

Déantar an comhfhiontar thuas a chuntas ag baint leasa as modh an chothromais mar a leagtar amach sna beartais chuntasaíochta. An 31 Nollaig 2021 dáta deiridh bliana airgeadais an chomhfhiontair. Leagtar amach thíos achoimre ar an bhfaisnéis airgeadais.

2021

2020

€’000

€’000

Sócmhainní reatha

3,810

2,450

Dliteanais reatha

(1,573)

(1,286)

Gnáthscaireanna inchurtha i leith úinéirí na cuideachta

2,237

1,164

Leas neamhrialaithe

1,118

582

Ioncam

2,860

1,997

Brabús don bhliain

1,047

550

Suim ghlanluacha de leas an Ghrúpa sa chomhfhiontar

1,118

582

Bearta Oibre Ghrúpa RTÉ arna Rangú de réir an rannáin agus an eintitis dlí amhail an 31 Nollaig 2021

RTÉ

RTÉ Commercial Enterprises DAC

RTÉ

Music

DAC

RTÉ Transmission Network DAC

AN RANNÁN TRÁCHTÁLA

Fógraíocht agus urraíocht maidir leis an teilifís a dhíol

Fógraíocht agus urraíocht maidir leis an raidió a dhíol

Fógraíocht agus urraíocht idirlín a dhíol

Fógraíocht agus urraíocht teilitéacs AERTEL a dhíol

Saoráidí léiriúcháin teilifíse a ligean ar cíos le tríú páirtí

Ioncam ó theileachumarsáid tráchtála

Díolachán ar earraí a bhaineann le cláracha

Tráthliostaí cláracha a dhíol

Córais chraoltóireachta agus saoráidí teicneolaíochta a chur ar fáil don tríú páirtí

Díolachán ar earraí a bhaineann le cláracha

Fógraí teilifíse don tríú páirtí a léiriú sa stiúideo

Saoráidí léiriúcháin raidió a ligean ar cíos leis an tríú páirtí

Stiúideo soghluaiste an Roadcaster agus díolacháin bolscaireachta

Fógraí raidió a léiriú sa stiúideo

Cóipcheart ceoil a dhíol

Seirbhísí idirnáisiúnta físeáin arna n-éileamh ar tháille á soláthar.

Ioncam a ghiniúint ó thaibhithe cheolfhoirne

Iris an RTÉ Guide a chur ar fáil agus a fhoilsiú

Fógraíocht san RTÉ Guide a dhíol

Riarachán an Rannáin Tráchtála

AN RANNÁN MAIDIR LE LUCHT FÉACHANA AGUS ÉISTEACHTA, CAINÉIL AGUS MARGAÍOCHT

Sceidil agus cainéil teilifíse seirbhíse poiblí a chraoladh saor go haer

Sceidil agus cainéil raidió seirbhíse poiblí a chraoladh saor go haer

Cur chun cinn agus margaíocht na seirbhísí agus na gcainéal

Seirbhísí teilitéacs RTÉ Aertel a chur ar fáil

Raon seirbhísí ar líne saor in aisce don phobal, bunaithe ar an bpobal agus ar an ngréasán, a chur ar fáil

An RTÉ Player agus rte.ie a rith don lucht féachana in Éirinn agus thar lear

Cothú agus Forbairt maidir le teicneolaíocht nua de chuid na meánchumarsáide

Deiseanna breise a chur ar fáil chun teacht ar ábhar nuachta seirbhísí poiblí RTÉ trí RTÉ News Now Online

An Rannán maidir le Lucht Féachana agus Éisteachta, Cainéil agus Margaíocht a riar

AN RANNÁN ÁBHAIR

Cláracha raidió agus teilifíse de dhéantús Éireannach a choimisiúnú agus a léiriú

Coimisiúnú a dhéanamh de réir na reachtaíochta ar ábhar cláir ó léiritheoirí neamhspleácha de chuid an AE

Cláracha raidió de chuid na hÉireann agus ón iasacht a cheannach

Ábhar cláir nach nuacht ná cúrsaí reatha é a chur ar fáil do TG4 de réir na reachtaíochta

Cartlanna an chainéil teilifíse agus na leabharlainne nuachta a chothabháil

Ábhar leabharlainne agus cartlainne a dhíol

Cartlanna agus leabharlann an chainéil raidió a chothabháil

Taibhréimeanna ceolfhoirne agus cóir

Ceol ceolfhoirne agus cóir a choimisiúnú, a léiriú a sheinm agus a thaifeadadh

Riar an Rannáin Ábhair

AN RANNÁN NUACHTA & CÚRSAÍ REATHA

Seirbhís bhailiú nuachta náisiúnta agus idirnáisiúnta a chur ar fáil

Léiriú a dhéanamh ar na cláracha nuachta ar an teilifís agus ar an raidió chomh maith le tráchtaireacht ar mhórimeachtaí agus cláracha eile

Ábhar cláracha cúrsaí reatha a choimisiúnú agus a léiriú

Ábhar chláracha nuachta agus cúrsaí reatha a chur ar fáil do TG4 de réir na reachtaíochta

Ábhar nuachta agus cúrsaí reatha a chur ar fáil do sheirbhísí poiblí saor-rochtana ar líne RTÉ

An riarachán ar an Rannán Nuachta agus Cúrsaí Reatha

AN RANNÁN LÍONRA

Seirbhísí tarchurtha analógacha do chraoladh náisiúnta raidió a chur ar fáil

Seirbhísí tarchurtha digiteacha do chraoladh náisiúnta raidió a chur ar fáil

Seirbhísí ilphléacs, tarchurtha agus dáilte a chur ar fáil d’oibritheoirí ilphléacs

An cíos ar áiseanna coimhdeacha crann agus túr

An riarachán maidir le 2rn

AN RANNÁN OIBRIÚCHÁIN & SEIRBHÍSÍ LÉIRIÚCHÁN

Seirbhísí Teilifíse, Raidió agus léiriúcháin ar líne a chur ar fáil don Rannán Ábhair agus Nuachta & Cúrsaí Reatha.

Seirbhísí Teilifíse, Raidió agus léiriúcháin ar líne a chur ar fáil don Rannán maidir le Lucht Féachana agus Éisteachta, Cainéil agus Margaíochta

Seirbhísí láithreáin agus seirbhísí tacaíochta gaolmhara bonneagair a chur ar fáil

Riarachán an Rannáin Oibriúcháin

RANNÁIN EILE

Na Rannáin maidir le Teicneolaíocht & Athchóiriúchán, Acmhainní Daonna agus Airgeadas

An Rannán Corparáide lena n-áirítear Cumarsáid Corparáide, Dlí agus Seirbhísí ilphléacs DTT a chur ar fáil do chraoltóirí (Saorview)

CEANNÁRAS NA CORPARÁIDE

Seilbh ar ábhar infheistíochta i ngnóthaí a bhaineann le cúrsaí craolacháin

Obair stiúrtha agus feidhmiúcháin an Chraoltóra Seirbhíse Poiblí