5. Idirbhearta in Airgeadra Eachtrach

Aistrítear idirbhearta a bhíonn ainmnithe in airgeadra eachtrach go dtí airgeadraí feidhme eintitis an ghrúpa faoi seach ag rátaí malartaithe a bhíonn i bhfeidhm ar dhátaí na n-idirbheart. Aistrítear sócmhainní agus dliteanais airgid a bhíonn ainmnithe in airgeadra eachtrach ar an dáta tuairiscithe go dtí an t-airgeadra feidhme ag an ráta malartaithe a bhíonn i bhfeidhm an dáta sin. Áirítear aon ghnóthachain nó aon chaillteanais mar thoradh ar athrú ar rátaí malartaithe i ndiaidh dháta an idirbhirt mar ghnóthachan nó caillteanas malartaithe sa Ráiteas Ioncaim.