4. Fardail Cláracha
Déantar fardail cláracha a luacháil ag a gcostas nó ag a nglanluach inréadaithe, cibé is lú.
Is ionann fardail cláracha dúchasacha is cláracha a dhéanann RTÉ intí nó cláracha a dhéanann RTÉ a choimisiúnú ó léiritheoirí neamhspleácha. Áirítear ar chostais stoc cláracha in-tí costais dhíreacha cláracha lena n-áirítear saoráidí léirithe agus costais lucht oibre. Bíonn costais na stoc cláracha coimisiúnaithe bunaithe ar luach an chonartha. Gearrtar fardail na gcláracha dúchasacha go hiomlán chuig an Ráiteas ar an gcéad tarchur.
Is ionann fardail cláracha faighte agus cláracha agus scannáin a cheannaíonn RTÉ ó stiúideonna agus ó chraoltóirí tríú páirtí. Sainmhínítear costais na bhfardal cláracha faighte mar an luach conartha ceadúnais tríú páirtí a íocann RTÉ leis an stiúideo nó leis an gcraoltóir. Gearrtar fardail cláracha faighte chuig an Ráiteas Ioncaim bunaithe ar luach ionchasach gach tarchur mar seo a leanas:
Gnéchláracha: | 75% ar an gcéad tarchur |
25% ar an dara tarchur | |
Sraitheanna: | 99% ar an gcéad tarchur |
1% ar an dara tarchur |
Is éard is fardail chearta spóirt ná na cearta imeachtaí spóirt a chraoladh. Sainmhínítear costais na bhfardal chearta spóirt mar an luach conartha a chomhaontaíonn an Grúpa leis an gcomhlacht spóirt cuí nó le sealbhóir na gceart. Sa chás go n-eisíonn RTÉ focheadúnais maidir le cearta spóirt don tríú páirtí, déantar an t-ioncam agus an costas a ghabhann leis sin a lua ar bhonn glan sa Ráiteas faoin Ioncam. Gearrtar fardail chearta spóirt chuig an Ráiteas Ioncaim de réir mar atá na himeachtaí spóirt a bhaineann leis na cearta á gcraoladh.