2. Aitheantas Ioncaim
Tá ioncam, nach bhfuil CBL ná idirbhearta idir cuideachtaí sa Ghrúpa san áireamh ann, comhdhéanta d’ioncam a eascraíonn as táillí ceadúnais, díolacháin fógraíochta, urraíocht, úsáid saoráidí agus líonra tarchurtha an Ghrúpa, ioncam ciorclaíochta agus imeachtaí, agus ioncam ó ábhar, earraí díolacháin agus ioncam gaolmhar. Luaitear ioncam glan ó aon lascainí socraíochta nó lascainí ó thaobh méid.
Tá IFRS 15 i bhfeidhm i ndáil le gach sruth ioncaim an Ghrúpa seachas ar ioncam ón táille ceadúnais a thagann faoin IAS 20 Cuntasaíocht maidir le Deontais ón Rialtas agus Cúnamh ón Rialtas a Nochtadh. Déantar na sruthanna ioncaim eile, mar atá leagtha amach thíos, a aithint nuair a aistrítear na seirbhísí nó earraí atá geallta chuig na custaiméirí. Tá cur chuige 5 chéim glactha ag an nGrúpa maidir le tráthú aitheantais ioncaim bunaithe ar oibleagáidí feidhmíochta i gconarthaí custaiméirí. Is éard atá i gceist leis seo an conradh le custaiméirí a aithint, na hoibleagáidí feidhmíochta a aithint, praghas an idirbhirt a ríomh, an praghas a leithroinnt chuig na hoibleagáidí feidhmíochta laistigh den chonradh agus ioncam a aithint nuair atá na hoibleagáidí feidhmíochta bainte amach.
(a) Ioncam ón gceadúnas teilifíse
Tá An Post ainmnithe ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (DTCAGSM) mar ghníomhaire bailithe na táille ceadúnais teilifíse. Déanann An Post an t-ioncam ón Táille Ceadúnais a bhailiú agus a íoc leis an DTCAGSM, glan ó chostais bailiúcháin. Ina theannta sin, íocann an Roinn Coimirce Sóisialta (DSP) ioncam ón táille ceadúnais thar ceann daoine atá incháilithe do cheadúnas teilifíse “saor in aisce”. Íocann an DSP an t-ioncam seo chuig an DTCAGSM gach mí.
Mar a fhoráiltear in Alt 123 den Acht Craolacháin 2009 arna leasú le hAlt 69 den Acht um Rialáil Cumarsáide (Seirbhísí Poist) 2011 íocann an DTCAGSM “deontas i gcabhair” neamh-inaisíoctha le RTÉ ó na táillí ceadúnais a bhailítear. Is ionann sin agus an méid a íoctar leis ón DSP chomh maith leis an méid a bhailíonn An Post, glan ar chostais bailiúcháin, tobhach 7% leis an gCiste Craoltóireachta agus suimeanna eile a íoctar le TG4 arna chinneadh ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.
Arna fháil a aithnítear ioncam ón Táille Ceadúnais atá iníoctha ag an DSP. Déantar an t-ioncam eile ar fad ón táille ceadúnais a áireamh ar thuairisc a fháil ó An Post ar líon na gceadúnas a ceannaíodh i rith an tréimhse.
(b) Ioncam fógraíochta agus urraíochta
Aithnítear ioncam fógraíochta teilifíse ar sheachadadh feachtais. Aithnítear an t-ioncam fógraíochta eile go léir ar tharchur/ar fhoilsiú. Luaitear ioncam fógraíochta glan ó choimisiúin ghníomhaireachtaí. Aithnítear ioncam urraíochta go cothrom thar shaolré an chláir urraithe, an fhoilseacháin urraithe, srl.
(c) Ioncam ó tharchuradóireacht agus ó áiseanna
Eascraíonn an t-ioncam ó chúrsaí tarchuradóireachta agus áiseanna ón úsáid a bhaineann an tríú pháirtí as craobhchóras tarchuradóireachta, dáileacháin agus ilphléacsúcháin an Ghrúpa agus ó áiseanna stiúideo. Aithnítear suimeanna de réir mar a chuirtear na saoráidí ar fáil do thríú páirtithe.
(d) Ioncam ciorclaíochta agus imeachtaí
Ó fhoilsiú agus chiorclaíocht an RTÉ Guide a eascraíonn ioncam ciorclaíochta agus an t-ioncam comhlán a luaitear. Ar bhonn an ghlanmhéid cóipeanna díolta ag deireadh na tréimhse gearrtha díolacháin gach eagrán a aithnítear ioncam.
Ó imeachtaí poiblí arna n-eagrú ag Grúpaí Ceolfhoirne RTÉ a eascraíonn ioncam imeachtaí. Aithnítear é de réir mar a thionóltar na himeachtaí agus mar a bhíonn suimeanna dlite.
(e) Ioncam ó ábhar, earraí díolacháin agus ioncam gaolmhar
Is ionann ábhar, earraí díolacháin agus ioncam gaolmhar méideanna a ghintear ó ábhar agus seirbhísí RTÉ a chuirtear ar fáil do thríú páirtithe. Aithnítear ioncam de réir mar a chuirtear an tseirbhís ar fáil nó ar earraí a sheachadadh chuig tríú páirtí.