1. Bunús na Cuntasaíochta

Leagtar amach thíos liosta iomlán ár bpolasaithe cuntasaíochta. Cuireadh na polasaithe cuntasaíochta i bhfeidhm go comhleanúnach nuair a bhíothas ag déileáil le míreanna a mheastar gur míreanna ábhartha iad maidir le ráitis airgeadais an Ghrúpa agus RTÉ ach amháin i gcás na gcaighdeán nua agus na leasuithe ar na caighdeáin arna leagan amach thíos.

(a) Eintiteas tuairiscithe

Is corparáid reachtúil é RTÉ a bunaíodh faoin Acht um Údarás Craolacháin, 1960 agus tá an chorparáid sainlonnaithe in Éirinn. Cuimsíonn ráitis airgeadais chomhdhlúite RTÉ amhail an 31 Nollaig 2021 agus don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2021 comhdhéanta an chorparáid reachtúil agus gach eintiteas arna rialaíonn sé (dá dtagraítear in éineacht mar an “Grúpa”).

(b) Ráiteas maidir le comhlíonadh

Ullmhaíodh ráitis airgeadais RTÉ agus an Ghrúpa de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRSanna) mar a ghlac an tAontas Eorpach (AE) leo agus atá in éifeacht don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2021 agus feidhmítear iad de réir fhorálacha na reachtaíochta craolacháin. Roghnaigh an Grúpa a ráitis airgeadais chomhdhlúite chomh maith le ráitis airgeadais eintitis máthairchuideachta RTÉ a chur i láthair de réir fhorálacha Acht na gCuideachtaí 2014 a mhéid agus is gá chun léiriú fíor agus cóir a thabhairt. Dá réir sin tá Ráiteas máthairchuideachta RTÉ maidir le Staid Airgeadais, Ráiteas maidir le Sreabhadh Airgid agus Ráiteas maidir le hAthruithe ar Chothromas curtha i láthair leis na ráitis airgeadais chomhdhlúite freisin, mar a d’éileodh Acht na gCuideachtaí 2014 de ghnáth. Tá leasú déanta ar Ráiteas Ioncaim Grúpa RTÉ de réir mar a cheadaítear faoi Acht na gCuideachtaí 2014, Sceideal 3 Cuid II, Alt A4(5).

(c) Bunús an ullmhaithe

Ullmhaíodh ráitis airgeadais RTÉ agus an Ghrúpa ar bhonn an chostais stairiúil arna mhodhnú ag an tomhas ag luach cóir na n-ionstraimí airgeadais díorthaigh agus na n-oibleagáidí sochair scoir.

In euro, airgeadra feidhmiúcháin eintitis ar fad an Ghrúpa, tugtha go dtí an míle is gaire (€000) a ullmhaíodh ráitis airgeadais an Ghrúpa.

Chun ráitis airgeadais a ullmhú de réir IFRSanna ní mór don bhainistíocht breithiúnais, meastacháin, agus boinn tuisceana a thabhairt a mbíonn tionchar acu ar fheidhmiú na bpolasaithe cuntasaíochta agus ar an líon sócmhainní, dliteanas, ioncaim agus caiteachais a thuairiscítear. D’fhéadfadh torthaí iarbhír a bheith difriúil ó na meastacháin sin. Déantar na meastacháin agus na boinn tuisceana taobh thiar díobh a athbhreithniú ar bhonn leanúnach. Sa tréimhse a ndéantar na meastacháin a athbhreithniú a aithnítear na hathbhreithnithe a dhéantar chomh maith le haon tréimhse ina dhiaidh sin a mbeadh tionchar acu uirthi. Le luacháil ar an scéim pinsin sochair shainithe agus le hionstraimí airgeadais a bhaineann na príomhréimsí a mbíonn breithiúnais shuntasacha nó castacht i gceist nó le réimsí a mbíonn tábhacht le breithiúnais agus meastacháin i dtaobh ráitis airgeadais an Ghrúpa agus tá cur síos orthu sna polasaithe cuntasaíochta ábhartha thíos agus sna nótaí bainteacha.

(iv) Caighdeáin nua agus athchóirithe a ghlacadh

Ghlac an Grúpa le linn na bliana le roinnt leasuithe ar chaighdeáin an IFRS agus le léirmhínithe arna n-eisiúint ag an IASB a raibh éifeacht leo go ceann tréimhse bliana ag tosú an 1 Eanáir 2021 nó ina dhiaidh. Ar ghlacadh léi sna leasuithe agus nochtuithe, ní raibh aon tionchar ábhartha ar nochtuithe ná ar na méideanna arna dtuairisciú sna ráitis airgeadais seo.

(e) Caighdeáin atá eisithe ach nach bhfuil éifeacht leo fós

Níl éifeacht fós le roinnt caighdeán nua, leasuithe ar chaighdeáin agus léirmhínithe agus níor cuireadh i bhfeidhm iad is na ráitis airgeadais seo á n-ullmhú. Níl i gceist ag an nGrúpa na caighdeáin seo a chur i bhfeidhm roimh an am; déanfar, ina ionad sin, iad a chur i bhfeidhm ón dáta éifeachta de réir mar a shocraítear sin i gcomhréir le dáta a n-aontú ag an AE. Áirítear orthu sin:

IFRS 17 Conarthaí Árachais

Dáta feidhmithe an 1 Eanáir 2023

IFRS 10 agus IAS 28 (leasuithe) Díol nó Deonachán Sócmhainní idir Infheisteoir agus a Fhiontar Comhlachaithe nó Comhfhiontar

Dáta feidhmithe le deimhniú ag IASB

Leasuithe ar IAS 1 Rangú Dliteanas mar Reatha nó Neamhreatha

Dáta feidhmithe an 1 Eanáir 2023

Leasuithe ar IFRS 3 Tagairt don Chreat Coincheapúil

Dáta feidhmithe an 1 Eanáir 2022

Leasuithe ar IAS 16 Maoin, Innealra agus Trealamh - Fáltais roimh Úsáid Bheartaithe

Dáta feidhmithe an 1 Eanáir 2022

Leasuithe ar IAS 37 Conarthaí Dochraideacha - Costas a a bhaineann le Conradh a Chomhlíonadh

Dáta feidhmithe an 1 Eanáir 2022

Leasuithe ar IFRS 1 Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais a Ghlacadh den Chéaduair, IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais, IFRS 16 Léasanna, agus IAS 41 Talmhaíocht

Dáta feidhmithe an 1 Eanáir 2022

IAS 12 Cáin iarchurtha a bhaineann le Sócmhainní agus Dliteanais mar thoradh ar Idirbheart Aonair

I bhfeidhm an 1 Eanáir 2023

IAS 8 Sainmhíniú ar pholasaithe cuntasaíochta

I bhfeidhm an 1 Eanáir 2023

Ní dóigh leis na stiúrthóirí go mbeidh tionchar ábhartha ag glacadh na gcaighdeán atá liostaithe thuas ar ráitis airgeadais an Ghrúpa sna tréimhsí amach anseo.