23. Deontais
(a) Deontais Chaipitil
Grúpa |
RTÉ |
|||
2022 |
2021 |
2022 |
2021 |
|
€’000 |
€’000 |
€’000 |
€’000 |
|
Iarmhéid Tosaigh |
4,408 |
4,811 |
- |
- |
Scaoilte chuig an Ráiteas Ioncaim |
(394) |
(403) |
- |
- |
4,014 |
4,408 |
- |
- |
|
Arna anailísiú mar seo a leanas: |
||||
Dliteanais neamhreatha |
3,632 |
4,014 |
- |
- |
Dliteanais reatha |
382 |
394 |
- |
- |
4,014 |
4,408 |
- |
- |
D’eisigh an RTCEGSM deontas caipitil a thosaigh sa bhliain 2017 le RTÉ Transmission Network DAC, fochuideachta de chuid RTÉ i ndáil le socrú do bhanda minicíochta Speictream 700 MHz a ghlanadh faoi mar a ordaítear faoi threoracha ón AE. Tá an ghluaiseacht maidir leis an deontas i rith na bliana i gcomhréir le polasaí cuntasaíochta an Ghrúpa.
(b) Deontais Eile
Le linn na bliana, bhronn Fondúireacht Eolaíochta Éireann (SFI) deontas €585,000 ar RTÉ (2021: €825,000) chun cláracha a bhaineann le heolaíocht a dhéanamh. Fuarthas €793,000 san iomlán le linn na bliana (2021: €240,000).
Sa bhliain 2022 bhronn Cartlann an BAI deontas €867,456 ar RTÉ (2021: €nialas) chun an leabharlann chartlannaíochta agus na Scéimeanna Cartlannaíochta a dhigitiú. Fuarthas €500,372 le linn na bliana (2021: €nialas). Sa bhliain 2021 bronnadh deontas €66,911 ar RTÉ faoin scéim Fuaim & Fís de chuid BAI i leith maoiniú cláracha. Fuair RTÉ €46,707 le linn na bliana (2021: €36,338).
Bhronn an Chomhairle Ealaíon deontas €150,000 ar RTÉ sa bhliain 2022 (2021: €80,000) maidir le hOíche Chultúir. Fuarthas €150,000 le linn na bliana (2021: €80,000).
Bhronn an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (RTCEGSM) deontas €2,430,000 ar RTÉ sa bhliain 2021 maidir le hábhar a léiriú, a sholáthar agus a choimeád mar chuid de chlár comórtha Dheich mBliana na gCuimhneachán. Fuarthas €750,000 de sin le linn na bliana (2021: €500,000).
Bhronn an RTCEGSM deontas €100,000 ar RTÉ chun an Ghaeilge a chur chun cinn (2021: €100,000). Fuarthas €100,000 le linn na bliana (2021: €100,000).
Bhronn an RTCEGSM deontas arbh fhiú €129,505 san iomlán é ar RTÉ sa bhliain 2021 maidir le The Atlas of the Irish Revolution. Fuarthas €50,000 de sin le linn na bliana (2021: €nialas).
Bhronn an RTCEGSM deontas arbh fhiú €110,000 (2021:€50,000) san iomlán é ar RTÉ do na blianta 2022 agus 2023 maidir le Tionscnamh Ealaíne Digití chun nuashonrú a dhéanamh ar láithreán gréasáin This is Art. Fuarthas €110,000 le linn na bliana (2021: €50,000).
Bhronn an RTCEGSM deontas €50,000 ar RTÉ maidir le Cruinniú na nÓg. Fuarthas €50,000 le linn na bliana.
Bronnadh dhá dheontas ar RTÉ in 2020 arbh fhiú €218,476 san iomlán iad maidir le tionscadail chun comóradh a dhéanamh ar Chogadh na Saoirse agus ar an nGorta Mór. Fuarthas €120,477 de sin in 2021.
Bhronn an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta deontas €330,661 ar RTÉ maidir leis an tionscadal LIFE. Fuarthas €66,132 de sin le linn na bliana.