22. Ceangaltais, Teagmhais agus Barántais Airgeadais
(a) Ceangaltais chaipitil
Grúpa |
RTÉ |
|||
2022 |
2021 |
2022 |
2021 |
|
€’000 |
€’000 |
€’000 |
€’000 |
|
Faoi chonradh ach gan soláthar déanta ina leith |
5,398 |
2,591 |
4,176 |
2,125 |
Údaraithe ach gan conradh socraithe ina leith |
4,056 |
360 |
3,843 |
- |
9,454 |
2,951 |
8,019 |
2,125 |
(b) Ceangaltais maidir le ceannachán cláracha/ceart
Grúpa |
RTÉ |
|||
2022 |
2021 |
2022 |
2021 |
|
€’000 |
€’000 |
€’000 |
€’000 |
|
Faoi chonradh ach gan soláthar déanta ina leith |
131,767 |
68,942 |
131,767 |
68,942 |
(c) Dliteanais theagmhasacha
De bharr nádúr a oibríochtaí, tá an Grúpa ina pháirtí in imeachtaí éagsúla dlí le tríú páirtithe a d’eascair i rith gnáthchúrsaí gnó. Cé nach féidir a thomhas go cruinn an dliteanas a d’fhéadfadh a bheith ann faoi na himeachtaí éagsúla, tá an Bord sásta go bhfuil soláthar dóthanach déanta don toradh is dócha a bheidh ar na himeachtaí sin.
(d) Barántais
Amhail an 31 Nollaig 2022 cheangail RTÉ le saoráid barántais dar luach €2.3 milliún a rachaidh in éag ar an 10 Feabhra 2024.
(e) Seirbhísí teilifíse digiteacha i dTuaisceart Éireann
Tá comhfhiontar nasctha ag RTÉ le TG4 maidir le seirbhísí teilifíse digiteacha a chur ar fáil i dTuaisceart Éireann agus tá gealltanas cistíochta ar RTÉ faoin gcomhaontú sin a thiocfaidh in éag i mí Dheireadh Fómhair 2024. B’ionann an gealltanas a bhí fós ann amhail an 31 Nollaig 2022 agus €1.0 milliún.