7. Sócmhainní Doláimhsithe

(a) Aitheantas agus tomhas

A mhéid is gur dócha gur i ndán don Ghrúpa a bheidh an tairbhe eacnamaíochta a bhaineann leis an tsócmhainn amach anseo agus gur féidir costas na sócmhainne a thomhas go hiontaofa a aithnítear sócmhainn doláimhsithe, sócmhainn neamh-airgeadaíochta nach bhfuil substaint fhisiceach ag baint léi. Meastar an tsócmhainn a bheith so-aitheanta nuair atá sí indeighilte nó go n-eascraíonn sí ó chearta conarthacha nó ó chearta dlíthiúla eile, cibé acu an mbíonn na cearta sin inaistrithe nó indeighilte ón nGrúpa nó ó chearta agus oibleagáidí eile, nó nach mbíonn.

Iompraítear sócmhainní doláimhsithe ag costas lúide aon amúchadh fabhraithe agus aon chaillteanais lagaithe fabhraithe. Baineann sócmhainní doláimhsithe an Ghrúpa go hiomlán le bogearraí.

Ní dhéantar caipitliú ar chaiteachas ina dhiaidh sin ach amháin má chuireann sé le tairbhe eacnamaíochta na sócmhainne ar leith lena mbaineann sé amach anseo.

(b) Amúchadh

Déantar sócmhainní doláimhsithe, a bhfuil saolta eacnamaíochta úsáideacha teoranta acu, a amúchadh go dtí an ráiteas ioncaim ar bhonn na líne dírí thar a saolta úsáideacha measta ón dáta a mbíonn siad ar fáil le húsáid. I gcás bogearraí ríomhaire, is 3 go 5 bliana de ghnáth a bhíonn sna saolta eacnamaíocha úsáideacha.

(c) Lagú

De réir IAS 36 Lagú Sócmhainní déantar suim ghlanluacha shócmhainní doláimhsithe a athbhreithniú ar gach dáta deireadh bliana lena chinneadh cibé an bhfuil aon léiriú ar lagú agus bíonn siad faoi réir thástáil lagaithe sa chás go léiríonn imeachtaí nó athruithe ar imthosca gur féidir nach mbeidh na luachanna anonn in-aisghabhála. Má bhíonn aon léiriú den chineál sin i gceist is í suim in-aisghabhála na sócmhainní a mheastar.