8. Ionstraimí Airgeadais

(a) Ionstraimí airgeadais neamh-dhíorthaigh

Tá ionstraimí airgeadais neamh-dhíorthaigh comhdhéanta de thrádáil agus nithe infhaighte eile (gan réamhíocaíochtaí san áireamh), infheistíochtaí leachtacha, airgead tirim agus coibhéisí airgid thirim, airgead tirim srianta, iasachtaí agus iasachtaíochtaí, ioncam carntha, sochair fostaithe agus trádáil agus nithe iníoctha eile.

Aithnítear ar dtús ionstraimí airgeadais neamh-dhíorthaigh ag luach cóir. Ina dhiaidh sin tomhaistear ionstraimí airgeadais neamh-dhíorthaigh mar a leagtar amach thíos.

Infheistíochtaí i bhfochuideachtaí

Ag costas a aithnítear infheistíochtaí RTÉ i bhfochuideachtaí ina Ráiteas ar Staid Airgeadais, lúide caillteanais lagaithe.

Suimeanna infhaighte trádála agus eile

Tugtar nithe infhaighte trádála agus eile ag costas amúchta a thagann a bheag nó a mhór le luach cóir ó tharla nádúr gearrthéarmach na sócmhainní seo. Iompraítear nithe infhaighte trádála ag suim an tsonraisc bunaigh lúide aon lagú maidir le suimeanna a bhféadfadh sé tarlú nach bhféadfaí iad a in-aisghabháil. Aithnítear lagú mar sin má tá fianaise oibiachtúil ann i ndiaidh na chéad aitheanta go bhféadfadh sé nach bhféadfaí in-aisghabháil a dhéanamh ar iarmhéid go hiomlán ná cuid de.

Infheistíochtaí leachtacha

Tá infheistíochtaí leachtacha comhdhéanta de thaiscí gearrthéarmacha ag a bhfuil dáta aibíochta nach mó ná trí mhí ón dáta a bhfuarthas iad ach nach lú ná dhá mhí dhéag ó dháta dheireadh na bliana. Ó tharla aibíocht na n-infheistíochtaí seo lasmuigh den am lena rangú mar airgead tirim nó coibhéisí airgid thirim faoi IAS 7 Ráitis faoi Shreabhadh Airgid, caitear le hiarmhéideanna gaolmhara amhail is gur sócmhainní airgeadais iad agus tugtar iad ag luach cóir ar dháta tionscanta agus luaitear iad mar chostas amúchta ina dhiaidh sin. Aithnítear an t-ioncam ar na sócmhainní seo ar bhonn an ráta úis atá in éifeacht.

Airgead tirim agus coibhéisí airgid thirim

Tá airgead tirim agus coibhéisí airgid thirim comhdhéanta d’iarmhéideanna bainc agus taiscí inghlaoite atá inchomhshóite go héasca go dtí suimeanna airgid thirim a bhfuiltear ar an eolas fúthu ag a luachanna iompair nó gar dó agus bíonn faoi réir riosca neamh-shuntasach go n-athróidh luach. Sa chás is go rangaítear taiscí inghlaoite mar choibhéisí airgid thirim, is aibíocht trí mhí nó níos lú ón dáta a bhfuarthas iad a bhíonn leis na hiarmhéideanna bainteacha. Aithnítear an t-ioncam ar na sócmhainní seo ar bhonn an ráta úis atá in éifeacht.

Fiachais agus Iasachtaí

Taifeadtar fiachais agus iasachtaí ar a bhfuil ús ar dtús ag luach cóir, an luach cóir ar an gcomaoin infhaighte, glan ar chostais idirbheartaíochta a bhaineann. Ina dhiaidh sin tomhaistear iasachtaí ar ráta athraitheach ag costas amúchta ag baint leas as an modheolaíocht ráta úis atá in éifeacht.

Suimeanna iníoctha trádála agus eile

Tugtar nithe iníoctha trádála agus eile ag costas amúchta, a thagann a bheag nó a mhór le luach cóir ó tharla nádúr gearrthéarmach na sócmhainní seo.

(b) Ionstraimí airgeadais díorthaigh

Tá an Grúpa nochtaithe do rioscaí margaidh a bhaineann le hathruithe ar rátaí úis agus ar rátaí malartaithe airgeadra. Tá an Grúpa i mbun babhtáil ar ráta úis chun bainistiú a dhéanamh ar athruithe ar rátaí úis ar iasachtaí an Ghrúpa. Baintear leas as réamhchonarthaí airgeadra eachtrach chun athruithe ar Dollar SAM agus Steirling a bhainistiú maidir le hidirbheartaíochtaí tuartha. Ní théann an Grúpa i mbun conarthaí díorthaigh amhantracha.

Trí lascainiú a dhéanamh ar an sreabhadh airgid measta ar an socrú babhtála chun luach reatha a léiriú ag baint leas as an ráta margaidh cuí a chinntear luach cóir na babhtála ar ráta úis. Cinntear luach cóir na réamhchonarthaí airgeadra eachtrach bunaithe ar luach reatha an réamhphraghais atá tugtha.

Aithnítear ionstraimí airgeadais díorthaigh ag luach cóir ar dtús agus atomhaistear iad ina dhiaidh sin go dtí luach cóir gach dáta tuairiscithe. Rangaíonn an Grúpa ionstraimí airgeadais díorthaigh mar shócmhainní nó dliteanais airgeadais ag luach cóir trí bharrachas nó easnamh nó mar fháluithe sreabhaidh airgid. Cuirtear aon ghnóthachain nó caillteanais a bhíonn mar thoradh ar athruithe ar luach cóir na ndíorthach isteach díreach sa Ráiteas Ioncaim, seachas an chuid de na fáluithe sreabhaidh airgid atá ag obair agus a aithnítear sa Ráiteas faoi Ioncam Cuimsitheach (mar a bhfuil cur síos thíos air).

Fáluithe Sreabhaidh Airgid

Nuair a chuirtear tús le fálú sreabhaidh airgid ainmníonn agus cláraíonn an Grúpa go foirmiúil an gaol fáluithe inar mian leis an nGrúpa a chur i bhfeidhm i gcuntasaíocht fálaithe agus an cuspóir bainistithe riosca agus straitéis le tabhairt faoin bhfálú.

Nuair a ainmnítear ionstraim airgeadais díorthaigh ar fhálú sreabhaidh airgid dliteanas aitheanta, aithnítear cuid éifeachtach aon chaillteanais nó gnóthachain ar an ionstraim airgeadais díorthaigh go dtí díreach sa Ráiteas faoi Ioncam Cuimsitheach. Aithnítear cuid neamhéifeachtach aon ghnóthachain nó caillteanais láithreach sa Ráiteas Ioncaim. Athrangaítear an méid a charntar i gcothromas sa Ráiteas Ioncaim sa tréimhse chéanna a mbíonn tionchar ag an ní fálaithe ar an mbarrachas nó ar an easnamh.

Mura mbeidh an ionstraim fálaithe ag comhlíonadh na gcritéar do chuntasaíocht fhálaithe nó má tharraingítear siar an t-ainmniúchán cuirtear deireadh go hionchasach leis an gcuntasaíocht fhálaithe.