6. Maoin, Innealra agus Trealamh
(a) Aitheantas agus tomhas
Léirítear maoin, innealra agus trealamh ag costas stairiúil glan ar dhímheas carntha agus ar aon chaillteanas lagaithe carntha.
Áirítear ar chostas caiteachas a bhaineann go díreach le sócmhainn a éadáil. Áirítear ar chostas sócmhainne féin-tógtha costais ábhair agus saothair dhírigh agus aon chostas eile a bhain go díreach le bail oibre a chur ar an tsócmhainn don úsáid bheartaithe chomh maith leis na costais a bhain le nithe a bhaint anuas agus a thabhairt den láthair chomh maith leis an láthair ar a mbeidís a athchóiriú. Déantar bogearraí a cheannaítear atá riachtanach le go n-oibreodh trealamh a chaipitliú mar chuid den trealamh sin.
Sa chás gur dócha gur i ndán don Ghrúpa a bheidh an tairbhe eacnamaíochta a bhaineann leis an tsócmhainn agus gur féidir costas na míre ar tháinig sé ina áit a thomhas go hiontaofa áirítear costais dá éis sin i suim ghlanluacha sócmhainne nó aithnítear ina sócmhainn ar leith í, mar is cuí. Cuirtear gach costas deisithe agus cothabhála eile de mhuirear in aghaidh an Ráitis Ioncaim sa tréimhse airgeadais ina dtarlaíonn siad.
Luaitear stoic de mhionpháirteanna breise ag a gcostas nó a nglanluach inréadaithe, cibé is lú agus cuirtear san áireamh iad i dtionscadail Chaipitil atá ar bun.
(b) Dímheas
Soláthraítear dímheas ar gach maoin, innealra agus trealamh, seachas talamh ruílse, ag rátaí a ríomhtar chun costas gach sócmhainne a dhíscríobh ar bhonn na líne dírí thar a saol úsáideach measta, lúide luach iarmharach measta.
Seo a leanas na príomhrátaí a úsáidtear:
Foirgnimh |
2.5% |
- |
25% |
Innealra & trealamh |
7.5% |
- |
20% |
Fearais & feistis |
10% |
- |
25% |
Is ionann tionscadail chaipitil atá ar bun is an costas a bhaineann le maoin, innealra agus trealamh a cheannach agus a shuiteáil sula gcuirtear ag obair iad. Muirearaítear dímheas ar shócmhainní ó dháta a gcoimisiúnaithe.
Sa chás go mbíonn saolré úsáideach éagsúil ag páirteanna de mhíreanna maoine, innealra nó trealaimh is mar mhíreanna (mór-chomhpháirteanna) maoine, innealra nó trealaimh ar leithligh a dhéantar cuntas orthu agus dímheastar iad dá réir.
(c) Lagú
De réir IAS 36 I Lagú Sócmhainní déantar suim ghlanluacha foirgneamh, innealra agus trealaimh a athbhreithniú ar gach dáta deireadh bliana lena chinneadh cibé an bhfuil aon léiriú ar lagú agus bíonn siad faoi réir thástáil lagaithe sa chás go léiríonn imeachtaí nó athruithe ar imthosca gur féidir nach mbeidh na luachanna anonn in-aisghabhála. Má bhíonn aon léiriú den chineál sin i gceist is í suim in-aisghabhála na sócmhainní a mheastar.
(d) Costais iasachta
Mar chuid de chostas na sócmhainne a dhéantar caipitliú ar chostais iasachta a bhaineann go díreach leis an tsócmhainn a cheannach, a thógáil nó a tháirgeadh agus a ghlacann tréimhse shuntasach lena réiteach dá húsáid bheartaithe. Déantar gach costas iasachta eile a chuntas sa tréimhse inar tharla siad. Bíonn costais iasachta comhdhéanta d’ús agus costais eile a thabhaíonn eintiteas maidir le cistí a fháil ar iasacht.