Peig Sayers was one of the most renowned storytellers in Irish tradition. She was born in 1873 in Baile an Bhiocáire, Dún Chaoin, County Kerry. Bhí Peig Sayers ar dhuine de na seanchaithe ba mhó cáil in Éirinn. Rugadh i mBaile Bhiocáire, Dún Chaoin, Con

"... A story I heard my father tell, as he spoke of St Brendan when he was a saint here in Kerry..."

"... Scéal a chuala ag m'athair á rá, ag eachtraí ar Naomh Breandán nuair a bhí sé ina naomh anso i gCiarraí againn..."

Peig Sayers was one of the most renowned storytellers in Irish tradition. She was born in 1873 in Baile an Bhiocáire, Dún Chaoin, County Kerry. Her parents were Tomás Sayers and Mairéad Ní Bhrosnacháin. Peig married into the Great Blasket where her fame as storyteller began.

Bhí Peig Sayers ar dhuine de na seanchaithe ba mhó cáil in Éirinn. Rugadh i mBaile Bhiocáire, Dún Chaoin, Contae Chiarraí, í in 1873. Ba iad Tomás Sayers agus a bhean Mairéad Ní Bhrosnacháin a tuismitheoirí. Phós Peig isteach san Oileán, An Blascaod, agus anseo a thosaigh a cáil mar scéalaí ag teacht chun cinn.

Peig Sayers died on 8 December 1958 in the hospital in An Daingean. RTÉ, together with the National Folklore Collection UCD and Comhairle Bhéaloideas Éireann, wish to celebrate Peig’s life with "Labharfad Le Cách"/"I Will Speak To You All". The publication features Peig speaking in Irish with an introduction, transcribed and annotated text, and translations from Prof Bo Almqvist and Dr Pádraig Ó Héalaí. The Radio Éireann recordings were made by the piper and folk music and song collector Séamus Ennis and the broadcaster Seán Mac Réamoinn on 6 and 7 November 1947.

Fuair Peig Sayers bás ar an 8 Nollaig in ospidéal an Daingin. Tá RTÉ, in éineacht le Cnuasach Bhéaloideas Éireann agus Comhairle Bhéaloideas, ag déanamh ceiliúrtha ar shaol Pheig san leabhair "Labharfad le Cách". Is éard atá ann taifeadtaí fuaime de Pheig ag labhairt i nGaeilge le réamhrá, trascríobh agus nótaí maille le haistriúchán ón Oll Bo Almqvist agus an Dr Pádraig Ó Héalaí. Ba iad Séamus Mac Aonghusa, an píobaire agus bailitheoir lánaimseartha ceoil agus amhrán agus an craoltóir Seán Mac Réamoinn a rinne na taifeadtaí de chuid Radio Éireann ar an 6 agus 7 Samhain 1947.

For generations, Peig’s first telling of her life story, "Peig" (1936), has been a central text on the secondary school curriculum, and many of us studied it for the Leaving Certificate examination. Her second book, "Machnamh Seanmhná", was published in 1939 and translated by Séamus Ennis with the title "An Old Woman’s Reflections" in 1962. Now we can listen to Peig’s voice as she tells us her stories and meet her in a way never possible before.

Le blianta fada bhí insint bheathaisnéis Pheig (1936) ina théacs lárnach ar churaclam meánscoile na hÉireann agus is iomaí duine a rinne staidéar air do scrúdú na hArdteistiméireachta. Foilsíodh an dara leabhair uaithi "Machnamh Seanmhná" in 1939 agus rinne Séamus Mac Aonghusa é a aistriú agus an teideal "An Old Woman’s Reflections" air in 1962.

Deis nua í seo éisteacht le glór Pheig agus í ag seanchas agus ag inseacht scéalta. Deis í seo aithne a chur ar bhanscéalaí a raibh agus a bhfuil clú i bhfad is i gcéin uirthi - clú nach raibh ar bhanscéalaí ar bith eile.

Ríonach uí Ógáin agus Anne O’Connor