Sceilg Mhichíl

Tá sé tugtha le fios ag Oifig na nOibreacha Poiblí, do Nuacht an Deiscirt  go bhfuil  foireann deisiúcháin agus innealra trom dá gcuid á chur acu chomh fada le Sceilg Mhichíl amach ó Chósta Theas Chiarraí  inniu, leis an damáiste a dhein Bollán Cloiche a thit ón bhfána las'n'airde do bhóthar an tí solais ar an Oileán tráthnóna inné a mheas. Dúirt a nOifigeach caidreamh Poiblí Colette Davis go bhfuil súil acu ag a bpointe seo go mbeidh siad ag oscailt do thurasoirí Dé Sathairn seo chughain mar a bhí beartaithe, ach ná féidir leí é sin a chinntiu go fóill go dtí go mbeidh iniúchadh ceart déanta ag an bhfoireann ar an láthair.

Tionóisc bhóthair

Tá Gardaí sa Trá Mhór i bPort Láirge i mbun fiosraithe maidir le tionoisc bóthair,ina maraíodh tiománaí aonair, fear blianta le cois na fiche bliain ar an N25 in aice le Cill Mhic Thomáisin sa Chontae ar a 10 chun a 8 maidin inniu. Tharla an tionoisc nuair a bhuail Leoraí agus mótar i  gcoinne a chéile. Ní gortaíodh tiománai an Leoraí.

Gradaim le bronnadh

Ag ócáid a bheidh ar bun in Ostaán na Ros i dTrá Li istoíche amaireach bronnfar gradaim faoin Sceim Forbartha Fiontair Aitiuil ar cheithre cinn de chomhlachtaí beaga nua bhunaithe i gCiarraí.
Sí seo an chéad bhliain ar an bhfód ag an gclár seo inar ghlac suas le daichead éigin comhlacht páirt ar dtúis.
Fogrófar na buaiteoirí ag an ocáid is d'oíche amaireach, dhá chomhlacht ó Chiarrai Theas agus dhá cheann eile ó Chiarraí Thuaidh.