Tá beirt ainmnithe ag an Rialtas le teacht i gcomharbacht ar Phil Hogan mar Choimisinéir Eorpach.
Sin iad Leas-Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Mairéad McGuinness, agus iar-leasuachtarán an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, Andrew McDowell.
D'éirigh Phil Hogan as mar Choimisinéir Trádala an tseachtain seo caite faoi gur sháraigh sé srianta Covid-19 agus é ar cuairt ar Éirinn ón mBruiséil le gairid.
Bhí iarrtha ag Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen ar an Rialtas fear agus bean a ainmniú le go gceapfadh sí féin duine acu le teacht in áit Phil Hogan.
Tá an dís iarrthóirí bainteach le Fine Gael, mar a bhí Phil Hogan féin.
Is feisire Fhine Gael i bParlaimint na hEorpa í Mairéad McGuinness agus bhí Andrew McDowell ina chomhairleoir eacnamaíochta ag an iarThaoiseach Enda Kenny.
Deimhníodh na haimniúcháin ag cruinniú Rialtais tráthnóna.
I ráiteas a chuir sí amach, dúirt Ursula von der Leyen go gcuirfidh sí agallamh ar an mbeirt iomaitheoirí an tseachtain seo chugainn.