skip to main content

Athair, iníon a bhí sa bhí bheirt a fuarthas marbh i bhFionnghlas

Fuarthas coirp na beirte ina dteach cónaithe in Ardán Ghort an Fhraoigh i bhFionnghlas tráthnóna Dé Sathairn
Fuarthas coirp na beirte ina dteach cónaithe in Ardán Ghort an Fhraoigh i bhFionnghlas tráthnóna Dé Sathairn

Creideann na Gardaí gur dúnmharú agus féinmharú a bhí i mbású cailín óig agus a hathar i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath ar an deireadh seachtaine.

Fuarthas coirp na beirte ina dteach cónaithe in Ardán Ghort an Fhraoigh i bhFionnghlas go gairid roimh 8 a chlog tráthnóna Dé Sathairn.

B'in iad Krzysztof Daczkowski, a bhí 50 bliain d'aois, agus Julia Daczkowsa, a bhí cúig bliana, ar de bhunadh na Polainne iad.

Ba í máthair an chailín a tháinig ar na coirp nuair a tháinig sí abhaile ón obair.

Bhí corp an athar in aice an staighre agus bhí corp na hiníne i seomra codlata.

Tá scrúduithe iarbháis le déanamh ar na coirp inniu.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ